IMEACHTAÍ – Oireachtas na Gaeilge 2014

Súil ar a bhfuil ag tarlú ó inniu go gceann ceithre lá ag Oireachtas na Gaeilge, Cill Airne. 

cwp113Oireachtas_03NovA

Déardaoin, 30 Deireadh Fómhair


9i.n. DRÁMA: ‘Líon Mo Bhearna’, le Splódar. I lár bhroid agus ruathair an domhain seo, domhan nua-aoiseach aonarach, aimsíonn Siobhan agus Séamas bearna sa mhargadh agus eagraíonn siad oíche luas chliúsaíochta do Ghaeil uaigneacha na tíre. Leagan Gaeilge den gheandráma iomráiteach ‘Tick My Box’ le Inis Theatre atá sa dráma seo. Ionad: Amharclann Óstán Brehon


10.15i.n: CEOLCHOIRM: Ceiliúradh ar Shéamus Begley, fear ceoil agus amhrán a bhfuil cáil amach ar fud na cruinne. Beidh scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe, in éineacht leis; Sharon Shannon, Dermot Byrne, Steve Cooney, Jim Murray, Oisín Mac Diarmada, Noel Hill, Mairéad Ní Mhaonaigh, Joe Burke, Rita Connolly, Rinceoirí Seite Chiarraí Thiar, a theaghlach féin agus a mhuintir ó Bhaile na bPoc, agus tuilleadh eile nach iad. Ionad: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle.


10.30i.n. CLUB NA FÉILE: Johnny Connolly, Ray Mac Mánais, Meaití Jó Shéamais & Gearóid Ó Mórdha. Scoth an ceoil, scoth na gceoltóirí agus fíor-scoth an chomhluadair! Ionad: Ballroom, Óstán Gleneagle


 

Dé hAoine, 31 Deireadh Fómhair


COMÓRTAIS ARDÁIN DO DHAOINE ÓGA


9:30r.n COMÓRTAS 8: ‘Amhránaíocht ar an Sean-Nós (faoi 12)’, dhá amhrán de rogha an iomaitheora, amhrán mall agus amhrán tapa. Gearóid de Mórdha atá mar fhear an tí. Ionad: Amharclann, Óstán Brehon


9.30r.n COMÓRTAS 9: ‘Amhránaíocht ar an Sean-Nós (12-15)’, dhá amhrán de rogha an iomaitheora, amhrán mall agus amhrán tapa. Máirín Uí Chonghaile atá mar bhean an tí. Ionad: Seomra ‘Park’, Óstán Brehon


9.30r.n COMÓRTAS 10: ‘Amhránaíocht ar an Sean-Nós (15-18)’, dhá amhrán de rogha an iomaitheora, amhrán mall agus amhrán tapa. Máire Ní Laoire atá mar bhean an tí. Ionad: SeomraInis Faithleann, Óstán Gleneagle


9.30r.n COMÓRTAS 2: ‘Réamhbhabhta Rince Aonair ar an Sean-Nós (faoi 12)’, damhsa aonair i stíl thraidisiúnta / réigiúnach na hÉireann. Ionad: Halla Mangerton, Óstán Gleneagle


9.30r.n COMÓRTAS 4: ‘Réamhbhabhta Rince Aonair ar an Sean-Nós (15-18)’, damhsa aonair i stíl thraidisiúnta / réigiúnach na hÉireann. Ionad: Ballroom, Óstán Gleneagle


10.00 r.n. COMÓRTAS 3: ‘Réamhbhabhta Rince Aonair ar an Sean-Nós (12-15)’, damhsa aonair i stíl thraidisiúnta / réigiúnach na hÉireann. Ionad: INEC


10.15 r.n. CRAOLADH BEO: ‘Sinéad ar Maidin’, beo ón bhféile ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ionad: An Ródaí


COMÓRTAIS ARDÁIN DO DHAOINE FÁSTA


11.00 r.n. COMÓRTAS 34: ‘Amhránaíocht ar an Sean-Nós do Mhná (os cionn 35)’, dhá amhrán de rogha an iomaitheora (i) amhrán mall agus (ii) ar athghlaoch amhrán tapa. Ionad: Seomra na Locha, Óstán Malton


