IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Cuairt an Uachtaráin


Cúige Uladh


DRÁMA: Cuairt an Uachtaráin, a léiriú ag Aisteoirí Mhíobhaigh, Déardaoin 25 Meitheamh, 8.00in, Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn, Co.Dhún na nGall. Dráma úr-scríofa is ea é Cuairt an Uachtaráin scríofa ag Proinsias Ó Cuilinn. Bronnadh trí ghradam ar Aisteoirí Mhíobhaigh as scoth ag Féile Náisiúnta Drámaíochta le déanaí de bharr an léirithe seo. Bronnadh gradaim aisteoireachta ar Sheán Mac Giolla Bhríde agus ar Aodh Mac Laifeartaigh agus bronnadh gradam ar Phroinsias Ó Cuilinn a scríobh agus a léirigh an dráma. Sa dráma grinn seo, faigheann Joey litir ó oifig an Uachtaráin ag cur in iúl do go bhfuil an tUachtarán ag teacht ar cuairt chuige. Tá Joey imníoch agus an ceart sin aige. Ticéad: €10 Tuilleadh eolais anseo:

TAISPEÁNTAS: Na Cuimhní Luatha le Michael Solarski agus Jishao Su, Cultúrlann MacAdam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Tá saothar na n-ealaíontóirí seo fréamhaithe i gcuimhní a saoil. Tóraíocht na cuimhne agus na mblianta luatha atá sa taispeántas atá á reáchtáil i gcomhar le Féile Grianghraif Bhéal Feirste. Tá an taispeántas seo ar siúl le linn an Mheithimh. Tuilleadh eolais anseo.

CÉILÍ: Céilí na Míosa, Dé Céadaoin 24 Meitheamh, óna 8-11.30i.n, i gCultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Béal Feirste. Tá an céilí seo fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Tugtar treoir do thosaitheoirí agus casann an banna céilí ceol beo den scoth. Is féidir leat do scíth a ligean agus sult a bhaint as suipéar éadrom le linn an tsosa. Cead isteach £6.00, suipéar san áireamh. Tuilleadh eolais anseo.


Cúige Mumhan


PICNIC GAELACH: Picnic le Chéile, a eagrú ag Glór na nGael agus Conradh na Gaeilge, Dé Sathairn 20ú Meitheamh, Páirc an Chaisleáin An tAonach, Tiobraid Árann. Beidh neart spraoi, cluichí agus Gaeilge ar siúl ag an bPicnic le Chéile ar an Satharn 20ú Meitheamh i bPáirc an Chaisleáin, An tAonach, i gCo. Thiobraid Árann. Tabharfaidh an ócáid seo deis do theaghlaigh Ghaeilge agus teaghlaigh dhátheangacha, chomh maith le teaghlaigh gur mian leo breis Gaeilge a úsáid sa bhaile, teacht le chéile chun naisc a chothú agus a láidriú agus chun spraoi a bheith acu lena chéile. Iarrfar ar gach teaghlach picnic a thabhairt leo agus páirt a ghlacadh san ócáid Ghaeilge seo. Tuilleadh eolais anseo.

DRÁMA: Gile na Gealaí Melody of the Moon á chur i láthair ag Graffiti, 8-18 Meitheamh, ón Luan go Déardaoin, 10rn-12n, Graffiti Theatre, Linn Dubh, Corcaigh. Turas fileata trí fhuaimeanna agus íomhánna é an dráma seo ar thóraíocht na gealaí. Cruthaithe don lucht féachana is óige (0-3 bliain) ag an fhoireann ealaíon chéanna a rinne ‘Blátha Bána’, beidh ‘Gile na Gealaí’ ar taispeáint in Graffiti Theatre ó Luan go hAoine le linn mhí an Mheithimh. Cead isteach: €5 Tuilleadh eolais anseo.

CEOLCHOIRM: Kieran Kissane, Kieran Hehir, Seanie McGrath agus John Moloney, Dé Céadaoin 24 Meitheamh, 1-2in, Músaem an Chláir, Inis, Co. an Chláir. Ó bhí 2005 ann, tá an tsraith ceolchoirmeacha seo, dar teideal ‘Saibhreas an Chláir’ á reáchtáil an t-am seo den bhliain i mbaile Inis, Co. an Chláir. Ceolchoirmeacha am lóin is ea iad a thugann ardán do cheoltóirí aitheanta agus áitiúla de chuid an chontae. Tuilleadh eolais anseo.

