IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Rís

Cúige Chonnacht

CEOLCHOIRM: ‘Yahú’ á sheoladh ag ‘Rís’, Dé hAoine 20 Márta, 8.00i.n – 10.00i.n, Taibhdhearc na Gaillimhe, An tSráid Láir, Gaillimh. Seolfar an tríú halbam le racairí Rís ar chlár Rónáin inniu, agus leanfar le ceolchoirm bheo ar ardán na Taibhdheirce anocht. Bí ag súil le neart amhrán nuachumtha ó scléipéirí Chonamara. Is de thoradh feachtas sluamhaoinithe ar fundit.ie a rinneadh an t-albam is déanaí seo. Cead isteach: €10 Tuilleadh eolais: https://antaibhdhearc.com/shows/ris-seoladh-albaim/ 

SCANNÁN: ‘Concerning Violence’, Déardaoin 26 Márta, 8in, Seanscoil Sailearna, Conamara, Gaillimh.  Scannán faisnéise á stiúradh ag Göran Olsson bunaithe ar aiste faoin teideal céanna le Frantz Fanon, a foilsíodh sa leabhar ‘The Wretched of the Earth’. Chreid Fanon go dtiocfadh an lá go n-éireodh an dream a bhí á gcloí ag lucht an ansmachta amach ina n-aghaidh. Suite san Afraic, déantar scagadh sa scannán seo ar éirí amach an MPLA i gcoinne na gcoilíneach Portaingéalach chomh maith leis na mianadóirí a chuaigh ar stailc sa Libéir. Cead isteach €8/€7 an scannán nó €30/€25 ar bhallraíocht don chlub – 10 scannán sa séasúr. Tuilleadh eolais: https://clubscannan.ie/ga/seasur-an-earraigh-2015/the-way-he-looks

Oíche na mBádóirí

OÍCHE SIAMSAÍOCHTA AGUS TAISPEÁNTAS: ‘Oíche na mBádóirí’, Dé hAoine 20 Márta, 9in, An Chistin, An Cheathrú Rua, Conamara, Gaillimh. Beidh oíche siamsaíochta ar siúl Tí Sé ar an gCeathrú Rua, ag  a dtaispeánfar sraith d’íomhánna leis an ngrianghrafadóir Seán Ó Mainnín, a chaith seal amuigh ar na báid le linn na ngeallta an samhradh seo caite, ag Cruinniú na mBád agus rásaí eile. Saorchead isteach.

Cúige Laighean

LÉACHT AGUS CEOL: Notes and Narratives,‘Memoirs of a Life in Music’ – le Mickey Dunne, Dé hAoine 20 Márta, ag a 8.30in, Na Píobairí Uilleann, 15 Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath. Is píobaire agus déantóir píob é Mickey a d’fhás aníos i Luimneach. Díreoidh an chaint seo ar an dóigh ar tháinig Mickey isteach ar an gceol, agus ar cheol na píbe uilleann go háirithe. Chomh maith leis sin, beidh Mickey ag labhairt faoina chuid taithí mar phíobaire agus faoina stíl píobaireachta féin. Sraith léachtaí atá in ‘Notes and Narratives’ bunaithe ar cheol beo, amhráin agus damhsa, curtha i láthair ag ceoltóirí, ealaíontóirí agus rinceoirí aitheanta. Cead isteach: €10/€5 Mura féidir a bheith i láthair, caith súil ar an sruthú beo ar https://pipers.ie/npu-tv/

CEOLCHOIRM: ‘Siamsaíocht @ 6’ le Liam O’Connor, Aoife O’Connor agus John Blake, Dé Máirt, 24 Márta ag a 6.00in, O’Flaherty’s, Barra an Teampaill,  Baile Átha Cliath. Sraith de cheolchoirmeacha atá á reáchtáil ag Gael Linn ó bhí 2008 ann, ar mhaithe le siamsa a chur ar fáil do Ghaeil na hArdcathrach. Dé Máirt beidh ceoltóirí Bhaile Átha Cliath, Liam O’Connor (fidil) agus Aoife O’Connor (consairtín) ag seinm le John Blake, fliúiteadóir agus giotáraí aitheanta de bhunadh Londan. Cead isteach: €15 Tuilleadh eolais: 087/2547574/niamh@gael-linn.ie