11.r.n COMÓRTAS 35: ‘Amhránaíocht ar an Sean-Nós d’Fhir (os cionn 35)’, dhá amhrán de rogha an iomaitheora (i) amhrán mall agus (ii) ar athghlaoch amhrán tapa .Ionad: Amharclann, Óstán Malton


11 r.n CRAOLADH BEO: Chomhchraoladh idir Raidió Fáilte 107.1FM (Béal Feirste) & Raidió na Life 106.4FM (Baile Átha Cliath). Beidh plé ar an cheist ‘ “An bhfuil traidisiún dúchais na Gaeilge á chailliúint ag an aos óg?”. Cuirtear fáilte roimh chách! Ionad: An Lobbaí, Óstán Gleneagle


11.r.n CAINT: ‘Fóram na Scríbhneoirí’, pléifidh pánáil de chainteoirí (Pádraig Mac Fhearghusa, Máire Ní Annracháin, Gabriel Rosenstock & Micheál Ó Ruairc) na constaicí atá ar scríbhneoirí Gaeilge dul leis an scríbhneoireacht mar ghairm beatha faoi theideal ‘Scríbhneoireachta na Gaeilge: Gairm Beatha nó caitheamh aimsire’. Ionad: An Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, INEC.


12.10 i.n CRAOLADH BEO: ‘AN SAOL Ó DHEAS’. Beidh Helen Ní Shé ag craoladh beo ón Oireachtas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ionad: An Ródaí


12.30 i.n. COMÓRTAS 31: ‘Amhránaíocht Aonair nach Sean-Nós’, dhá amhrán le canadh gan tionlacan, i stíl nach sean-nós í.Tá an comórtas oscailte d’fhir agus do mhná. Ionad: SeomraInis Faithleann, Óstán Gleneagle


1.00i.n SEOLADH LEABHAIR: ‘Scéalta ó Ros Dugáin Mór’, le Louis Mac an Iomaire. Siar linn ar bhóithrín na smaointe freisin, mar a gcíorann is a gceiliúrann Mac an Iomaire saol a phobail féin ag éirí aníos dó i Ros Dugáin sna caogaidí. Ba chrua an saol é, ach an bhfuil muid níos fearr as sa lá atá inniu ann? Arna foilsiú ag Breacadh. Ionad: Óstán an Gleneagle


COMÓRTAIS ARDÁIN DO DHAOINE FÁSTA


1.30 i.n.COMÓRTAS 24: ‘Réamhbhabhta Rince Aonair ar an Sean-Nós (Daoine Fásta)’, damhsa aonair i stíl thraidisiúnta / réigiúnach na hÉireann. Ballroom, Óstán Gleneagle


2.00 i.n. COMÓRTAS 36: ‘Amhránaíocht ar an Sean-Nós d’ Amhránaithe faoi 35 (Mná)’, dhá amhrán dúchasach de rogha an iomaitheora (i) amhrán mall agus (ii) ar athghlaoch amhrán tapaigh. Ionad: Seomra na Locha, Óstán Malton


2.00i.n COMÓRTAS 37: ‘Amhránaíocht ar an Sean-Nós d’ Amhránaithe faoi 35 (Fir)’, dhá amhrán dúchasach de rogha an iomaitheora (i) amhrán mall agus (ii) ar athghlaoch amhrán tapaidh. Ionad: Amharclann, Óstán Malton


2.30i.n. COMÓRTAS 28 & 29: ‘Agallamh Beirte & Sceitse’, díospóireacht nó aighneas nuacheaptha, nach ndearnadh taispeántas air roimhe seo, i bprós nó i bhfilíocht, gan dul thar dheich nóiméad. Beirt a bheith páirteach i ngach iarracht, ag freagairt a chéile le caint dheisbhéalach, shaibhir, fhileata, nádúrtha. Ionad: Amharclann, Óstán Brehon


3.00i.n. CRAOLADH BEO: ‘RÓNÁN BEO@3’, Beo ón Oireachtas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Ionad: Lobbaí, Óstán Gleneagle


3.00i.n. CEARDLANN: ‘Ag Cothú Físeán le iPad’. Arna eagrú ag Gréasán na Meán. Ionad: An Seomra Comhdhála


3.30i.n. SEOLADH LEABHAIR: ‘An Bíobla do Pháistí, Scéalta ón Sean-Tiomna agus ón Tiomna Nua inse ag Pat Alexander, aistrithe ag Donla Uí Bhraonáin. Arna fhoilsiú ag Foilseacháin Ábhair Spioradálta. Ionad: Ionad na Seastán, Leibhéal 1, INEC.


