IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar chuid de na himeachtaí agus ócáidí atá á reáchtáil as seo go ceann seachtaine

Padraig Rynne's  Notify & Pauline Scanlon by Con Kelleher
Pauline Scanlon agus Pádraig Rynne NOTIFY

Cúige Uladh


CABARET: ‘Kíla, Na Fá Dú Dá’s, Na Cnaipí Damhsa agus eile’, An Cabaret Craiceáilte, Dé Sathairn 28 Feabhra, 9.30 ar aghaidh, Tigh Huidí, Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Cóisir mhór mhíosúil atá sa Chabaret Craiceáilte a thugann ceoltóirí den scoth agus Gaeil le chéile d’oíche lán de cheol, de chraic agus de dhamhsa. Tabharfaidh Kíla cúis cheiliúrtha ar leith don slua Dé Sathairn agus rogha amhrán óna n-albam úr ‘Suas Síos’ a chur i láthair acu. Ar an ardán in éineacht leo beidh ‘Na Fá Dú Dá’s’ (Cathal Ó Cuirreáin) agus ’Na Cnaipí Damhsa’. Tá fáilte roimh chách! Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘An Cabaret Craiceáilte’ ar Facebook.

Clíona-Tomaí-Sonc
Clíona Ní Chiosáin agus Tomaí Rua Ó Conghaile

SEOLADH: ‘Seachtain na Gaeilge’, Dé Sathairn 28 Feabhra, 1-4in, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Seolfar Seachtain na Gaeilge go hoifigiúil i gcathair Bhéal Feirste Dé Sathairn bheag seo, ócáid a chuirfidh tús le coicís d’imeachtaí Gaeilge a bheas a reáchtáil ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. I measc na n-aíonna a bheidh i láthair don seoladh, tá an tAire Cultúir, Carál Ní Chuilin, agus ambasadóirí Sheachtain na Gaeilge, Tomaí Rua Ó Conghaile (NÓS) agus Clíona Ní Chiosáin (Aifric ar TG4). Tráthnóna siamsa atá geallta a mbeidh seisiún ceoil ann le Feilimí Ó Connor (Dún Dealgán) agus Charlie Le Brún (An Bhriotáin). Beidh ‘Saol Faoi Shráid’ a léiriú ag Fíbín roimh an seoladh ag a 11.30rn. Tuilleadh eolais: https://snag.ie/en/events/ 

CEOLCHOIRM: ‘Breithlá Buzz Sound’, Dé Sathairn 28 Feabhra, 9in-2in, Queen’s Bar Arcade, Béal Feirste. Tá an oíche réige agus ska ‘Buzz Sound’ á reáchtáil ag Cormac Ó Briain, príomhamhránaí The Boss Sound Manifesto, ar feadh bliana an Satharn seo agus ceiliúradh a gcéad bhreithlá ar bun acu. Beidh an grúpa iomlán in éineacht le Cormac, craoltóir le Raidió Fáilte, agus táthar ag súil le scoth an cheoil ó Peter Browne, ón ghrúpa Shut, aoi ceoil as Glaschú na hAlban. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Buzz Sounds Crew 1st Birthday Party;’ ar Facebook.

CEOLCHOIRM agus DAMHSA: ‘Ceolchoirm ar an Mhullach Odhráin’, Dé Domhnaigh 1 Márta, Mullach Odhráin, Co. an Chabháin. Baileoidh ceoltóirí, éisteoirí, damhsóirí agus amhránaithe de chuid an Chabháin le chéile don cheolchoirm bhliantúil ar an Mhullach Odhráin. Tá an ceolchoirm á reáchtáil ó 1969 ag an fhidléir aitheanta Antain MacGabhann. Beidh bus ag fágáil Bhaile Átha Cliath ag a 3.15in agus ag filleadh i ndiaidh na ceolchoirmeacha. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Mullahoran Concert, 46th Year’ ar Facebook.

