Imeachtaí Gaeilge beartaithe ag RTÉ, RTÉ RnaG agus Conradh na Gaeilge do Chomóradh an Chéid 1916

Clár cuimsitheach beartaithe ag na meáin Ghaeilge agus ag eagraíochtaí Gaeilge do Chomóradh an Chéid 1916-2016 a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo

Eamonn Farrell/RollingNews.ie
Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá clár cuimsitheach beartaithe ag na meáin Ghaeilge agus ag eagraíochtaí Gaeilge do Chomóradh an Chéid 1916-2016 a bheidh ar siúl an deireadh seachtaine seo i mBaile Átha Cliath agus ar fud na tíre.

Beidh RTÉ, RTÉ RnaG, agus Conradh na Gaeilge ag déanamh comóradh ar Éirí Amach na Cásca Dé Luan agus beidh eagrán speisialta de 7 Lá ar TG4 Dé Máirt.

Ról na Gaeilge san Éirí Amach a bheidh mar théama ag an eagrán speisialta sin a bheidh á chraoladh beo ó Mhúsaem na bPiarsach i Ráth Fearnáin. Baill de Chonradh na Gaeilge ab ea aon duine déag den seisear déag a cuireadh chun báis i ndiaidh an Éirí Amach agus pléifear ról an Chonartha agus an réabhlóid chultúir.

Beidh polaiteoirí, staraithe agus gaolta na ndaoine a throid i 1916 ar an gclár agus feicfear cuid den chartlann atá ag an gConradh ón tréimhse sin. I measc na n-aíonna beidh Éamon Ó Cuív (FF), an tOllamh Mícheál Ó Siochrú agus Cathal Mac Suibhne Brugha.

Beidh RTÉ ag comóradh an Éirí Amach arís i mbliana ar shráideanna na hardchathrach agus ‘Radharc ar an Réabhlóid’ ar siúl ar fud na cathrach Luan Cásca.

Beidh Ailbhe Ó Monacháin, iriseoir le Nuacht RTÉ, ina fhear an tí sa Lighthouse Cinema mar a dtaispeánfar agus a ndéanfar plé ar  an dráma faisnéise Áille an Uafáis.

Beidh eagrán speisialta den chlár Cormac@5 á chraoladh beo ó Theach an Ard-Mhéara agus déanfar plé le linn an chláir sin ar oidhrí polaitiúla 1916. Bronnfaidh an tArd-Mhéara duais €1000 ar an gclár is fearr as sraith seacht gclár a rinne daltaí ó mheánscoileanna ar fud na tíre, 1916 — Dearcadh na hÓige, i dTeach an Ard-Mhéara tamall beag roimh an gclár. Is féidir ticéad don chraoladh beo a chur in áirithe trí ríomhphost a sheoladh chuig cormac5@rte.ie. 

Beidh sraith léachtaí in ionaid éagsúla i lár na cathrach i nGaeilge mar chuid de ‘Radharc ar an Réabhlóid’ freisin. Beidh na léachtaí seo saor in aisce ach moltar don phobal ticéid a chur in áirithe roimh ré. Déanfaidh Cathal Mac Coille, láithreoir Morning Ireland agus colúnaí le Tuairisc.ie, cathaoirleacht ar ‘Ní Réabhlóid go hAthbheochan – an mbeadh Éirí Amach ann gan Athbheochan na Gaeilge?’ agus beidh Cormac Ó hEadhra sa chathaoir don phlé a dhéanfar ar ‘Ról na Meán i 1916’.

Beidh clár speisialta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta ón taobh eile den tír Luan Cásca chomh maith. Beidh an clár Adhmhaidin ag craoladh beo ó Theach an Phiarsaigh i Ros Muc mar chomóradh ar an Éirí Amach agus mar cheiliúradh ar an gclár féin a bheith 30 bliain ar an aer.

Beidh neart aíonna speisialta, ar an gclár a mhairfidh dhá uair an chloig. Beidh na staraithe Gearóid Ó Tuathaigh agus Cormac Ó Comhraí ar an láthair le léargas a thabhairt ar chomhthéacs staire Theach an Phiarsaigh. 