4.30i.n. SEOLADH LEABHAIR: ‘An Bogha Báistí’, dánta nua do pháistí óga, le Frankie Leonard; maisithe ag Niamh Leonard. Arna fhoilsiú ag Éabhlóid. Ionad: Ionad na Seastán, Leibhéal 1, INEC


5.00i.n. COMÓRTAS 32: ‘Amhráin Nua-Chumtha’, amhrán nua a cheapadh d’fhonn traidisiúnta. Ionad: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle


5.00i.n. SEOLADH CLÁIR TEILIFÍSE: ‘Enigma De Blaghd’. Scéal Earnán de Blaghd, Aontachtach, a chaith a shaol ag gníomhú ar son na hÉireann, i dtosach san IRB agus níos déanaí mar Aire Airgeadais sa stát óg, nua. Páirteach sa chlár, tá an tOllamh John A Murphy, Pádraig Ó Snodaigh, an Dr Maurice Manning agus an Tiarna Kilclooney. Ionad: Ballroom, Óstán Gleneagle


6.00i.n. CRAOLADH BEO: ‘Nuacht TG4 beo ón Oireachtas’,nuacht iomlán an lae agus tuairisc ar imeachtaí na féile. Ionad: Lobbaí, Óstán Gleneagle


7.00i.n. COMÓRTAS 39: ‘Amhránaíocht ar an Sean-Nós’ Mór-Chomórtas na bhFear Ar RTÉ Raidió na Gaeltachta & ar www.tg4.tv. Dhá amhrán dúchasach de rogha an iomaitheora atá le canadh (i) amhrán mall agus (ii) ar athghlaoch amhrán tapa. Beidh an buaiteoir agus an té a thagann sa dara háit cáilithe le páirt a ghlacadh i gComórtas Chorn Uí Riada sa bhliain 2015. Freisin, rachaidh buaiteoir an chomórtais seo ar aghaidh le páirt a ghlacadh ar son na hÉireann ag an bhFéile Pan Cheilteach i 2015. Ionad: INEC


7.00i.n DRÁMA: ‘Líon Mo Bhearna’, le Splódar. I lár bhroid agus ruathair an domhain seo, domhan nua-aoiseach aonarach, aimsíonn Siobhan agus Séamas bearna sa mhargadh agus eagraíonn siad oíche luaschliúsaíochta do Ghaeil uaigneacha na tíre. Leagan Gaeilge den gheandráma iomráiteach ‘Tick My Box’ le Inis Theatre atá sa dráma seo. Ionad: Amharclann Ostán Brehon


7.30i.n. COMÓRTAS 26: ‘Scéalaíocht –Comórtas Cáilithe (Daoine Fásta)’ Seanscéal le hinsint i stíl traidisiúnta. Beidh buaiteoir an chomórtais seo cáilithe le páirt a ghlacadh sa Phríomhchomórtas Scéalaíochta sa bhliain 2015, agus gach bliain ina dhiaidh sin. Ionad: SeomraInis Faithleann, Óstán Gleneagle


9.00i.n. CÓISIR BRÉAGÉIDE NA SAMHNA: Ócáid na Mac Léinn Tríú Leibhéal Ionad: Ballroom, Óstán Gleneagle


9.00i.n. DRÁMA: ‘Ullysses faoi Bhláth’ le Splódar. Leagan Gaeilge den dráma ‘Blooming Ullysses’, atá bunaithe ar leabhar iomráiteach James Joyce, athchóirithe ag Gearóid Ó Fearghaíl, aistrithe ag Proinn Ó Duigneáin. Ionad: Amharclann, Óstán Brehon


10.00i.n CABARET CRAICEÁILTE: Féasta d’aíonna speisialta i gcomhluadar Rónáin Mhic Aodha Bhuí, ina measc, Seo Linn,an grúpa ceoil is iomráití i saol na nGael faoi láthair; Bréag,an banna Reggae/Skais fearr in Éirinn; Scannall (Bréanainn Ó Beaglaoich & Peter Staunton) ceol Gaelach meascthale buillíagus beagán craiceáil; The Temporary, rac-cheol, ceol traidisiúnta & teicneo leis Na Sealadaigh as Conamara Ní móra bheith ann lena bhfeiceáil, lena gcloisteáil, lena mothú! Ionad: Ballroom, Óstán Gleneagle