SIÚLÓID TREORAITHE: Siúlóid chuig Túr Múrach i bPáirc Foraoise Chaisleán Uidhlín  le Grúpa Siúlóide Chaisleán Uidhilín, Dé Sathairn, an 22 Feabhra, ag 10.30rn, Caisleán Uidhilín, Co. an Dúin. Buailfidh an grúpa le chéile taobh amuigh de Hillyard House, ar Ascaill an Chaisleáin, Caisleán Uidhilín, áit a mbeidh síob ar fáil má tá sé uait, agus ag 10.45rn ag an gheata amach ar Bhóthar Áth Bhriain. Má tá sé ag cur fearthainne, beidh an grúpa ag bualadh le chéile in Hillyard House. Is grúpa siúlóide ‘neamhfhoirmiúil’ é seo.

diamond_hill_girl_walking1


Cúige Chonnacht


SCANNÁN: ‘Two Days, One night ’, á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna, Déardaoin 19 Feabhra, ag a 20:15, Scoil Shailearna, Indreabhán, Gaillimh.

Scéal faoi bhean atá ag streachailt ina láthair oibre i ndiaidh babhta tinnis. Chlis ar shláinte Sandra agus chaith sí cúig mhí ar shaoire breoiteachta. Nuair a fhilleann sí ar a post, faigheann sí amach go bhfuil an lucht bainistíocht ag iarraidh a cuid cúraimí a roinnt ar a comhghleacaithe agus go dtabharfaidh siad ardú pá do chách má ghlacann siad leis an socrú seo. Caitheann Sandra dhá lá agus oíche ag stocaireacht agus ag impí ar a comhghleacaithe diúltú don tairiscint seo an fhaid is atá an imní ag dul lastuas di féin. Cead isteach €8/€7 an scannán nó €30/€25 ar bhallraíocht don chlub – 10 scannán sa séasúr. Tuilleadh eolais: https://clubscannan.ie/ga/seasur-an-earraigh-2015/the-way-he-looks

CEOLCHOIRM: ‘Ceolchoirm ar mhaithe le feachtas Andrew Lydon’, Dé Sathairn 28 Feabhra, 8in, Ionad Pobail Chill Chiaráin. Tá oíche mhór cheoil agus amhránaíochta eagraithe ag Coiste Chomórtha Joe Éinniú le hairgead a chruinniú d’fheachtas Andrew Lydon. I measc na n-aíonna a bheidh ar ardán, tá Danny O’Mahoney, Caitríona Ní Cheannabháin, Lillis Ó Laoire, Ceoltóirí Óga Iorras, Jackie Mac Donnacha agus Neansaí Ní Choisdealbha. Cuirfear crannchur ar siúl freisin le linn na hoíche le duaiseanna den scoth. Tá súil ag an choiste go dtabharfar an-tacaíocht don ócáid seo le cuidiú le Andrew comhar leighis a fháil a thabharfadh deis dó níos mó ama a chaitheamh lena chlann óg. Cead isteach: €15 agus €20 do bheirt. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Ceolchoirm ar mhaithe le feachtas Andrew Lydon’ ar Facebook.

TAISPEÁNTAS: ‘Damhsa ar an Sean-nós’, Dé Sathairn 28 Feabhra, 2.30in-3.30in, Músaem na Gaillimhe, Gaillimh. Taispeántas den damhsa ar an sean-nós le muintir Uí Dhubháin as Conamara, Gearóid, Paraic agus Colm, ar triúr deartháireacha aitheanta iad i saol an damhsa. Fáilte roimh chách agus saorchead isteach. Tuilleadh eolais:  (091) 532460 or museum@galwaycity.ie https://www.galwaycitymuseum.ie/calendar-of-events/

