IMEACHTAÍ: Caidé a bheidh ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a mbeidh ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Screenshot-2015-06-02-12.47.30
TAISPEÁNTAS: ‘Na Cuimhní Luatha’ le Michael Solarski agus Jishao Su, Cultúrlann MacAdam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste

CÚIGE ULADH

FÉILE: ‘Féile Ealaíne na hEaragaile,’ Dún na nGall, Dé hAoine 10 Iúil – Dé Domhnaigh 26 Iúil. Tá Féile Ealaíne na hEaragaile faoi lán seoil faoi láthair agus réimse leathan imeachtaí, idir cheolchoirmeacha, chláir sorcais, dhrámaí agus litríocht ar siúl ar fud Dhún na nGall i rith an coicíse.

Ceann de phríomhthaispeántais na féile ná ‘An tEaragal,’ taispeántas ilmheán agus ildisciplíneach a dhéanann ceiliúradh ar an sliabh as ar ainmníodh an fhéile féin. Beidh péintéireacht, grianghrafadóireacht, filíocht, scannáin ealaíne agus scannáin faisnéise mar chuid den taispeántas san Áislann i nGaoth Dobhair agus beidh sé ar siúl go dtí deireadh mhí Lúnasa.

I measc na himeachtaí suimiúla eile a bheidh ann an tseachtain seo, beidh taispeántas oíche iontach de dhealbha solais á chur ar siúl ag an gCosán Glas, ceardlann faoi thraidisiún na mbard agus taispeántas puipéad do pháistí. Tá an clár iomlán de na himeachtaí le fáil anseo

MacGrianna_Leathan

COMÓRADH: ‘Comóradh Cuimhneacháin 25 Bliain Sheosaimh Mac Grianna,’ Rann na Feirste, Dún na nGall, Dé hAoine 17 Iúil – Dé Sathairn 18 Iúil. Beidh ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora Seosamh Mac Grianna á dhéanamh ar a fhód dúchais an deireadh seachtaine seo. I measc na himeachtaí a beidh ar siúl beidh léachtaí, dráma agus cuimhní cinn ar Sheosamh féin. Chomh maith leis sin, nochtfar leacht cuimhneacháin in ómóis don údar Dé hAoine. Tá clár na n-imeachtaí le feiceáil anseo. [https://aislannrannnafeirste.ie/wp/index.php/events/seosamh/

TAISPEÁNTAS: ‘From Tory Island to Turtle Island,’ Óstán Arnold, Dún Fionnachaidh, Dún na nGall, Dé Luain 13 – Dé Domhnaigh 19 Iúil. Beidh taispeántas ealaíne, a léireoidh an nasc idir Toraigh agus Turtle Island (Meiriceá), ar siúl go dtí an Domhnach in Óstán Arnold, Dún Fionnachaidh. Arna chur le chéile ag na healaíontóirí Waylon Gary White Deer agus Patsy Dan Mac Ruaidhrí, ceiliúrann an taispeántas an spiorad agus na traidisiúin a roinneann an dá háit le chéile.

OÍCHE AMHRÁNAÍOCHTA: An tSean Bheairic, An Fál Carrach, Dún na nGall, Dé hAoine 17 Iúil, 8i.n. Beidh blaiseadh de cheol na n-oileán Uibhiste in Albain le cloisteáil i bhFál Carrach agus amhránaithe ón ngrúpa Ceolas ag filleadh ar an tSean Bheairic. Beidh ceol agus sean-nós ar siúl ar feadh na hoíche leis an amhránaí Claire Nic Ruairí mar bhean an tí. Cuirtear fáilte roimh chách.

TAISPEÁNTAS: ‘Na Cuimhní Luatha’ le Michael Solarski agus Jishao Su, Cultúrlann MacAdam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Tá saothar na n-ealaíontóirí seo fréamhaithe ina gcuimhní ar a saol féin. Tóraíocht na cuimhne agus na mblianta luatha atá sa taispeántas atá á reáchtáil i gcomhar le Féile Ghrianghrafadóireachta Bhéal Feirste. Beidh an taispeántas seo ar siúl go dtí an 27 Iúil. Tuilleadh eolais anseo. [https://www.culturlann.ie/event/na-cuimhni-luatha/]


Cúige Chonnacht

maum_trasna_gallery_01

DRÁMA: ‘Maum,’ An Taibhdhearc, Gaillimh, Déardaoin 9 Iúil – Dé Sathairn 18 Iúil. Is dráma úrnua é seo ón Taibhdhearc agus é bunaithe ar fhíorscéal faoi dhúnmharuithe ag Mám Trasna i 1882.

Is í Sighle Ní Chonaill a scríobh agus is é Diarmaid de Faoite an stiúrthóir. Féachann an dráma ar an méid sin den eachtra nach raibh i mbéal an phobail ag an am, nuair a chuaigh lucht dlí as Baile Átha Cliath i ngleic le fir as ceantar iargúlta tuaithe i gConamara. Díríonn sé freisin ar an gcaoi a dtéann an Béarla i gcoimhlint leis an nGaeilge.


Cúige Mumhan

DRÁMA: ‘Faoi Scáth,’ An Lab, Sráid Eoin, An Daingean, Dé Céadaoin 22 Iúil – Déardaoin 23 Iúil, 8i.n. Beidh aisteoirí An Lab ag cur an dráma seo, atá scríofa ag Patricia Burke Brogan agus aistrithe ag Helen Ní Shé, i láthair ar feadh dhá oíche an tseachtain seo chugainn. Suite i neachtlann Mhaighdilíneach sna 1960idí, is scéal é seo a bhfuil brón agus greann ina n-orlaí tríd. Tá breis eolais le fáil ag www.anlab.ie.

COMHDHÁIL: ‘Comhdháil Cheilteach Idirnáisiúnta 2015,’ Óstán Celtic Ross, Ros Ó gCairbre, Corcaigh, Dé Luain 20 Iúil – Dé Sathairn 25 Iúil. Beidh cainteoirí ó na tíortha Ceilteacha eile uile ag teacht le chéile i gCorcaigh an tseachtain seo chugainn chun an cheist ‘Cad is saoirse náisiúnta ann?’ a phlé. I measc na gcainteoirí beidh an t-údar Alan Titley, an staraí Gabriel Doherty agus saineolaithe eile ón Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanann, An Bhriotáin agus an Chorn.

Chomh maith le léachtaí, beidh turas lae go hOileán Chléire ann Dé Céadaoin, oíche mhór cheoil agus rince Déardaoin agus ceolchoirm idir-Cheilteach Dé hAoine. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.ccheilteach.ie nó glaoch a chur ar Sheán Mac Suibhne ag 087 293 9512.


Timpeall na Tíre

SCANNÁN: Beidh an scannán ‘Amhrán na Mara,’ a ainmníodh do ghradam Oscar, á thaispeáint i bpictiúrlanna ar fud na tíre sa laethanta beaga amach romhainn.

Tá sé le taispeáint sa Light House Cinema i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn (1.30i.n.), Dé Domhnaigh (1.15i.n.), Dé Máirt (1.00i.n.), Dé Céadaoin (1.40i.n.) agus Déardaoin (6.10i.n.).

Beidh sé le feiceáil na laethanta céanna san Eye Cinema i nGaillimh, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ag 10.45r.n. agus Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin ag 12.45i.n. Tá sé i gceist, chomh maith, ag an SGC Cinema i nDún Garbháin an leagan Ghaeilge a thaispeáint idir an Luan agus an Chéadaoin, ag brath ar éileamh.

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, más foghlaimeoir nó más cainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge ag +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé a bheidh ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'