IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Screen Shot 2015-06-12 at 19.21.08
Na Cuimhní Luatha, le Michael Solarski agus Jishao Su, taispeántas sa Chultúrlann, Béal Feirste

Cúige Mumhan


 

FÉILE: Féile Píobaireachta agus Ceol Traidisiúnta Jim Dowling, 18-21 Meitheamh, An Gleann Garbh, Corcaigh. Don tríú bliain as a chéile, tá scoth an chláir á chur i láthair ag Féile Jim Dowling. I mbliana beidh Lúnasa, The Friel Sisters, Paddy Keenan, Steve Cooney, David Power, Martin Hayes ar an phríomhardán chomh maith le Jackie Daly, Matt Cranitch agus Rónán Ó Snodaigh ó Kíla. Cuirfidh deartháireacha Vallely tús leis an cheolchoirm oíche Dhéardaoin, agus leanfar le ceolchoirm le Lúnasa Dé hAoine. Ar cheann de na buaicphointí, tá an cheolchoirm ‘Big Blow Out’ le Paddy Keenan, Steve Cooney, David Power agus Martin Hayes Dé Sathairn. Más fearr leat cúinne beag a aimsiú ag seisiún ceoil, beidh go leor ceoil fán bhaile le linn na deireadh seachtaine. www.jimdowlingfestival.eu nó anseo.

DRÁMA: ‘Gile na Gealaí Melody of the Moon á chur i láthair ag Graffiti, 8-18 Meitheamh, ón Luan go Déardaoin, 10rn- 12n, Graffiti Theatre, Linn Dubh, Corcaigh. Turas fileata trí fhuaimeanna agus íomhánna é an dráma seo ar thóraíocht na gealaí. Cruthaithe don lucht féachana is óige (0-3 bliain) ag an fhoireann ealaíon chéanna a rinne ‘Blátha Bána’, beidh ‘Gile na Gealaí’ ar taispeáint in Graffiti Theatre ó Luan go hAoine le linn mhí an Mheithimh. Cead isteach: €5 Tuilleadh eolais.

CÉILÍ: ‘Céilí by the Lee’, gach Máirt, 9i.n, Club Cruicéid Chontae Chorcaí, An Mhuirdíog, Corcaigh. Beidh an céilí is fearr sa chúige ar siúl gach Máirt le linn an tsamhraidh as seo amach. Tá seo ag uimhir a haon ar liosta na n-imeachtaí i gCorcaigh ag Tripadvisor agus tá ag éirí leis an imeacht fuinniúil seo na sluaite a tharraingt amach ag damhsa. Céilí atá fóirsteanach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Ní gá go mbeadh aon chur amach agat ar na steipeanna, beidh an MC ann chun na rannpháirtithe a stiúradh. Fáilte roimh chách (18 +). Cead Isteach: €8. Tuilleadh eolais anseo.


Cúige Uladh


FÉILE: ‘Feis Thoraí agus Féile Jimmí Mhairí Bhillí’, 12 – 14 Meitheamh, Toraigh. I gcuimhne laoch an oileáin, Jimmy Mháirí Bhillí, a d’éag sa bhliain 2000 atá an fhéile seo á reáchtáil – fear a chaith a shaol i mbun obair forbartha ar Thoraigh. Cuirfear tús le clár na féile le Léacht Chuimhneacháin Shéamuis Uí Dhubhgáin, á chur i láthair ag Dr. Lillis Ó Laoire, a bhfuil go leor staidéir déanta aige ar amhráin Thoraí. Tar éis na léachta, seolfar suíomh idirlín na féile, agus beidh seisiún ceoil sa bheár le ceoltóirí Thoraí. Tráthnóna Dé Sathairn, beidh ‘Comórtas na Feise’ á reáchtáil san Ionad Pobail; beidh comórtais ann do pháistí, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Beidh ‘Aifreann na Féile’ ar siúl ag 7.00in tráthnóna Dé Sathairn agus beidh ‘Coiscriú na mBád’ thíos ag an ché díreach ina dhiaidh sin. Is sa Chlub Sóisialta oíche Shathairn a bheidh an ‘Céilí Mór’ ar siúl. Tuilleadh eolais anseo.

