Imircigh á gcur ag obair go mídhleathach ar bháid iascaireachta in Éirinn

Léiríonn fiosrúchán atá ar bun le bliain anuas ag an Guardian go bhfuil daoine á gcur ag obair go mídhleathach chun cloicheáin (ribí róibéis) agus faoitín a iascach ar bháid a thagann i dtír i gcalafoirt ó Chorcaigh go Gaillimh

 

Screen Shot 2015-11-02 at 18.18.38

Tá imircigh ón Afraic agus ón Áise á gcur ag obair go mídhleathach ar bháid iascaireachta in Éirinn, de réir tuairisce atá foilsithe ar an Guardian inniu.

Táthar ag teacht i dtír ar na daoine seo agus níltear á n-íoc mar is ceart.

Léiríonn fiosrúchán atá ar bun le bliain anuas ag an Guardian go bhfuil daoine as tíortha mar Ghána, na hOileáin Fhilipíneacha, an Éigipt agus an Ind á gcur ag obair go mídhleathach chun cloicheáin (ribí róibéis) agus faoitín a iascach ar bháid a thagann i dtír i gcalafoirt ó Chorcaigh go Gaillimh.

Tá sé ráite ag na himircigh seo nach féidir leo na báid a fhágáil ach amháin má thugann a scipéirí cead dóibh sin a dhéanamh. Deir siad chomh maith nach bhfuil ach leath a oiread pá á fháil acu is a bheadh dlite dóibh dá mbeifí á bhfostú go dleathach sa tír.

Tuairiscíonn siad freisin go bhfuil codladh á shéanadh orthu agus go bhfuiltear ag cur iachaill orthu oibriú ar feadh laethanta agus oícheanta móra fada as a chéile, gan sos ceart a fháil.

Maíonn cuid acu gur cuireadh dallamullóg orthu sular tugadh isteach ar na báid iad in aghaidh a dtola, mí-úsáid arb ionann í agus cineál sclábhaíochta sa lá inniu.

Tuairiscítear in alt an Guardian inniu go bhfuil oibrithe as an Aifric agus as na hOileáin Fhilipíneacha á dtabhairt isteach go dtí Aerfort Heathrow i Londain agus ansin go hAerphort Bhéal Feirste. Tugtar thar teorainn isteach go dtí Poblacht na hÉireann iad sa tslí is gur féidir leo lucht rialaithe inimirce a sheachaint.

Déantar pasanna, postanna agus aistir farraige a shocrú dóibh agus baintear airgead mór astu as a n-ucht sin i dtreo is go gcaithfidh siad na daoine a fhostaíonn iad a íoc ar ais agus go bhfuil siad i mbraighdeanas mar gheall ar na fiacha atá orthu.

Tuilleadh anseo

Fág freagra ar 'Imircigh á gcur ag obair go mídhleathach ar bháid iascaireachta in Éirinn'