‘Imní’ ar cheannaire an TUV go ‘ngéillfidh’ an DUP d’Acht Gaeilge agus do ‘dhíBhreatainiú’ an Tuaiscirt

Dúirt Jim Allister go bhféadfadh “impleachtaí tromchúiseacha” a bheith ag Acht Gaeilge sa Tuaisceart

‘Imní’ ar cheannaire an TUV go ‘ngéillfidh’ an DUP d’Acht Gaeilge agus do ‘dhíBhreatainiú’ an Tuaiscirt

Tá  “imní” Jim Allister, ceannaire an Pháirtí Traidisiúnta Aontachach (TUV), go n-aontóidh an DUP le hAcht Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh.

Dúirt Allister go bhféadfadh “impleachtaí tromchúiseacha” a bheith ag Acht Gaeilge sa Tuaisceart agus go scaoilfeadh an DUP na contúirtí sin tharstu le “greim a choinneáil” ar an gcumhacht i Stormont.

“Dá dtabharfaí an t-aitheantas don Ghaeilge atá á éileamh ag Sinn Féin, ba gheall le sealán faoinár muineál é ó thaobh cúrsaí airgid de agus ba chéim eile a bheadh ann i ‘ndíBhreatainiú’ Thuaisceart Éireann. Agus is í sin an bhunsprioc atá acu.

“Thabharfadh [Acht Gaeilge] an ceart duit Gaeilge a labhairt sa chúirt agus chaithfí gach rud a deirtear sa Tionól a aistriú go Gaeilge. Sin an cineál éilimh atá ag Sinn Féin,” a dúirt sé.

Léirigh sé imní freisin faoi stádas na Gaeilge mar theanga de chuid an Stáit ó thuaidh, agus go mbeadh costas mór millteach i gceist leis an Acht, dá dtabharfaí isteach é.

“An ndéarfar go mbeidh dhá theanga oifigiúla ag Tuaisceart Éireann? An dtabharfar stádas mar theanga oifigiúil don Ghaeilge? An gcumfar ainmneacha Gaeilge do thithe an Tionóil? An mbeidh comharthaíocht Ghaeilge ag teastáil sna cúirteanna? An mbeidh stáiseanóireacht an rialtais dátheangach? Cá stopfaimid?

“Bheadh costas mór millteach i gceist. Do Shinn Féin, is é atá sa cheist seo an tionchar atá ag an mBreatain ar an tír seo a laghdú. Ní dóigh liom gur féidir géilleadh dóibh maidir le hAcht Teanga ach ní bheadh muinín agam nach ngéillfeadh an DUP don éileamh,” a dúirt Allister.

Dúirt sé go dtarlaíonn sé go minic nach mbítear sásta leis an méid a thugtar agus go n-éilítear tuilleadh lena chois. Dúirt sé go bhfuil eagla air gur amhlaidh a tharlódh i gcás an Achta Gaeilge agus Sinn Féin.

Sa phlécháipéis faoi Acht Gaeilge a d’eisigh Conradh na Gaeilge an mhí seo, maítear go gcosnódh an reachtaíocht £2m in aghaidh na bliana agus £9m thar thréimhse cúig bliana.

Déantar costáil sa phlécháipéis nua ar an soláthar don Ghaeilge a dhéanfaí san Acht i dTionól Stormont, sna húdaráis áitiúla, i gcúrsaí craolacháin agus sa roinn oideachais. Tá caiteachas luaite chomh maith le Coimisinéir Teanga agus le húsáid logainmneacha Gaeilge.

Mhaígh an DUP go gcosnódh sé £100 milliún sa bhliain Acht dá leithéid a thabhairt isteach. Figiúr ‘a fuair an DUP ó Phlútó’ a thug an t-iar-aire airgeadais Máirtín Ó Muilleoir ar an meastachán sin.

Fág freagra ar '‘Imní’ ar cheannaire an TUV go ‘ngéillfidh’ an DUP d’Acht Gaeilge agus do ‘dhíBhreatainiú’ an Tuaiscirt'