Imeachtaí na seachtaine seo romhainn

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

THE-SQUARE-Ahmed
An scannán ‘The Square’, atá á thaispeáint Déardaoin, 20 Samhain ag 8:15 i gClub Scannáin Shailearna, Conamara, Gaillimh

Cúige Ulaidh

 


 

IMEACHT DON ÓIGE: ‘Seisiún Traenála Peile’ i nGaeilge á reáchtáil ag ‘Cumann Sacar na gCláirseach’ ar an 16 Samhain, óna 10-11r.n sa City Life Centre, Sráid Northumberland, Béal Feirste. Sraith seisiún traenála dírithe ar pháistí idir 3-7 bliain d’aois. Tuilleadh eolais: naclairsi14@comhairle.org nó cuardaigh ‘Cumann Sacar na gCláirseach’ ar Facebook.


 

DIANCHÚRSA GAEILGE: ‘DIANCHÚRSA GAEILGE AON LÁ’, Dé Sathairn 15 Samhain, óna 10r.n- 4i.n, i Caife na Sruthaile, Ionad Ealaíon na Sruthaile, An Ómaigh, Tír Eoghain. Cúrsa lae, a fhreastalaíonn ar ghlantosaitheoirí, foghlaimeoirí agus orthu siúd a bhfuil cumas maith sa teanga iontu. Tá an cúrsa seo saor in aisce agus tá fáilte roimh chách ach scéal a chur chuig Kevin Goodwin (Oifigeach na Gaeilge) ar 028 8225 6220 nó ar ríomhphost: kevin.goodwin@omagh.gov.uk


 

CÉILí: ‘Céilí na Míosa’, Dé Domhnaigh 16 Samhain, óna 8-11.30i.n, i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste. Tá an céilí fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Tugtar treoir do thosaitheoirí agus cuireann an banna céilí ceol beo den scoth ar fáil. Is féidir leat do scíth a ligean agus sult a bhaint as suipéar éadrom le linn an tsosa. Cead isteach £6.00, suipéar san áireamh. Tuilleadh eolais: www.culturlann.ie


 

CEOLCHOIRM: ‘Clann Mhic Ruairí’, Dé hAoine 14 Samhain, ag a 7.30i.n, sa tSean Bheairic, An Fhál Charrach, Dún na nGall. Ceathrar deartháireacha Aodh, Dónal, Seán agus Tony, agus iníon Tony atá sa ghrúpa seo ó Rann Feirste. Tá clú ar chlann Mhic Ruairí ó cheann ceann na tíre. Cead isteach €7.00. Tuilleadh eolais: www.falcarraghvisitorcentre.com/


 

Cúige Chonnacht

 


 

OÍCHE CHLUB: ‘The HIVE’, Dé hAoine 14 Samhain, ag a 11.30i.n, sa Róisín Dubh, Gaillimh. Oíche cheoil leictreonach de chuid an D.J agus láithreoir ‘ATT’ Cian Ó Cíobháin agus Cyril Brisceo. Bí páirteach san aiséirí ceoil a bhíonn ar siúl ar bhonn míosúil i gcathair na Gaillimhe.


 

SCANNÁN: ‘The Square’, a thaispeáint Déardaoin, 20 Samhain ag 8:15 i gClub Scannáin Shailearna, Conamara, Gaillimh. Tugann an scannán faisnéise seo an lucht féachana isteach i gceartlár na réabhlóide a tharla ar Tahir Square na hÉigipte mar a raibh sé ina chíor thuathail ar feadh tamaill. Léirítear gnéithe éagsúla den éirí amach: an réabadh agus an clampar; dílseacht agus paisean na ndaoine; míreanna YouTube, guaillíocht a athraíonn ar iompú do bhoise gan trácht ar arm a bhíonn lá leis na daoine agus lá eile ina gcoinne. Cead isteach: €8 (€7) nó is féidir ballraíocht club ghlacadh ar €30 (€ 25), a thabharfaidh cead isteach duit go dtí na scannáin go léir ar an gclár. Tuilleamh eolais: https://clubscannan.ie/ga/


