IMEACHTAÍ: Caidé a bheidh ar bun agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a mbeidh ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Mairtín O'Connor

CÚIGE CHONNACHT

CEOLCHOIRM: ‘Ócáid Tiomsaithe Airgid do Sheachtain Cheoil Chois Fharraige,’ Monroes, Cathair na Gailimhe, Dé Domhnaigh 26 Iúil, 4i.n.. Beidh cuid de mhórcheoltóirí na tíre seo ag teacht le chéile chun ceolchoirm a chur ar súil an Domhnach beag seo le hairgead a bhailiú do Sheachtain Cheoil Chois Fharraige. Beidh leithéidí Dé Danann, Máirtín O’Connor, Mary Bergin, Colm Gannon ag seinm ón ardtráthnóna amach Dé Domhnaigh.

Beidh Seachtain Cheoil Chois Fharraige é féin ar siúl sa Spidéal arís i mbliana idir 3 agus 9 Lúnasa agus tá eolas breise ar fáil anseo. https://tradconnect.com/profiles/blogs/seachtain-ceoil-chois-fharraige-announces-festival-lineup-aug-3rd

CÚIGE ULADH

FÉILE: ‘Féile Ghabhla 2015,’ Gabhla, Dé Sathairn 25 Iúil – Dé Domhnaigh 26 Iúil. Beidh Féile Ghabhla 2015 ar siúl an deireadh seachtaine seo agus tugann an fhéile deis do dhaoine filleadh ar an oileán álainn amach ó chósta Ghaoth Dobhair agus tá neart imeachtaí curtha ar fáil ag coiste forbartha an oileáin don deireadh seachtaine.

Dé Sathairn, beidh oscailt oifigiúil na féile ann ag 2i.n., agus beidh siúlóid sealgaireachta cois farraige agus taispeántas seanphictiúir ann sa Teach Beag an tráthnóna céanna. Ar an Domhnach, beidh taispeántas ceardaíochta agus scileanna traidisiúnta ag 12.i.n., oscailt oifigiúil Shí Ghabhla ag 1.30i.n. agus ceol ag an ché ag 4.15i.n., chomh maith le roinnt imeachtaí eile.

Beidh bád farantóireachta an ‘Cricket’ ag déanamh turais rialta ó Ché an Phoirt Úir thar an deireadh seachtaine agus is féidir níos mó eolais faoin bhféile a fháil ach glaoch ar Choiste Forbartha Ghabhla ag 086 797 9336.

SEISIÚN CEOIL: ‘Trad Tráthnóna,’ Ionad Cois Locha, Dún Luiche, Dé Máirt 28 Iúil, 8.30i.n – 10.30i.n.. Bíonn ‘Tad Tráthnóna’ ar siúl gach Máirt i mí Iúil agus Lúnasa in Ionad Cois Locha agus tugann sé deis do cheoltóirí áitiúla agus ceoltóirí móra le rá teacht le chéile ar aon stáitse amháin.

An tseachtain seo chugainn, cuireann Ionad Cois Locha fáilte roimh Skara Brae, atá ag seinm le chéile arís. Cé gur tógadh i gcontae na Mí iad, tá an-cheangal acu le Tír Chonaill mar is ag coláiste samhraidh Gaeilge a chas Dáithí Sproule le Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill ar dtús. Ag 8.30 a scaoilfidh siad faoin gceol.

TAISPEÁNTAS: ‘Na Cuimhní Luatha’ le Michael Solarski agus Jishao Su, Cultúrlann MacAdam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. saothar na n-ealaíontóirí seo fréamhaithe ina gcuimhní ar a saol féin. Tóraíocht na cuimhne agus na mblianta luatha atá sa taispeántas atá á reáchtáil i gcomhar le Féile Ghrianghrafadóireachta Bhéal Feirste. Beidh an taispeántas seo ar siúl go dtí an 27 Iúil. Tuilleadh eolais anseo : https://www.culturlann.ie/event/na-cuimhni-luatha/

Féile Ealaíne na hEaragaile: Little John Nee & The Caledonia Highly Strung Orchestra
Little John Nee & The Caledonia Highly Strung Orchestra

FÉILE: ‘Féile Ealaíne na hEaragaile,’ Dún na nGall, Dé hAoine 10 Iúil – Dé Domhnaigh 26 Iúil.

Tá Féile Ealaíne na hEaragaile fós ar siúl agus réimse leathan imeachtaí, idir cheolchoirmeacha, dhrámaí agus imeachtaí litríochta fós le teacht thar an deireadh seachtaine.

Ceann de phríomhthaispeántais na féile ná ‘An Earagail,’ taispeántas ilmheán agus ildisciplíneach a dhéanann ceiliúradh ar an sliabh as ar ainmníodh an fhéile féin. Beidh péintéireacht, grianghrafadóireacht, filíocht, scannáin ealaíne agus scannáin faisnéise mar chuid den taispeántas san Áislann i nGaoth Dobhair agus beidh sé ar siúl go dtí deireadh mhí Lúnasa.

an clár iomlán de na n-imeachtaí ar fáil anseo

CÚIGE MUMHAN

CEOLCHOIRM: ‘Ceolchoirm Idir-Cheilteach,’ Óstán Celtic Ross, Ros Ó gCairbre, Corcaigh, Dé Sathairn 25 Iúil, 8i.n.. In ndiaidh sraith léachtaí a bheith tugtha chúrsaí na dtíortha Ceilteacha uile, cuirfear clabhsúr ar Chomhdháil Cheilteach Idirnáisiúnta 2015 le ceolchoirm in Óstán Celtic Ross san oíche anocht.

I measc na gceoltóirí agus n-amhránaithe a bheidh i láthair, tá Allan Henderson (Albain), Rachel Ar Scoazec (An Bhriotáin), Trystan agus Osian Gruffydd (An Bhreatain Bheag), Noeleen Ní Cholla agus Neil Ní Chróinín (Éire), Hazel Curnow (An Corn) agus Annie Kissack (Manainn).

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ag www.ccheilteach.ie nó glaoch a chur ar Sheán Mac Suibhne ag 087 293 9512.

Timpeall na Tíre

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’foghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge ag +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Caidé a bheidh ar bun agat an deireadh seachtaine seo?'