LÍONRA TURASÓIREACHTA CHONAMARA: ‘Geandáil Gasta’, Déardaoin 5 Márta, 9.30rn, Óstán Chois Fharraige, Conamara, Gaillimh. Tá an ócáid seo á reáchtáil le go mbeidh deis ag daoine atá ag plé le cúrsaí turasóireachta i gConamara teacht le chéile, a gcuid smaointe a roinnt agus iad féin a chur in iúil do dhaoine eile sa tionscal céanna. Beidh cur i láthair á dhéanamh ag Fiona Candon a dhíreoidh ar bhealaí chun líonra nó naisc a chruthú ar fud Chonamara. Más spéis leat a bheith i láthair don ócáid, téigh i dteagmháil le Karen Curry ón chomhlacht First Western  071-9165973  karen@firstwestern.ie 

OSCAILT: ‘Oifig Nua Ghór na nGael’, Dé Luain 2 Márta, 2.00 i.n, 3 Sráid na Seaneaglaise, Baile Átha an Rí, Gaillimh. Seolfaidh Ambasadóir Sheachtain na Gaeilge, Clíona Ní Chiosáin agus Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdia Mac an Fhailigh, oifig nua Ghlór na nGael am lóin Dé Luain.Tá Glór na nGael ar cheann de sé chinn de Cheanneagraíochtaí Gaeilge a thagann faoi scáth nua maoinithe Fhoras na Gaeilge. Beidh ceathrar ball foirne ag feidhmiú as an oifig nua i mBaile Átha an Rí, ina ndéanfar freastal ar réigiúin an Iarthair. Craolfar an clár “Ardthráthnóna” le Máirtín Tom Sheáinín ón ócáid. Beidh sólaistí ar fáil & ceol beo le “Muir Sin É”. Tuilleadh Eolais: www.glornangael.ie


Cúige Laighean


leo-class-lowNA PÍOBAIRÍ UILEANN: ‘Imeacht cuimhneacháin Leo Rowsome, Dé Sathairn 28 Feabhra, 10.00rn-12.30in, 1:30in-3.30in, Na Píobairí Uileann, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath. Imeacht lae in ómós an laochra Leo Rowsome, ar phíobaire agus deontóir píb aitheanta é a d’éag i 1970. Sna blianta roimh a bhás, chinntigh Leo go raibh píobairí óga oilte sna gnéithe éagsúla a bhaineann le láimhseáil na bpíb, ríd-dhéanaimh agus úsáid na rialtán. Díreoidh ceardlanna an lae ar na gnéithe seo ar fad agus beidh ranganna ceoil le Robbie Hannon  Marion McCarthy and Ciarán Mac Fheidhlimidh, chomh maith le ceolchoirm leis an cheathrad Mick Touhey, Fergus Finnegan, Mick O’Brien, Leo Rickard agus Club na bPíobairí Dhoire. Tuilleadh eolais ag Na Píobairí Uilleann: 018730093, www.pipers.ie, info@pipers.ie

DRÁMAÍ: Smidiríní a léiriú ag M’Umbro Top agus Scalped a léiriú ag Ramblinman, 27 Feabhra, 6.30in, Smock Alley Theatre, Baile Átha Cliath.

Dhá dhráma in aon oíche amháin. Cuirfidh lucht na Gaeilge spéis ar leith sa dráma ‘Smidiríní’, dráma úrnua a phléann le gnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge agus a chuireann i láthair iad tríd an ghreann. Leanfaidh Scalped, dráma a dhíríonn ar iontais agus ar nádúr an tsaoil. Cead isteach:€12/€10 Tuilleadh eolais: https://smockalley.ticketsolve.com/shows/873527502/events

TURAS TREORAITHE: ‘Taispeántas W.B Yeats’, Déardaoin 5 Márta, 2in, Leabharlann Náisiúnta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath. Comóradh 150 bliain atá i 2015 ar bhás an fhile W.B Yeats. Mar chuid d’imeachtaí ceiliúrtha na bliana tá sraith de thurais treoraithe a reáchtáil a dhíríonn ar an taispeántas ‘Saol agus Saothar W.B Yeats’ atá a thaispeáint sa Leabhar Náisiúnta le linn na bliana. Turas saor in aisce uair sa mhí atá i gceist, ar an Déardaoin deireanach den mhí. Tuilleadh eolais: https://www.nli.ie/