10.00i.n CLUB NA FÉILE: Pádraig Ó Sé & a chairde Ionad: INEC


10.30i.n CLUB AMHRÁNAÍOCHTA: ‘Casadh an tSúgáin’ le Deirdre Nic Éanruig Ionad: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle


Dé Sathairn, 1 Samhain


9.30i.n. COMÓRTAIS ARDÁIN DAOINE FÁSTA


9.30i.n. COMÓRTAS 20: An Phíb Uilleann. Beidh ceithre phíosa ceoil, gan dul thar trí nóiméad le haon cheann acu, le seinm ag iomaitheoirí: (i) Fonn mall*; (ii) Port; (iii) Ríl; agus (iv) Cornphíopa nó (v) fonn amháin eile as an ngnáth-thraidisiún Gaelach nach port nó ríl nó fonn mall atá ann. Is féidir dhá phort nó dhá ríl as a chéile a sheinm, de réir rogha an iomaitheora, ach iarrtar gan dul thar 3 nóiméad le haon phíosa. Ionad: Amharclann, Óstán Brehon


10.00i.n COMÓRTAS 21: Veidhlín Beidh ceithre phíosa ceoil, gan dul thar trí nóiméad le haon cheann acu, le seinm ag iomaitheoirí: (i) Fonn mall*; (ii) Port; (iii) Ríl; agus (iv) Cornphíopa nó (v) fonn amháin eile as an ngnáth-thraidisiún Gaelach nach port nó ríl nó fonn mall atá ann. Is féidir dhá phort nó dhá ríl as a chéile a sheinm, de réir rogha an iomaitheora, ach iarrtar gan dul thar 3 nóiméad le haon phíosa. Ionad: Seomra‘Park’, Óstán Brehon


10.00i.n COMÓRTAS 27: PRÍOMHCHOMÓRTAS ‘Scéalaíocht’, seanscéal le hinsint i stíl traidisiúnta. Iarrfar ar gach iomaitheoir scéal amháin as na trí cinn a bheidh réamhainmnithe aige/aici a rá.Teorainn ama: fiche nóiméad. Ionad: SeomraInis Faithleann, Óstán Gleneagle


11.00r.n CRUINNIÚ EOLAIS ‘Turasóireacht na Gaelainne’, arna eagrú ag Grúpa Oibre Thurasóireacht na Gaelainne. Ionad: An Seomra Comhdhála, Leibhéal 1, INEC


11.00r.n. SEIMINEÁR: ‘Ár dTeanga, Ár dTodhchaí, Ár nDualgais’, a phlé ag pánáil de chainteoirí (Laura Harmon, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Ciarán Ó Feinneadha, Gníomhaí Teanga Ciarán Mac Giolla Bhéin, Conradh na Gaeilge agus Bláthnaid Ní Chofaigh, Craoltóir Teilifíse) Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge atá mar chathaoirleach ar sheimineár Chonradh naGaeilge. Ionad: Ballroom, Óstán Gleneagle


11.00r.n ÓCÁID: Cúla4 na nÓg Taispeánfar an clár ‘Saol faoi Shráid’, clár úr puipéadóireachta agus reáchtálfar Ceardlann Ealaíne Cúla4 na nÓg ina dhiaidh. Ionad: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle


11.30r.n SEOLADH LEABHAIR: Seolfaidh Uachtarán an Oireachtais, Pádraig Ó Héalaí, saothar nua le Breandán Mac Gearailt, ‘Seanfhocail gan Sárú agus nathanna eile’. Tá ciall, taithí agus greann na ndaoine le fáil sna seanfhocail agus comhairle ár leasa go minic. Leis an leabhar seo anois, ní bheidh aon leithscéal ag aon duine a rá ná tuigeann siad seanfhocail. Tá ann leis ráitis agus crua-fhocail a thabharfadh caoi do dhaoine deisbhéalacha a gceird a chleachtadh. Dómhnal Ó Bric a mhaisigh an leabhar agus Aindrias Ó Cathasaigh á chóirigh. Arna fhoilsiú ag Coiscéim. Ionad: Ionad na Seastán, Leibhéal 1, INEC


