IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

 Inni-K
Inni-K

Cúige Chonnacht

FÉILE: ‘Éigse an Spidéil”, 4-8 Márta, ionaid éagsúla, An Spidéal, Gaillimh. Tá tús curtha leis an Éigse bhliantúil ar an Spidéal i gCois Fharraige, Co. na Gaillimhe. Seoid bheag d’fhéile atá ann a dhéanann ceiliúradh ar ghnéithe éagsúla de chultúr na háite, ina measc an amhránaíocht, an damhsa, an fhilíocht agus na healaíona.

San oíche anocht, baileoidh filí Chonamara Tigh Ghiblin, ag a 8in, d’oíche filíochta a mbeidh Ailbhe Ní Ghearbhuigh, file a bhfuil dán léi ar ghearrliosta ‘A Poem for Ireland’, ina dteannta. Leanfar le siamsa na hoíche le seisiún breá i gcuideachta na gceoltóirí Jack Talty agus Saileog Ní Cheannabháin ag a 10.30in.

Johnny-Óg-BUAILC1

Satharn na hÉigse: I measc na mbuacphointí Dé Sathairn, beidh ceardlann fidle á cur i láthair ag Liam Ó Connor i rith an lae, fidléir aitheanta a bheidh le cloisteáil ag ‘Ceolchoirm na Féile’ an oíche sin, in Óstán na Páirce ag a 8in. Mar is dual don fhéile, déanfar mórcheoltóirí an cheantair a cheiliúradh agus casfar cúpla port as bailiúchán de shaothair nua-chumtha le Johnny Óg Connolly ‘Buail Cos Faoi’. Leanfar le seisiún le Dermot Byrne agus Floriane Blancke san óstán ina dhiaidh sin.

Domhnach na hÉigse: Cuirfear tús le himeachtaí an Domhnaigh le siúlóid treoraithe cois mara le Timín Joe Tim Ó Curraidhin ag tosú ag Cill Éinde ag uair an mheán lae. Tabharfar caint chuimhneacháin ar Tom Pháidín Tom sa Draighneán Donn ina dhiaidh, tráth a mbronnfar gradam Laoch an Traidisiúin ar phearsa aitheanta a fhógrófar ag an ócáid.

Tá clár iomlán na féile ar fáil ar www.eigseanspideil.ie

CAINT: ‘Stair na Gaeilge’, Dé Sathairn 7 Márta, 2in – 3in, Músaem na Gaillimhe, Na Duganna, Gaillimh. Meastar go raibh an Ghaeilge á labhairt in Éirinn chomh fada siar le 2,500 bliain ó shin. Pléifidh an file agus an léachtóir le Gaeilge, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, stair na Gaeilge agus amharcfaidh sí chun tosaigh ar a bhfuil in ndán don teanga. Imeacht trí mheán an Bhéarla atá anseo, fóirsteanach do dhaoine atá 12 bhliain d’aois nó níos sine. https://www.galwaycitymuseum.ie/calendar-of-events/ 

OÍCHE CHLUB: ‘The HIVE’, Dé hAoine 6 Márta, ag a 11.30in, sa Róisín Dubh, Gaillimh. An Márta atá ann, mar sin bímis ag damhsa! Níl an mhí caite fós ach tá Cian Ó Cíobháin agus Cyril Brisceo ar ais sa Róisín coicís i ndiaidh dóibh a bheith ag casadh in éineacht le Jape. Mar a bheifeá ag súil leis ag an “Hive’, tá oíche mhór damhsa geallta don té a thiocfas chuig an chóisir cheoil mhíosúil. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘The Hive’ ar Facebook.

OÍCHE GHRINN: Gaelgáirí sa Ghaillimh, Dé Sathairn 7 Márta, 8.30in, Róisín Dubh, Sráid Dhoiminic, Gaillimh. A bhuíochas do Sheachtain na Gaeilge, beidh GaelGÁIRÍ, an t-aon chlub grinn Gaeilge sa tír ag tabhairt aghaidh ar an iarthar den chéad uair. Is iad Kevin McAleer agus Michael Mee a bheas i mbun na jócanna ar ardán an Róisín Dubh. Beidh seit le Martin Angolo, Aideen McQueen agus Eoin P. Ó Murchú, ar mhinic iad a bheith ar ardán Gaelgáirí, chomh maith le cuairteoirí amhail Pádraig Breathnach (TG4). Ceannaígí bhur dticéid ar www.roisindubh.net sula ndíolfar ar fad iad!

