‘Imní’ ar Chearta Oideachais go mbeidh ar pháistí le Gaeilge ó dhúchas freastal ar scoileanna Béarla

Tá an grúpa feachtais Cearta Oideachais buartha go gcuirfidh reachtaíocht nua bac ar Ghaelscoileanna ‘tús áite a thabhairt do pháistí le Gaeilge ó dhúchas’

classroom-824120_1920

Tá “imní” ar an ngrúpa feachtais Cearta Oideachais go gcuirfí bac ar Ghaelscoileanna “tús áite a thabhairt do pháistí le Gaeilge ó dhúchas” ina gcuid polasaithe iontrála de bharr na bhforálacha atá sa Bhille Iontrála Scoile a foilsíodh an tseachtain seo caite.

Dúirt an grúpa inniu go bhfuil “an chontúirt ann” nach mbeidh teacht ag páistí le Gaeilge ar oideachas ina dteanga féin toisc “nach bhfuil an Stát ag freastal ar an éileamh atá ann ar oideachas trí mheán na Gaeilge” agus go mbeidh “ar roinnt páistí le Gaeilge ó dhúchas freastal ar scoileanna Béarla”.

Má achtaítear an Bille nua beidh bac ar scoileanna bualadh le tuismitheoirí nó le páistí mar chuid den phróiseas iontrála. Is é an rialachán sin is mó atá ag déanamh imní do Chearta Oideachais mar go gcuirfeadh sé cosc ar scoileanna a chuireann oideachas ar fáil trí Ghaeilge “a dheimhniú” go “bhfuiltear [tuismitheoirí] ag tógáil na bpáistí le Gaeilge”.

“Aontaíonn Cearta Oideachais le prionsabal an bhille seo, is é sin go bhfuil an teacht céanna ag gach páiste ar oideachas. Beidh an ceart ag páistí atá á dtógáil le Béarla oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla i gcónaí ach tá sé tábhachtach go mbeadh an ceart céanna ag páistí atá á dtógáil le Gaeilge oideachas a fháil ina dteanga féin, chomh maith,” a dúirt Barbara Uí Mhuirthile, urlabhraí an ghrúpa Cearta Oideachais.

Dúirt sí freisin go mbeadh an grúpa ag obair le “daoine eile” chun a chinntiú go mbeidh cosaint ar chearta páistí atá á dtógáil le Gaeilge sa Bhille.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Cé nach bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, tá lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille beidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Má achtaítear an Bille beidh dualgas ar an Aire faoin alt céanna, Alt 64, rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna iachall a chur ar dhalta, nó a thuismitheoirí, teacht chun agallaimh, lá oscailte nó cruinniú de shaghas eile mar choinníoll iontrála.

Is minic leas á bhaint as agallaimh ag scoileanna a bhfuil polasaí Gaeilge acu chun measúnú a dhéanamh ar chumas teanga.

Tá sé i gceist ag an Aire Richard Bruton an bille nua a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus é a bheith achtaithe roimh Mheán Fómhair 2017, mar atá geallta i gclár an Rialtais.

Fág freagra ar '‘Imní’ ar Chearta Oideachais go mbeidh ar pháistí le Gaeilge ó dhúchas freastal ar scoileanna Béarla'

  • Róisín

    Tá gá le cearta ag gach léibhéal- naíonraí, bunscoil, meánscoil agus ag an triú leibhéal mar a bhfuil cuótaí á gcur i bhfeidhm in áiteanna áirithe maidir le cearta leanúint leis an nGaeilge sa dara bliain.

    Is cóir pleanáil fhadthréimhseach a dhéanamh maidir le soláthar gaeloideachais go háirithe ag leibhéal réamhscoile. Ba cheart an argóint seo a dhéanamh laistigh de dhíoscúrsa a dheimhníonn an ceart atá ag gach leanbh agus duine óg teacht a bheith acu ar ardtheagasc Gaeilge, bíodh sin laistigh nó lasmuigh den Ghaeloideachas. Tá gá le hoiliúint a chur ar oideachasóirí i réimse na réamhscolaíochta maidir leis an nGaeilge a úsáid ag léibhéal réamhscoile- i ngach ionad, ní sna naíonraí amháin.

    Níor chóir dúinne, tuismitheoirí a thógann leanaí le Gaeilge sinn féin a chur in iúl mar bhrúghrúpa mionlaigh. Is ionann an Ghaeilge agus céad teanga oifigiúil an stáit, sin é a thús agus a dheireadh.

    Maidir leis an rialtas, admhaíodh mo cheart féin freastal ar mheánscoil Ghaeilge go hindíreach (agus is dócha go ndéantar fós) nuair a íocadh an táille bus dom chun taisteal go Gaelscoil nuair nach raibh ceann ar fáil níos giorra do bhaile.