CEOLCHOIRM: ALDOC – ar ais i mBéal Feirste’, Dé hAoine 12 Meitheamh, 7.30-11.30in, Ionad Duncairn, Bóthar Antroime, Béal Feirste. Cuirfear fáilte chroíúil arís roimh ALDOC chuig ionad Duncairn Dé hAoine bheag seo, an dara huair don ghrúpa a bheith ar ardán an tseanseipéil le roinnt míonna. Is iad ALDOC a chuir tús le clár ceolchoirme rathúil agus ‘Seisiún Bricfeasta’ an ionaid ag tús na bliana úire. Seachtar fear ó chuile chearn den domhan atá taobh thiar de ALDOC a d’eascair ón ghrúpa Gráda. Tugaigí libh bhur mbuidéal féin agus bíodh oíche den scoth agaibh ag ALDOC. Tuilleadh eolais anseo.

SAOIRE: Seachtain Saoire Dhún na nGall’, 19-24 Iúil, Ionad Oideachais agus Traenála, Gartán, Co.Dún na nGall. Tá Glór na nGael ag eagrú saoire eachtraíochta do pháistí ar aoiseanna éagsúla i nGartán Thír Chonaill. Seachtain lán siamsa, spóirt agus spaoi do pháistí agus tuismitheoirí i láthair den scoth, buailte le Loch Gartáin. Agus an pacáiste curtha in oiriúint do bheirt fásta agus beirt pháistí, tá an costas laghdaithe anois ó €855 go dtí €700: seomra ensuite, le bricfeasta, lón agus dinnéar san áireamh. Clúdaíonn an praghas de €700 na himeachtaí spraoi agus sóisialta chomh maith. Tuilleadh eolais: +353 58 24642 nó trí ríomhphost ag marcas@glornangael.ie.

TAISPEÁNTAS: Na Cuimhní Luatha le Michael Solarski agus Jishao Su, Cultúrlann MacAdam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Tá saothar na n-ealaíontóirí seo fréamhaithe i gcuimhní a saoil. Tóraíocht an chuimhne agus na mblianta luatha atá sa taispeántas atá á reáchtáil i gcomhar le Féile Grianghraif Bhéal Feirste. Tá an taispeántas seo ar siúl le linn an Mheithimh. Tuilleadh eolais anseo.


Cúige Chonnachta


 

FÉILE: ‘The Galway Sessions’, Dé Luain 15 Meitheamh – 21 Meitheamh, The Crane agus Ionaid éagsúla fá chathair na Gaillimhe. Cuirfear tús le seachtain lán ceoil i gcathair na Gaillimhe Dé Luain – féile de sheisiúin cheoil agus ceolchoirmeacha neamhfhoirmiúla eagraithe ag Mick Crehan ón Crane. ‘Blas Chonamara’ is ea téama na bliana seo agus chuige sin beidh béim ar cheol, damhsa, amhránaíocht agus ar oidhreacht Chonamara agus na n-oileán amach ó chósta Chonamara. I measc na mbuaicphointí ar chlár na bliana tá ceolchoirm le Saileog Ní Ceannabháin Dé Luain 15 Meitheamh i Séipéal San Nicholas. Beidh sí i dteannta a dearthár Eoghan, ar fliúiteadóir agus scoth an amhránaí é chomh maith. Dé Céadaoin 17 Meitheamh, beidh triúr de mhórcharachtairí an cheoil thraidisiúnta i gConamara, Meataí Joe Shéamuis Ó Fatharta, Johnny Connolly agus Seosamh Ó Neachtain ag teacht le chéile le haghaidh seisiúin. Beidh Lúnasa i dTigh Monroes Déardaoin agus leanfar le himeachtaí thar an deireadh seachtaine. Tuilleadh eolais: https://www.galwaysessions.com/