Companach_2013

CEOLCHOIRM: ‘Compánach; The Music of Ireland’, Dé Sathairn 21 Márta, 9in, Amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire, Baile Átha Cliath. Ceolchoirm a dhéanfaidh faisnéis an cheoil a chur i láthair, trí íomhánna agus ceol agus damhsa beo, bunaithe ar shaothar Fintan Vallely, ‘The Companion to Irish Traditional Music’. I measc na gceoltóirí a bheas páirteach sa cheolchoirm beidh Gerry O’Connor, Tiarnán Ó Duinnchín Fintan Vallely, Sibéal Davitt agus Róisín Chambers.  Tá an imeacht seo á léiriú mar chuid d’Fhéile na Leabhar Ó Bheann go Cuan. Cead isteach:€10/€12 Tuilleadh eolais: https://www.paviliontheatre.ie/events/view/companach-the-music-of-ireland

TURAS TREORAITHE: ‘Turas Trí Ghaeilge’ le Jack FitzGerald, Dé Domhnaigh, 21 Márta, 2 i.n. Turas trí Ghaeilge a thabharfaidh léargas ar a bhfuil i dtaisce i Leabharlann Chester Beatty, lonnaithe ar thailte Chaisleán stairiúil Bhaile Átha Cliath. Aitheanta ar cheann de na hiarsmalanna is fearr san Eoraip ag an leabhar taistil ‘The Lonely Planet’, deis atá sa turas seo blaiseadh a fháil de mhórchultúir agus mór-reiligiúin an domhain. Tá cnuasach saibhir sa leabharlann ó thíortha ón Áise, an Meánoirthear, an Afraic Thuaidh agus an Eoraip. Baileoidh lucht an turais le chéile i bhfáiltiú na leabharlainne. Cupán tae ar fáil i ndiaidh an turais. Saor in aisce. Tuilleadh eolais:

TAISPEÁNTAS SCANNÁN AGUS CEOIL: ‘Der Golem’ agus ceol ó 3epkano agus Iarla Ó Lionáird, Dé Sathairn 21 Márta, 8in, Ionad Ealaíne Mermaid, Bré, Co. Chill Mhantáin. Tá scór scannáin nua curtha ag an meitheal cheoil le ‘Der Golem’, scannán uafáis ó na 1920í. Dé Sathairn, beidh siad á gcur i láthair beo i dteannta an amhránaí ar an sean-nós Iarla Ó Lionáird. Cead isteach: €16/€14 Tuilleadh eolais: https://www.mermaidartscentre.ie/

Cúige Uladh

Griogair Labhruidh

CEOLCHOIRM: Griogair Labhruidh Dé hAoine, 20 Márta, 8in, Square Box Theatre, Dún Geanainn, Co.Thír Eoghain. Deis den scoth a bheith i dteannta duine de mhórcheoltóirí na hAlban Griogair Labhruidh, píobaire, scéalaí agus racaire aitheanta. Baill den ghrúpa traidisiúnta ‘Dáimh’ é Griogair, tá an ceol is déanaí atá eisithe ag an gceoltóir ildánach ag tarraingt go leor airde. Pósadh idir an sean agus an nua atá i gceol Ghriogair, a mheascán den fhilíocht agus sean-nós, amhráin nuachumtha, rapáil, rithimí na hAfraice, seanfhoinn thraidisiúnta, ríleanna ar na píobaí agus ceol leictreonach le chéile. Seans maith nach mbeidh a leithéid cloiste agat riamh roimhe. Cead isteach: £10 Tuilleadh Eolais:

TAISPEÁNTAS: ‘Línte Fánacha’ le Gearóid Mac Lochlainn, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste. An chéad taispeántas leis an fhile Feirsteach Gearóid Mac Lochlainn, a bhfuil clú idirnáisiúnta air as feabhas a chuid filíochta. Sraith de phortráidí atá sa taispeántas seo, a rinneadh le dúch agus dobhardathanna in ómós daoine óna cheantar dúchais a chuaigh i bhfeidhm air agus daoine a bhí mar ábhar inspioráide aige agus é ag taisteal. I measc na bportráidí atá ann, tá Pádraic Fiacc agus Seosamh Ó hÉanaí agus ceoltóirí ar nós Led Billí agus Lucille Bogan. Beidh ‘Línte Fánacha’ ar taispeáint go dtí an 23 Aibreán Tuilleadh eolais: https://www.culturlann.ie/event.php?e=314&lang=ga#sthash.BW5QcZd2.dpuf