CEOLCHOIRM: ‘Cillín’, Dé Sathairn 7 Márta, 9in, Club Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh. Díséad iad Cillín a bhfuil cáil ar leith acu i measc lucht na Gaeilge agus Gaeltachta. Deis iontach Máirtín Ó Gríofa agus Brian Terry Mac Donnchadha ar ais ar ardán Chlub Áras na nGael do cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge. Saor isteach. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Cillín ag teacht go Cathair na Gaillimhe!’ ar Facebook.


Cúige Laighean

OCÁID IMRAM: ‘Nuascríbhneoireacht na Gaeilge’, 7 Márta, 6in, Institiúid na hÉireann, 27 Sráid an Phiarsaigh, Baile Átha Cliath 2. Blaiseadh de shaothar nua le scríbhneoirí aitheanta atá san ócáid seo ina mbeidh Liam Ó Muirthile, Éilís Ní Dhuibhne, Orna Ní Choileáin agus Proinsias Mac a’ Bhaird i measc na n-údar a léifidh blaiseadh dá n-ábhar nuascríofa. Is é Cathal Póirtéir fear a’ tí na hoíche agus beidh an ceoltóir Colm Ó Snodaigh ó Kíla i mbun amhránaíochta agus ceoil. Saorchead isteach. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘IMRAM’ ar Facebook.

Liam-Ó-Muirthile-SÓM1

LÉACHT: ‘Gaeilge, Gàidhlig & Manainnis: an scríbhneoir cruthaitheach & Gaeilgí leochaileacha an lae inniu’, á cur i láthair ag Alan Titley, Déardaoin 12 Márta, 6in, Acadamh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dásain, Baile Átha Cliath. Pléifidh an tOllamh Alan Titley an gaol liteartha idir Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus an Mhanainnis sa léacht seo. Díreofar go háirithe ar na fadhbanna a bhaineann le ceist na litríochta sna dteangacha sin agus scrúdófar meon an scríbhneora a bhaineann le mórthraidisiún liteartha atá anois imeallaithe sna tíortha inarb ann dóibh. Cead isteach – € 5 / € 3

Tuilleadh eolais:

https://www.ria.ie/Events/Events-Listing/Dioscursa-an-Acadaimh—Gaeilge–Gaidhlig-agus-Man

CEOLCHOIRM/COMÓRTAS: ‘Pan Cheilteach – Comórtas Náisiúnta’, Dé Sathairn 7 Márta ag 8.00i.n, Ostán Seven Oaks, Ceatharlach. Cuirfidh ceoltóirí aonair agus bannaí ceoil 12 amhrán nuachumtha i láthair os comhair lucht féachana agus painéal de thriúr moltóirí ag craobhchomórtas náisiúnta Pan Cheilteach 2015 Dé Sathairn. Rachaidh buaiteoir na hoíche ar aghaidh chuig comórtas Idirnáisiúnta Pan Cheilteach 2015 i gCathair Dhoire aimsir na Cásca, áit a mbeidh an t-amhrán buacach in iomaíocht leis na hamhráin náisiúnta eile ag Albain, an Bhreatain Bheag, Oileán Mhanainn, an Choirn agus an Bhriotáin. Beidh an ceoltóir aitheanta Ollie Hennessy ina fhear an tí. Fáilte roimh chách. Cead isteach €10 Osclófar na doirse ag 7.30i.n. agus cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 8.00. Tuilleadh eolais: 087 2857048, 085 1340047 nó pancelticcarlow@gmail.com


Cúige Mumhan

CEOLCHOIRM AGUS SEOLADH ALBAIM: ‘The King has Two Horses’ á seoladh ag ‘INNI-K’, Dé hAoine 6 Márta in ‘Coughlan’s, Cathair Chorcaí, Dé Sathairn 7 Márta, AN LAB, Daingean, Co.Chiarraí. Seolfaidh Eithne Ní Chatháin, amhránaí agus il-uirliseoir, ar fhidléir le ‘Ré’ í chomh maith, a céad albam aonair an deireadh seachtaine seo. Meascán de cheol traidisiúnta agus nuacheol i nGaeilge agus i mBéarla atá sa chéad eisiúint seo ar toradh é ar fheachtas Fundit. Tuilleamh eolais: https://www.inni-k.com/