“Tá muid thar a bheith ríméadach an oiread sin imeachtaí Gaeilge a bheith mar chuid de RTÉ Radharc ar an Réabhlóid, agus í a bheith ina cuid chomh lárnach den chomóradh stairiúil seo.

“Forbairt thar a dearfach a bhí sa gcomhoibriú idir RTÉ agus na ceann-eagrais Ghaeilge, a d’fhág go bhfuil an oiread ar siúl ar an lá trí mheán na Gaeilge,” a dúirt Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire.

Idir an dá linn, beidh ceanncheathrú Chonradh na Gaeilge á athshamhlú mar a bhí 100 bliain ó shin, tráth a raibh sé ina cheannáras agus ina bhanc ag Sinn Féin. Beidh turais agus ceardlanna á n-eagrú ag an gConradh Dé Luain bunaithe ar imeachtaí stairiúla i 6 Sráid Fhearchair.

Bhí an t-áras ina halla ollscoile ag an gCairdinéal John Newman nuair a bhunaigh sé an chéad Ollscoil Chaitliceach in Éirinn, bhí ina bhanc ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse agus ba ann a bhí an Roinn Airgeadais faoi Mhícheál Ó Coileáin tar éis na chéad Dála i 1919.

Beidh ceardlanna clódóireachta á reáchtáil do theaghlaigh ar bhuille na huaire ó 11.00 go dtí 15.00 chun “deis a thabhairt do pháistí dul i ngleic leis an gcló Gaelach”.

Beidh léargas ar mheon lucht na hathbheochana le feiceáil i bhfuinneoga Bhaile Átha Cliath freisin, agus ‘Comóradh 1916 sna Siopaí’ á reáchtáil ag an gConradh i gcomhar leis na gnólachtaí a ghlac fógraí in An Claidheamh Soluis idir na blianta 1899 agus 1932 agus atá fós ar an bhfód sa lá atá inniu ann.

I measc na mórimeachtaí teanga eile a bheidh ar siúl Dé Luain mar chuid d’Fhéile na Físe, léireoidh Gaelcholáiste an Phiarsaigh An Filleadh ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach ag 16.00in Luan Cásca. Is é An Filleadh an t-aon dráma Gaeilge atá beartaithe go dtí seo ag Amharclann na Mainistreach in 2016, agus is dráma é a scríobh Alan Titley go speisialta do Chonradh na Gaeilge.

“Bhí an Ghaeilge fite fuaite le smaointeoireacht nuálaíoch na gConraitheoirí agus lárnach i bhfís cheannairí an Éirí Amach i 1916 agus tá stair an stáit fite fuaite leis an áras ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair, lárionad Gaeilge atá i gcroílár na Gaeltachta uirbí i mBaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann.

“Tá Conradh na Gaeilge an-sásta an deis a fháil an stair spleodrach, spéisiúil sin a chur ar shúile an phobail mar chuid de Radharc ar an Réabhlóid, arna reáchtáil ag RTÉ 1916 sa phríomhchathair Luan Cásca, agus fearann muid fáilte Uí Cheallaigh roimh chách cuairt a thabhairt ar lárionad Gaeilge Bhaile Átha Cliath ag Uimhir 6 Sráid Fhearchair le linn an chomórtha,” a dúirt Cuan Ó Seireadáin, Comhordaitheoir 2016 le Conradh na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Imeachtaí Gaeilge beartaithe ag RTÉ, RTÉ RnaG agus Conradh na Gaeilge do Chomóradh an Chéid 1916'

  • MAIRIN Ni Ghadhra

    Eagrán Speisialta de An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar maidin amárach.

    Ar cuireadh mianta an fhorógra I gcrích?

    Aoínna; An tOllamh Bríona Nic Dhiarmada, Des Geraghty, Cormac Ó Comhraí, Dr. Ian Malcolm & an t-údar Aindrias O Cathasaigh

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tchím go bhfuil suíomh gréasáin ann: 1916.rte.ie ach tá sé uilig i mBéarla… Níl na teidil i nGaedhlig fiú! Agus cha bhfeicim an leagan Gaedhlige de na hionaid ina bhfuil/ar a bhfuil na himeachtaí seo ag tarlú – na foirgnimh stairiúla agus ainmneacha na sráideacha. Ach seo RTÉ…go leor ráite.