 

OÍCHE CHLUB: ‘Vinyl Fling’, le Ben Ó Faoláin, Dé hAoine 21 Samhain, Club Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. An damhsa deirí le Ben Ó Faoláin, Dj agus léirmheastóir ceoil, atá ag casadh ceirnín i gClub 02 ar bhonn seachtainiúil le 12 bliain anuas. Deireadh le ré Ben agus Mr Whippy atá ann chomh maith, beirt DJ ar éirigh leo lucht leanúna dílis a chothú agus scoth na n-oícheanta a reáchtáil seachtain i ndiaidh seachtaine. Bígí ag faire amach ar leathanach ‘Imeachtaí’ Tuairisc.ie do na sonraí is déanaí maidir le hoícheanta clubanna Ben Uí Fhaoláin.


 

Cúige Laighean

 


 

SEOLADH LEABHAIR: ‘An Bhrídeach Sí’ le Caitríona Ní Chléircín, foilsithe ag Coiscéim, a seoladh ag Dr. Caoimhín Mac Giolla Léigh, Dé hAoine 14 Samhain, ag a 7.30i.n, Ionad an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath. An dara cnuasach d’fhilíocht ghleoite ó shióg na ndán. Daichead agus cúig dán sa leabhar seo atá roinnte i seacht gcaibidil. Capall Bán, An Brídeach Sí, Imeacht na nIarlaí, Smionagar, Lasair, Taisce Bhrú Íochtair agus Caoineadh na mBríde Sí. Tá fís is aisling le brath ar na dánta go léir, agus scéalta is eachtraí féin á nochtadh acu. Dánta ar chrógacht na laochra agus dánta ag comóradh grá atá i gceist. Cuirfear sólaistí bia ar fáil.


 

AGALLAMH POIBLÍ: ‘Idir theangacha ’, Anna Heussaff agus Antain MacLochlainn faoi agallamh ag Cormac Ó hEadhra, craoltóir RTÉ, Dé Sathairn 15 Samhain, ag a 2.30i.n- 3.30i.n, in ionad ‘Boys School’, Amharclann Scabhat Smock, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Cúig cinn d’úrscéalta atá scríofa ag Anna Heussaff i nGaeilge, agus anois tá a húrscéal bleachtaireachta Buille Marfach athscríofa aici i mBéarla, faoin teideal Deadly Intent. Cad é a spreag í? Cad é mar a thug sí faoi? Agus ar athraigh an scéal féin nuair a bhí sí á aistriú? Is scríbhneoir agus aistritheoir é Antain Mac Lochlainn agus is é an leabhar is déanaí uaidh ná An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh, leagan Gaeilge den saothar clúiteach le C. S. Lewis. Cad é a mheall i leith an leabhair sin é agus cad iad na dúshláin a bhí le sárú le linn na hoibre? Saorchead isteach agus fáilte roimh chách. Imeacht dátheangach é seo atá á reáchtáil ag Cló Iar-Chonnacht agus An Gúm mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath.


 

SEOLADH LEABHAIR: ‘An Leon, An Bandraoi agus an Prios Éadaigh’, aistriúchán Gaeilge le hAntain Mac Lochlainn, foilsithe ag ‘An Gúm’, Dé Sathairn, 15 Samhain, ar 3.45 p.m i nGairdín an Gheimhridh, Amharclann Scabhat Smock, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath. Seolfaidh An tOllamh Michael Cronin an leabhar nua seo, aistriúchán Gaeilge ar shaothar cáiliúil ‘The Lion The Witch and The Wardrobe’ le CS Lewis. Fáilte roimh cách. Tá an t-imeacht seo á reáchtáil mar chuid d’Fhéile Leabhar Bhaile Átha Cliath.


 

CEOLCHOIRM: Caladh Nua, ‘Bewley’s @ 6’ Dé Máirt, 18 Samhain, Bewleys, Sráid Ghrafton, Baile Átha Cliath. Beidh ‘Caladh Nua’, banna cheoil den scoth as an oirdheisceart ar ardán Bewley’s ag a 6i.n mar chuid de shraith tráthnónta siamsaíochta atá á reáchtáil go míosúil ag Gael Linn ó 2008.