CEARDLANN: ‘Ceardlann Puipéadóireachta do Dhaoine Óga’, Dé Sathairn 7 Márta, 2.30in-4in, Lime Tree Theatre, Luimneach. Díreofar ar phearsantacht a léiriú agus carachtair éagsúla a chruthú le puipéid adhmaid. Is é Marc Mac Lochlainn, stiúrthóir agus bunaitheoir ‘Branar’ a chuirfidh an cheardlann i láthair. Tuilleadh eolais: https://www.limetreetheatre.ie/

        

FÍLÍ ÓGA: ‘Scéal Eile Books, Doireann Ní Ghríofa agus deichniúr filí óga’, Dé Domhnaigh 8 Márta, 3in. Glór Inis, Inis, Co. an Chláir. Léifidh filí óga a ndánta a bhain gearrliosta amach i gcomórtas filíochta a reáchtáil an siopa leabhar neamhspleách ‘Scéal Eile Books’. Is í Doireann Ní Ghríofa a bheas ina bean a’ tí. Mura féidir a bheith i láthair, beidh an t-imeacht á sruthú beo ar líne. Tuilleadh Eolais: https://www.glor.ie/events


Cúige Uladh

Éigse Cholm CilleFÉILE: ‘Éigse Cholm Cille’, 6-7 Márta, Ollscoil Uladh, Coláiste Mhig Aoidh, Doire. Cuirfear tús le hÉigse Cholm Cille anocht ag a 7in, san Aula Maxima i gcampus Choláiste Mhig Aoidh, áit a mbeidh seoladh leabhair le hEithne Ní Ghallchobhair agus léacht á cur i láthair ag Ríona Nic Congail faoi theideal ‘Úna Ní Fhaircheallaigh and the Ulster Women of the Gaelic Revival’.

Beidh lá de sheoltaí agus de chainteanna ar siúl Dé Sathairn, bunaithe ar théama na hÉigse ‘Scoláirí Gaeilge Chúige Uladh’. Ceiliúradh ar scríbhneoirí an cheantair mhóir a shíneann ó Chionn Mhálanna in Inis Eoghain go dtí an Ómaigh atá san Éigse.

Is iad Ian Lee, An Moinsíneoir Réamonn Ó Muirí, An tOllamh Pádraig A. Breatnach agus an Dr. Liam Mac Amhlaigh aoichainteoirí an tSathairn. Tuilleadh eolais: https://www.eigsecholmcille.com/

FÉILE: ‘Éigse Uladh’, 6- 7 Márta, An Chrannóg, Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Beidh deireadh seachtaine de dhíospóireachtaí, de chainteanna agus de dhrámaí ar bun sa Chrannóg an deireadh seachtaine seo dírithe ar an téama “An Phleanáil Teanga – Cad é a thig linn féin a dhéanamh?’ Osclófar an Éigse go hoifigiúil anocht agus leanfar le caint agus cur i láthair ar théama na hÉigse. Beidh sraith drámaí ar siúl Dé Sathairn le Cumann Óige Ghaoth Dobhair. Tá an fhéile seo á heagrú ag Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Éigse Uladh 2015’ ar Facebook

DRÁMA: ‘Idir dhá cheann na hImní’ le Noel Ó Gallchóir – saol agus saothar Sheosaimh Mhic Grianna agus amhránaithe óga Thír Chonaill, Dé Céadaoin 11 Márta, ag a 8.00, Acadamh na hOllscolaíochta, Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Dráma aon fhir bunaithe ar shaol agus ar shaothar Sheosaimh Mhic Ghrianna (1900-1990), an t-údar mór le rá as Rann na Feirste a scríobh An Druma Mór, An Grá agus an Ghruaim, Mo Bhealach Féin agus go leor eile.  Dráma é seo a scríobh Noel Ó Gallchóir. Is é a chuireann i láthair é fosta. Tá an t-imeacht seo á reáchtáil mar chuid d’Éigse Uladh. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Éigse Uladh ar Facebook’.

TEACHT LE CHÉILE: ‘Oíche Airneáin’, Dé hAoine 6 Márta 9.30in, Beár an Iarnróid le Bothán, Sráid Mhuineacháin, An tIúr, Co. an Dúin. Oíche chuideachta, áit a mbailíonn cainteoirí Gaeilge le chéile. Saor in Aisce. Tuilleadh eolais: 028 30313258/077 3873 8965 nó mici.walsh@newryandmourne.gov.uk


Timpeall na Tíre

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’.

Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.