12.00i.n.CEARDLANN: ‘Ag Cothú Físeán le iPad’ Seisiún 2 uair an chloig. Arna eagrú ag Gréasán na Meán. Ionad: An Seomra Comhdhála


12.10i.n. CRAOLADH BEO: ‘TOGHA & ROGHA’ Beo ón Oireachtas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta Ionad: Lobbaí, Óstán Gleneagle


12.30i.n COMÓRTAS 23: Ceol Beirte, dhá uirlis éagsúla. Trí phíosa de rogha na n-iomaitheoirí le seinm astu seo a leanas: (a) dhá ríl as a chéile; (b) dhá phort as a chéile; (c) cornphíopa nó rince leithleach; (d) fonn mall nó (e) píosa amháin eile nach bhfuil luaite thuas. Ionad: Amharclann, Óstán Brehon


1.00i.n. CÚIRT FILÍOCHTA: Reáchtálfar an Chúirt Filíochta seo de réir nósanna Chúirteanna Filíochta na seachtú aoise déag agus na hochtú aoise déag, ina measc, barántas a sheoladh amach roimh ré, sirriam agus giúiré a bheith ag freastal agus eile. Léifear cuid den nua-fhilíocht is fearr  atá againn, tabharfar deis d’fhilí na tíre aithne a chur ar a chéile agus an fhilíochta a phlé. Cuirfear fáilte roimh ghnáthphobal an Oireachtais a bheith i láthair chun a bheith ag éisteacht nó chun dán a aithris más mian leo. Ionad: Seomra Inis Faithleann, Óstán Gleneagle


1.00i.n COMÓRTAS CAIDE NA gCATHRACHA: Gael-Taca(Corcaigh), Na Gaeil Óga (BÁC), Laochra Loch Lao (Béal Feirste) & Bóthar na Trá/Cnoc na Carra (Gaillimh) a bheidh ag imirt. Ionad: Páirceanna an chumainn áitiúil ‘Na Crócaigh’.


1.15i.n SEOLADH LEABHAIR: Seolfar an saothar ‘Lámhleabhar Pleanáil agus Buanú Teanga’ tar éis sheimineár Chonradh na Gaeilge. Ionad: Ballroom, Óstán Gleneagle


2.00i.n COMÓRTAS 2, 3, 4 & 24: PRÍOMHCHOMÓRTAIS ‘Rince Aonair ar an Sean-Nós’, damhsa aonair i stíl thraidisiúnta / réigiúnach na hÉireann. Ní gá an damhsa céanna a dhéanamh sa réamhbhabhta agus sa phríomhchomórtas. Ní bheidh cead ag damhsóirí fearais (props) ar bith a úsáid. Beo ar TG4 Ionad: INEC


2.00i.n SEIMINEÁR agus SEOLADH: ‘Polaitíocht an Cheoil Ghaelaigh’ – plé & díospóireacht le Rossa Ó Snodaigh. Seolfar ‘Fónchaint’ ina dhiaidh ag a 3i.n. Áis foghlama Gaeilge, á seoladh. Arna eagrú ag Sinn Féin. Ionad: Seomra na Mumhan, Óstán Brehon


2.30i.n COMÓRTAS SCRABBLE: Daoine Óga & Daoine Fásta Ionad: Lobbaí, Óstán Gleneagle


3.00i.n DÍOSPÓIREACHT: ‘Craobh Díospóireachta Gael Linn’, a mbeidh mic léin tríú leibhéil ag dul ag plé ‘Tá deireadh tagtha le réidh na bhfoilseacháin clóite’ Beidh ceithre fhoireann páirteach sa Chraobh agus bronnfar Ionad: Ballroom, Óstán Gleneagle


4.00i.n SEOLADH LEABHAIR: ‘I dTír Strainséartha’, le Liam Mac Cóil. Seo é an dara leabhar sa tsraith ‘Lúcás Ó Briain’ agus foilsíodh an chéad leabhar An Litir i 2012. Bhuaigh an t-úrscéal Duais an Oireachtais 2014. Arna fhoilsiú ag Breacan. Ionad: An Siopa Leabhar, Óstán Gleneagle