 

LÉACHT: ‘The Discovery Lectures- Liam Ó Muirthile’, Dé Céadaoin 19 Samhain, ag a 7.30i.n in Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath. Allagar na na hInise (a foilsíodh i mBéarla faoin teideal Island Cross-Talk ) le Tomás Ó Criomhthain, an tOileánach, a bheidh faoi chaibidil ag an Muirthileach. Bíonn abairtí ann á n-iompar aige, a deir Ó Muirthile, faoi mar a bheidís ina n-orthaí draíochta. Dar leis go bhfuil caidreamh an-fhíneáilte ar fad – ceangal dofheicthe, geall leis – idir an friotal agus an tírdhreach ann; friotal greanta is ea é. Fiosróidh Liam Ó Muirthile an friotal sin agus tionchar an Bhlascaodaigh ar a shaothar féin. Fuair a mhórchnuasach filíochta An Fuíoll Feá (Cois Life) agus an t-úrscéal An Colm Bán an-mholadh ó léirmheastóirí. Tá an léacht seo a reáchtáil ag IMRAM i gcomhpháirt le hÁras na Scríbhneoirí, mar chuid de shraith leachtaí i mBéarla chun a bhfuil de shaibhreas agus d’éagsúlacht litríocht na Gaeilge a chur i láthair an phobail. Saorchead isteach.


 

FÉILE: ‘Féile na Mí’, Rath Cairn na Mí, 14-17 Samhain. Seoid bheag d’fhéile a mbeidh idir shean-nós, siamsaíocht agus seisiúin cheoil ar siúl lena linn i Rath Cairn Glas na Mí an deireadh seachtaine seo. Reáchtálfar comórtais éagsúla sa sean-nós ón Aoine ar aghaidh agus tá Mícheál Ó Súilleabháin, Orla Ní Cheallaigh, Éanna Ó Cróinín agus Nigel Daveyar i measc na gceoltóirí a bheidh ag seinm i gClub na Féile. Cuardaigh ‘Féile na Mí’ ar Facebook.


 

SEIMINEÁR: ‘Oideachas Gaeltachta – Cá bhfuil ár dtriall?’, Déardaoin 20 Samhain, ag a 10.30r.n- 3.30i.n, Óstán Wynn’s, Sráid na Mainistreach, Baile Átha Cliath. Díreoidh an Seimineár, atá á eagrú ag COGG, ar shealbhú na Gaeilge i measc ghlúin óg na Gaeltachta. Gach eolas ar fáil ar www.COGG.ie. Is gá clárú don imeacht seo fríd eolas@cogg.ie.


 

Cúige Mumhan

 


 

SEOLADH ALBAIM AGUS CEOLCHOIRM: Seolfaidh Jon Sanders agus a Bhanna a albam nua ‘Zoukelele’, Dé hAoine 14 Samhain, ag a 7.30 i.n, sa Lab, Ionad Ealaíona Gaeilge sa Daingean. Beidh ‘Zoukelele’, an tríú albam aonair ó fhear an ukulele is an bouzouki, Jon Sanders, á sheoladh sa Lab le ceolchoirm saor in aisce. Tá seanaithne ar Jon i gCorca Dhuibhne, ceoltóir ildánach ilstíleach a chaith blianta fada ina chónaí anseo ina bhall gníomhach de phobail cheoil na háite. Á thionlacan ar an oíche beidh Craig Denham ar an bpianó, Jeremy Spencer ar an bhfidil agus Martin Schaerer ar chnaguirlisí. Ag seoladh an albaim ar an oíche beidh an cumadóir Dhuibhneach Rachel Holstead agus cuirfear gloine fíona ar fáil tar éis na ceolchoirme sa Ghealaraí. Fáilte Roimh chách.