Cúige Mumhan


Bryan+Burroughs__Beowulf+The+Blockbuster+at+Irish+Arts+Center_April+22+2014_Photo+Credit+Amanda+Gentile

DRÁMA: Beowulf: The Blockbuster’, scríofa agus curtha i láthair ag Bryan Burroughs, 3 – 5 Márta, 8in, The Everyman, Corcaigh. Tá ardmholadh faighte ag an dráma seo ó léirmheastóirí in Éirinn agus thar lear, le cúig réalta tugtha ag cuid acu dó agus seónna díolta amach. Ag Féile ar an Imeall Dhún Éideann, tháinig Beowulf chun cinn mar cheann de na seónna is mó tóir agus bronnadh duais ar Bryan Burroughs, as Ceatharlach ó dhúchas, as scoth na haisteoireachta. Scéal faoi bheatha agus bás a rachaidh i bhfeidhm ar an uile dhuine. Costas: €18 | €16 | mac léinn €9 Tuilleadh eolais: https://www.everymancork.com/category/tue-3-thu-5-mar/

CEOLCHOIRM: Niamh Ní Charra, Ionad Cultúrtha Chorcaí, Dé hAoine 27 Feabhra, 8.30-10.30, Ionad Cultúrtha Corcaigh. Amhránaí agus ceoltóir as Cill Airne ó dhúchas ar imir stíl ceoil Sliabh Luachra an-tionchar ar a cuid ceoil. Tá an iliomad duais buaite aici ar an chonsairtín agus fidil agus na blianta caite aici mar cheoltóir le Riverdance. Beidh an giotáraí Kevin Corbett mar thionlacan.https://www.youtube.com/watch?v=_edzLkBQaes

TAISPEÁNTAS: ‘Foluain – ‘Séid do Bhrat’, Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne, Co Chorcaí.  Cuimhneachán ar eachtraí daltaí na hIdirbhliana ina ndéantar ceiliúradh ar thréimhse a chaitheamh i gCeapach na Laoi, Co. Chiarraí. Taispeántas ildathach spraíúil a léiríonn an nasc idir na healaíontóirí óga agus an nádúr. Tuilleadh eolais: www.ionadculturtha.ie/


Timpeall na Tíre


Pauline Scanlon agus Pádraig Rynne NOTIFY

Pósadh idir an cheol traidisiúnta agus ceol leictreonach atá sa teacht le chéile seo a thugann Pauline Scanlon (Lumiere), draoi an chonsairtín Pádraig Rynn agus Notify le chéile ar aon ardán amháin. Mar thoradh ar choimisiúnú ón Chomhairle Ealaíon, d’éirigh le Pauline agus Pádraig sé mhí a chaitheamh i mbun cumadóireachta don tsraith ceolchoirmeacha seo. Tá sé mar aidhm ag an ghrúpa seo lucht éisteachta nua a tharraingt i dtreo an cheoil thraidisiúnta. Cuirfear tús lena gcamchuairt sa MAC i mBéal Feirste agus cuirfidh siad clabhsúr air i mBaile Átha Cliath ar Lá Fhéile Pádraig. Tuilleadh eolais: https://www.padraigrynne.com/NOTIFY+PAULINE/#!/page_live

Béal Feirste – Dé hAoine 27 Feabhra, (The MAC)

Ard Mhaca – Dé Sathairn 28 Feabhra (Charlemont Arms Hotel)

Sligeach – Dé Domhnaigh 1 Márta, (Hawk’s Well Theatre)

Corcaigh- Dé Céadaoin 4 Mártah, (Coughlan’s)

An Clár – Déardaoin 5 Márta, (Glór Ennis)

Cill Chainnigh – Dé Luain 16 Márta,  (The Set Theatre)

Baile Átha Cliath – Dé Máirt 17 Márta (The Chapel Royal)

GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ mar chuid den fheachtas ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, cibé acu i d’fhoghlaimeoir nó i do chainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcal Comhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824.