4.30i.n. LÉAMH PRÓIS: Beidh deis ag an bpobal léitheoireachta scríbhneoirí Gaeilge a cloisteáil ag léamh óna saothar ag an ócáid. Beidh síniú leabhar i ndiaidh na hócáide agus deis comhrá. Arna eagrú ag Cló Iar-Chonnachta. Scríbhneoirí: Jackie Mac Donncha, Ógie Ó Céilleachair & Pádraic Breathnach Ionad: SeomraInis Faithleann, Óstán Gleneagle


5.15i.n. SEIRBHÍS MACHNAIMH: Arna eagrú ag Cumann Gaelach Eaglais na hÉireann. Ionad: Seomra Torc, Óstán Gleneagle


5.30i.n. CLUB FHÉILE NA nÓG: Amhránaíocht, damhsa agus ceol den scoth! Seisiún mór siamsaíochta do na hiomaitheoirí óga ar fad a bhí rannpháirteach i gcomórtais ardáin an Oireachtais agus dá gcairde. Ionad: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle


7.00i.n. COMÓRTAS 40: PRÍOMHCHOMÓRTAS ‘Amhránaíocht ar an Sean-nós’, Corn Uí Riada. Dhá amhrán dúchasach de rogha an iomaitheora (i) amhrán mall agus (ii) ar athghlaoch amhrán tapaidh. Rachaidh buaiteoir an chomórtais seo ar aghaidh le páirt a ghlacadh ar son na hÉireann sa Chomórtas Amhránaíochta Traidisiúnta ag an bhFéile Pan Cheilteach i 2015. Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar www.tg4.tv Ionad: INEC


7.00i.n. DRÁMA: ‘Ullysses faoi Bhláth’, le Splódar. Athchoiríú ag Gearóid Ó Fearghaíl: aistrithe ag Proinn Ó Duigneáin. Leagan Gaeilge den dráma ‘Blooming Ullysses’, atá bunaithe ar leabhar iomráiteach James Joyce. Ionad: Amharclann, Óstán Brehon


9.00i.n DRÁMA: ‘Cruachás’, léirithe ag Aisteoirí Bulfin. Dráma comhaimseartha faoi cheisteanna sóisialta a bhaineann le treibh ársa in Éirinn, agus é bunaithe ar mhúnla Cúirt Mheán an Oíche. Ionad: Amharclann, Óstán Brehon


10.00i.n CLUB SEITEANNA: Ceol le Johnny Connolly, Meaití Jó Shéamuis, Ray Mac Mánais & Gearóid Ó Mórdha ‘Timpeallan Tí’, le Traolach Ó Conghaile Aoi Speisialta: Labhrás Ó Conghaile Ionad: Ballroom, Óstán Gleneagle


10.30i.n CLUB AMHRÁNAÍOCHTA: ‘Casadh an tSúgáin’ le Máirín Uí Chéide. Ionad: Seomra Mangerton, Óstán Gleneagle


10.30 i.n. GaelGáirí: Beidh oíche ghrinn den scoth á reáchtáil san Amharclann in Óstán Brehon ag an ngrúpa fuirseoirí GaelGÁIRÍ. Oíche ghrinn stand-up rialtais ea GaelGÁIRÍa bunaíodh i mBaile Átha Cliath agus a rinne taispeántas ag Electric Picnic i mbliana. Beidh roinnt de réaltaí an chláir, An Gaeilgeoir is Greannmhaire, TG4 le feiceáil chomh maith le fuirseoirí iontacha eile. Is Aideen McQueen a bheidh á chur i láthair. Féach thall. Costas €3, Ionad: Amharclann, Óstán Brehon


11.00 i.n. CLUB NA FÉILE: Pádraig Ó Sé & a chairde Ionad: INEC


 

Dé Domhaigh, 2 Samhain


10r.n AIFREANN AN OIREACHTAIS: Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ceiliúraí: An Canónach Tomás Ó Luanaigh , Ionad: Ardeaglais Naomh Mhuire, Cill Airne.


11.30r.n CRAOLADH: ‘Togha agus Rogha’ le Máirtín Tom Sheáinín, Beo ón Oireachtas. Ionad: An Ródaí.


2.in. COMÓRTAS CAIDE NA gCATHRACHA: An Craobh. Gael-Taca(Corcaigh), Na Gaeil Óga (BÁC), Laochra Loch Lao (Béal Feirste) & Bóthar na Trá/Cnoc na Carra (Gaillimh) a bheidh ag imirt. Ionad: Páirceanna an chumainn áitiúil ‘Na Crócaigh’.