Lunasa Broad Stage Los Angeles
Lunasa Broad Stage Los Angeles

FÉILE: Féile Píobaireachta agus Ceol Traidisiúnta Jim Dowling, 18-21 Meitheamh, An Gleann Garbh, Corcaigh. Don tríú bliain as a chéile, tá scoth an chláir á chur i láthair ag Féile Jim Dowling. Anocht beidh Lúnasa i dteannta Karen Kasey in Óstán ‘The Eccles’ anocht agus thar an deireadh seachtaine beidh ceolchoirmeacha le leithéidí The Friel Sisters agus Paddy Keenan, Steve Cooney, David Power agus Martin Hayes. Ar cheann de na buaicphointí, tá an cheolchoirm ‘Big Blow Out’ le Paddy Keenan, Steve Cooney, David Power agus Martin Hayes Dé Sathairn. Más fearr leat cúinne beag a aimsiú ag seisiún ceoil, beidh go leor ceoil fán bhaile le linn na deireadh seachtaine. www.jimdowlingfestival.eu nó anseo.

CÉILÍ: Céilí by the Lee, gach Máirt, 9i.n, Club Cruicéid Co. Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh. Beidh an céilí is fearr sa chúige ar siúl gach Máirt as seo go deireadh an tsamhraidh. Tá seo ag uimhir a haon ar liosta na n-imeachtaí i gCorcaigh ag Tripadvisor agus tá ag éirí leis an imeacht fuinniúil seo na sluaite a tharraingt amach ag damhsa. Céilí atá fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Ní gá go mbeadh aon chur amach agat ar na steipeanna; beidh treoraí ann chun na rannpháirtithe a stiúradh. Fáilte roimh chách (18 +). Cead Isteach: €8. Tuilleadh eolais anseo.


Cúige Chonnacht


Eddie Maloney
Eddie Maloney

FÉILE: The Galway Sessions, 15-21 Meitheamh, The Crane agus Ionaid éagsúla fá chathair na Gaillimhe. Leanfar le deireadh seachtaine lán ceoil i gcathair na Gaillimhe le ‘The Galway Sessions’, féile de sheisiúin cheoil agus ceolchoirmeacha neamhfhoirmiúil eagraithe ag Mick Crehan ón Crane. ‘Blas Chonamara’ is ea téama na bliana agus chuige sin beidh béim ar cheol, damhsa, amhránaíocht agus oidhreacht Chonamara agus na n-oileán amach ó chósta Chonamara.

I measc na mbuaicphointí sa chlár thar an deireadh seachtaine beidh seisiún le ceoltóirí Inis Bó Finne anocht sa Crane agus Dé Sathairn in Amharclann Halla na Cathrach, beidh ceolchoirm cuimhneacháin in ómós do Eddie Maloney, fliúiteadóir aitheanta de chuid na gcaogaidí as Baile na Cille, Co. na Gaillimhe. I measc na gceoltóirí a bheidh le cloisteáil, beidh Frankie agus Séan Gavin, Joe Burke agus Anne Conroy, Carl Hession, Donal Standún, Muintir Fahy, agus muintir Moloney. Tuilleadh eolais anseo.

ronan-o-snodaigh

CEOLCHOIRM: Rónán Ó Snodaigh agus Cairde, Dé Máirt 23 Meitheamh, Áras Éanna, Inis Oírr, Gaillimh. Tá clú agus cáil ar Rónán Ó Snodaigh, príomhamhránaí Kíla ar amhránaí agus file é a chasann go leor uirlisí difriúla. Bí ag súil le scoth an chuir i láthair agus Ó Snodaigh á thionlacan féin ar an bhodhrán, an djembe, an bongó, an giotár agus a lán uirlisí ceoil eile. Tuilleadh eolais anseo.