TAISPEÁNTAS: ‘Tinteáin’ le hEoin MacLochlainn’, Taispeántas an Mheithimh,, Áras Éanna, Inis Oírr, Gaillimh. Déanfaidh Dara Ó Conaola taispeántas leis an ealaíontóir Eoin MacLochlainn a sheoladh go hoifigiúil Dé Sathairn ag a 8in. Taispeántas le hEoin Mac Lochlainn as Baile Átha Cliath, a bhfuil gradaim eile go leor aige. Is ó dhán Chathail Uí Shearcaigh ‘Na Bailte Bánaithe’, faoi sheantithe tréigthe i nGaeltacht Dhún na nGall, a fuair sé an spreagadh don taispeántas atá aige faoi láthair, dar teideal ‘Tinteáin’. Ar taispeáint beidh scata pictiúr de thinteáin fholamha a músclaíodh as a thnúth teagmhála leis an dream atá imithe le fada. Beidh ‘Tinteáin’ ar taispeáint san áras linn mhí an Mheithimh. Tuilleadh eolais anseo.


Cúige Laighean


 SEOLADH LEABHAIR: ‘IDIR MHNÁ’ le John McGahern, aistrithe go Gaeilge ag Irene Duffy , á sheoladh ag Declan Kiberd, Dé Céadaoin 17 Meitheamh, 6.30-8.30, Áras Scríbhneoirí na hÉireann, Baile Átha Cliath. Leagan Gaeilge de mhórshaothair an scríbhneora McGahern ‘Amongst Women’. Cé go bhfuil leabhair McGahern ar fáil in os cionn scór teangacha, seo an chéad leagan Gaeilge de. Tuilleadh eolais anseo.

OSCAILT: Oscailt Oifigiúil Ghaelscoil Shliabh Rua Dé Céadaoin 17 Meitheamh, Gaelscoil Shliabh Rua, Bóthar Bhaile Uí Ógáin, BÁC 18. Fosclóidh an tAire Oideachais agus Scileanna Jan O’Sullivan Gaelscoil Shliabh Rua go hoifigiúil Dé Céadaoin. Cuireadh tús leis an scoil den chéad uair i Mí Lúnasa 2013 agus ó shin bhíodh sí á reáchtáil ó ionaid sealadacha. Teacht le chéile phobal na Gaeilge áitiúla atá beartaithe chun an ionaid úr a cheiliúradh. Tuilleadh eolais faoin lá oscailte ar fáil ó 01 2958589 nó Ríomhphost: gaelscoilshliabhrua@gmail.comwww.gaelscoilshliabhrua.ie


Timpeall na Tíre


DRÁMA: ‘The Way Back Home’, á chur i láthair ag Branar Drámaíochta timpeall na tíre. Leagan stáitse den leabhar do pháistí le Oliver Jeffers atá sa dráma seo faoi bhuachaill óg lán de shamhlaíocht a théann ar thuras go dtí an spás. Comhléiriú é idir an compántas Téatar Refleksion ón Danmhairg agus Branar, an mheitheal chéanna a rinne an léiriú galánta ‘An Seanfhear Beag’. Dírithe ar pháistí tá idir 4-8 mbliana d’aois, is léiriú gan teanga é an dráma seo. Tuilleadh eolais anseo https://branar.ie/portfolio/the-way-back-home/ (Dé Máirt 16 Meitheamh, Civic Theatre, Tamhlacht, Baile Átha Cliath. civictheatre.ie Dé Céadaoin 17 Meitheamh agus Déardaoin 18 Meitheamh, Dunamaise Arts Centre, Port Laoise, dunamaise.ie)

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé atá ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'