Imeachtaí Phuball na Gaeilge ag Electric Picnic fógartha

Deir lucht eagraithe na féile go mbeidh Puball Gaeilge na bliana seo ‘níos mó ná mar a bhí riamh’ ag Electric Picnic a bheidh ar siúl i mí Mheán Fómhair

Imeachtaí Phuball na Gaeilge ag Electric Picnic fógartha

Beidh ceol, filíocht agus draíocht ar an stáitse sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic na bliana seo, a bheidh ar siúl an 2 – 4 Meán Fómhair sa Sráidbhaile i gContae Laoise.

Fógraíodh an tseachtain seo cuid de na ceoltóirí agus grúpaí eile a bheidh ar an stáitse sa Mindfield ag an deireadh seachtaine. Maítear ar shuíomh oifigiúil na féile go mbeidh Puball Gaeilge na bliana “níos mó ná riamh” agus go gceiliúrfar “gach a bhfuil iontach faoin nGaeilge” ann.

Ar chlár na bliana seo beidh Tara Mooney, ceoltóir as Contae an Chláir; Tebi Rex, ceoltóirí pop agus rap as Maigh Nuad; Tura Arutura, an Siombábach Gaelach; agus Niamh de Barra, ceoltóir clasaiceach a úsáideann an cello agus an guth lúbtha le ceol nua a chruthú.

Beidh filí ‘Reic’ i láthair freisin agus an ócáid sin á cur i láthair ag Ciara Ní Éanacháin agus an ‘Cabaret Craiceáilte’ á cur i láthair ag an gcraoltóir mór le rá Rónán Mac Aodha Bhuí.

Beidh an draíodóir Paul Gleeson ann lena sheó draíochta ‘Rua’ agus seisiún ‘Google Gaeilge Karaoke’ nuair a bheidh deis ag an lucht freastail iarracht a thabhairt faoi amhráin pop ó na 1980í a cuireadh trí Google Translate a chanadh os comhair an tslua.

Reáchtálfaidh lucht eagraithe na féile Imbolc, a bhíonn ar siúl i mí Feabhra i Múscraí, imeacht sa Phuball Gaeilge freisin – leagan dá bhféile féin ina dtugtar cainteanna gairide faoi ábhair éagsúla.

Tá ticéid don Electric Picnic díolta amach le tamall anuas.

Fág freagra ar 'Imeachtaí Phuball na Gaeilge ag Electric Picnic fógartha'