DRÁMA: Impossible Address, Dé Sathairn 20 Meitheamh, Áras Éanna, Inis Oírr, Gaillimh. Comhoibriú idir an scríbhneoir Martin Sharry agus an dearthóir fuaime Brendan Rehill, beirt ar bronnadh gradam náisiúnta HearSay orthu sa bhliain 2014 as a gcuid saothair stáitse. Is as timpeallacht agus fuaimdhreach an oileáin a tháinig an spreagadh don dráma dátheangach seo. Tuilleadh eolais anseo

CEOLCHOIRM: Caitlín agus Ciarán, Dé Céadaoin 24 Meitheamh, 8.30in, Áras Éanna, Inis Oírr, Gaillimh. Is fada an bheirt cheoltóirí seo ag seinm le chéile. Fidléir cumasach as Gaoth Dobhair, Tír Chonaill a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige leis an ghrúpa ceoil Fidil. Ceoltóir mór le rá í Caitlín, as Co. na Mí, a chasann an consairtín agus is damhsóir aitheanta í chomh maith. Sároíche cheoil agus damhsa atá geallta. Tuilleadh eolais anseo.


Cúige Laighean


CÉILÍ: Céilí le Rise the Dust, Áras an Mhuilinn, Sráid an Mhóta, An Muileann Gearr, Co na hIarmhí. Tá oíche shultmhar damhsa seit geallta le ceol ón bhanna céilithe Rise the Dust in Áras an Mhuilinn, ionad cultúrtha a mbíonn imeachtaí Gaelacha, ceolchoirmeacha, rince agus ranganna ar siúl ann. Tá bia ar fáil ar an oíche leis an fhuinneamh a choinneáil in airde agus cuirfear fáilte roimh chách. Ticéad: €10.00 Tuilleadh eolais anseo.

CEOLCHOIRM: Gig an tSathairn le ALDOC, Dé hAoine 19 Meitheamh, 8.00in, Áras Chrónáin, Lána an Uisce, ó Bhóthar an Úlloird, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath. Mar chuid dá gcamchuairt ‘From Tallaght to Halle’ beidh ALDOC ag tabhairt aghaidh ar Áras Chrónáin Dé Sathairn.

Ó Thamhlacht i mBaile Átha Cliath go dtí an Nua-Shealainn, An Ghearmáin agus níos faide anonn, tá an grúpa eicléictiúil seo ag tarraingt go leor airde orthu féin i saol an cheoil. Samhlaigh Bon Ivor, Alt-J agus Fat Freddie’s Drop, caith sa mhullach air sinfear na feadóige móire, Alan Doherty, agus Gerry Paulan, giotáraí, amhránaí agus iarbhall an ghrúpa Gráda, agus beidh tuairim agat dá bhfuil i gceist leis an mbuíon seo. Cead isteach: £12.50 Tuilleadh eolais anseo.

DRÁMA: The Way Back Home, á chur i láthair ag Branar Drámaíochta, Dé Sathairn 20 Meitheamh, 2in agus 4in, Ionad Ealaíona Riverbank, Droichead Nua, Cill Dara. Leagan stáitse den leabhar do pháistí le Oliver Jeffers atá sa dráma seo faoi bhuachaill óg lán de shamhlaíocht a théann ar thuras go dtí an spás. Comhléiriú é idir an compántas Téatar Refleksion ón Danmhairg agus Branar, an mheitheal chéanna a rinne an léiriú galánta ‘An Seanfhear Beag’. Dírithe ar pháistí atá idir 4-8 mbliana d’aois, is léiriú gan teanga é an dráma seo. €8/€28 (teaghlach de cheathrar) Tuilleadh eolais anseo.


Timpeall na Tíre


GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'

  • Eilís Ní Mhearraí

    Beidh an 32ú Céilí Crosbhóthair bliantúil á eagrú ag Cairde Rince Céilí na hÉireann in Ucht-Uí-Néill, Co. na Mí (leathshlí idir Ceanannas Mór agus Dún na Rí) ar an gCéadaoin 1 Iúil 2015 ag tosú ag a 9 i.n. Ceol le Banna Céilí Tara. Beidh fáilte roimh rinceoirí, turasóirí agus comharsana idir óg agus aosta. Cead isteach saor in aisce. Tuilleadh eolais ón rúnaí ar 087-2770873.