 

ÓCÁID CHEILIÚRTHA: ‘Ceiliúradh 25 Bliain Ghaelcholáiste Chiarraí’, Dé hAoine 21 Samhain, ag a 6.30i.n, nó 9.30i.n, Óstán Bhaile Rua, Ciarraí. Tosóidh ceiliúradh 25 Bliain Ghaelcholáiste Chiarraí ar a 6:30 i.n. le fáiltiú agus dinnéar ar a 7:30 i.n. Tosóidh an ceol ar a 9:30 i.n. leis an mbanna ceoil ‘Celebration’ agus dioscó ina dhiaidh. Tá ticéid ar fáil ó oifig na scoile: €50 don bhéile nó €15 chun freastal ar an ócáid ar a 9:30 i.n. Fáilte roimh iarscoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí chomh maith le tuismitheoirí agus múinteoirí an lae inniu. Beidh an scoil ar oscailt don phobal ar an 21 Samhain ó 1:30 i.n. go 3:00 i.n agus leanfar leis an gceiliúradh ina dhiaidh sin le cluiche peile. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar leathanach Facebook na scoile nó is féidir dul i dteagmháil leis an scoil ar 066-7121650 nó trí ríomhphost: gaelcholaiste.ias.eircom.net


 

Taispeántas: Feast – saothair reatha le Niki Purcell, á thaispeáint faoi láthair sa Lab, Ionad Ealaíona Gaeilge sa Daingean. Is é atá i Feast ná sraith reatha pictiúr leis an ealaíontóir Éireannach Niki Purcell, a dhéanann ceiliúradh ar ghrá an ealaíontóra don aoibhneas inite, bíodh canta méith císte nó lán doirne de phónairí nua-phioctha agus iad díreach scaoilte as a bhfaighneoga. Baineann na pictiúir le sásamh na gcéadfaí; a n-aidhm ná breith ar mheandar dúile agus aoibhnis.


 

Taispeántas: ‘Musicians of Ireland’ le Susan Hughes – tús mhí na Nollag, Glór Innis, Co. an Chláir. Díríonn an t-ealaíontóir Susan Hughes, as Béal Feirste ó dhúchas, ar cheoltóirí traidisiúnta na hÉireann sa bhailiúchán saothair seo.


 

Timpeall na tíre

 


 

SCÉAL ÓN MÓL THUAIDH: Tá ‘Tuismitheoirí na Gaeltachta’ ag glacadh le litreacha do Shantaí ó pháistí Gaeltachta. Ba mhaith le ‘Fear na Feasóige’ dá dtabharfadh Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh dó na litreacha uilig ó ghasúir Chonamara agus na gceantar Gaeltachta eile a chruinniú le chéile agus a chur chuige, ionas go mbeidh sé in ann iad go léir a fhreagairt i nGaeilge. Ní gá do na gasúir, mar sin, ach a gcuid litreacha a chur sa bposta chuig an seoladh seo: Litir chuig Santaí, F/Ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe. Moltar go láidir na litreacha a bheith sa bposta roimh Dé Céadaoin 10 Nollaig.


 

GRÉASÁN CIORCAL COMHRÁ: ‘Is leor beirt’ in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ faoi theideal an fheachtais ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, bíodh tú ag foghlaim na teanga as an nua nó i do chainteoir líofa. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thoiseacht i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824. Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar cnag.ie.


 

ALBAM NUA: ‘Bilingua’ le hEithne Ní Uallacháin, eisithe ag Gael Linn, ar fáil ón 21 Samhain. Albam aonair é seo a taifeadadh go gairid sular cailleadh Eithne go hanabaí i 1999. Cloistear idir amhráin thraidisiúnta agus amhráin nua-chumtha léi féin, iad uile cóirithe go seoigh ag buíon ceoltóirí den scoth. Gabhann leabhar maisiúil 40 leathanach leis an CD, leabhar ina dtugtar beathaisnéis agus eolas faoi na míreanna ceoil, chomh maith le ráitis mholta ó bhanamhránaithe na linne, Maighréad Ní Dhomhnaill, Muireann Nic Amhlaoibh agus Karen Matheson ina measc. Gael Linn a d’eisigh an chéad albam, Cosa gan Bhróga (1987), ar a raibh Eithne le cluinsin.