TAISPEÁNTAS: ‘Bertha Russell Geddes: The Unlikely Gael’, a seoladh Lá Fhéile Pádraig, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, 216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Taispeántas a thugann léargas ar shaol Bertha Russell Geddes, bean a rugadh sa bhliain 1905. Ba de theaghlach seanbhunaithe cráifeach Preispitéireach as tuaisceart an Dúin í a d’fhoghlaim Gaeilge thar thréimhse blianta. Agus í ag teagasc ar bhunscoil Shráid Percy ar an tSeanchill, ba ghnách le Bertha siúl anonn chuig an Ardscoil ag bun Bhóthar na bhFál le freastal ar ranganna Gaeilge agus chaitheadh sí laethanta an tsamhraidh i nGaeltacht Rann na Feirste. Ba mhinic a d’inis sí scéalta faoi “cruinnithe rúnda” ag Gaeilgeoirí i gcúlsiopaí Bhóthar Bhaile Nua na hArda agus chuir sí ciorcal Gaeilge ar bun in Ard Mhic Nasca arb ann dó go dtí an lá inniu. Ar taispeáint go dtí 24ú Márta. https://www.culturlann.ie/event.php?e=309&lang=ga#sthash.zUqe6EDc.dpuf

SIÚLÓID THREORAITHE: Siúlóid go Caisleán Dhún Droma, le Grúpa Siúlóide Chaisleán Uidhilín, Dé Sathairn, an 21 Márta, ag 10.30rn, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin. Buailfidh an grúpa le chéile taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhilín, áit a mbeidh síob ar fáil má tá sé uait, agus ag 10.45rn ag an gheata amach ar Bhóthar Áth Bhriain. Má tá sé ag cur fearthainne, beidh an grúpa ag bualadh le chéile in Hillyard House. Is grúpa siúlóide ‘neamhfhoirmiúil’ é seo.

Cúige Mumhan 

CEOLCHOIRM: ‘Mike Flannery’, Dé Sathairn 21 Márta, 8in, Ionad Ealaíne Glór. Beidh amhránaí Bhlarna ar ardán Glór an deireadh seachtaine seo agus é á thionlacan ag a bhuíon ceoil. Cloisfear amhráin idir shean agus nua le Flannery sa cheolchoirm seo agus rogha óna albam is déanaí ‘By The Rule’ a rinneadh le linn dó a bheith ag cur faoi i mBeirlín na Gearmáine. Cead isteach:  €22.50/€20 conc Tuilleadh eolais: www.glor.ie

Tadhg Mac SuimhneTAISPEÁNTAIS EALAÍONA: ‘Ar m’Éirí Dhom ar Maidin’ le Tadhg Mac Suibhne, Ionad Ealaíona Bhaile Bhuirne, Co. Chorcaí. Tiocfaidh deireadh leis an taispeántas is déanaí leis an ealaíontóir áitiúil Tadhg Mac Suibhne ar an Aoine seo chugainn, 27 Márta. Bheadh Tadhg, a rugadh i 1934 aitheanta ar dhuine d’ealaíontóirí móra a linne. Díríonn saothar an taispeántais seo go mórmhór ar sholas na maidine luaithe suas go dtí meán lae. Tá meascán de pictiúirí – pictúir íle, pictiúir uiscedhatha agus pictiúirí cló-búala adhmaid a thaispeáint. Tuilleadh eolais:

SCANNÁN: ‘Ida’, Déardaoin 26 Márta, 8.00in, Teach Amergin, An Coireán, Co.Chiarraí. Scannán faoi bheirt bhan a théann ar thóir na fírinne is ea é seo. Is dílleachta í Anna a tógadh i gclochar sa Pholainn, tír a bhí faoi réim na gCumannach sna 1960í. Agus í ag ullmhú le dul isteach sna mná rialta, tugann Anna cuairt ar a haintín Wanda, breitheamh a bhfuil dúil san ól aici. Insíonn Wanda d’Anna gur Giúdaigh a bhí ina tuismitheoirí agus gur dhúnmharaigh na Naitsithe iad. Aistear atá sa scannán seo, ina bhfoghlaimíonn Anna faoin méid a bhain dá muintir. Cead isteach €5.00 Tuilleadh eolais: https://www.techamergin.com/events/upcoming-events

Timpeall na Tíre

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?'