IMEACHTAÍ: Cad é atá ar siúl agat an deireadh seachtaine seo?

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar a bhfuil ag tarlú i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta as seo go ceann seachtaine

Tim-Edey
CEOLCHOIRM: ‘The Tim Edey Collective’, Dé hAoine 21 Samhain, 8.in, Cultúrlann Uí Chadhain, Doire

Cúige Uladh


CEOLCHOIRM: ‘The Tim Edey Collective’, Dé hAoine 21 Samhain, 8.in, Cultúrlann Uí Chadhain, Doire. Ainmnithe mar ‘Cheoltóir na Bliana 2012’ ag BBC Radio 2, is il-ionstraimí agus amhránaí aitheanta é Tim. Bhíodh sé ag seinm le The Chieftains, Christy Moore agus Sharon Shannon agus le roinnt blianta bíonn sé le feiceáil ar ardán le Séamas Ó Beaglaoich, Mike McGoldrick agus Lúnasa. Meascán de cheol domhanda, snagcheol agus ceol traidisiúnta atá ag an Tim Edey Collective. Tuilleadh eolais: www.culturlann-doire.ie


Fleadh Feirste

CÉILE: ‘Céilí Fhleadh Feirste’,  Dé Domhnaigh 23 Samhain, 8:00i.n,  An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste.  Téann brabús Chéilí Fhleadh Feirste chuig carthanacht ar leith. Tabhair amach na bróga damhsa d’oíche bhreá le Máire Bean Uí Bhruadair, an Buíon Céilí Trasna agus dornán d’aíonna speisialta. Ticéid £10. Tuilleadh eolais: Áine: 07754616831 | (028) 90301222 nó www.culturlann.ie


SEOLADH LEABHAIR: ‘An Bhean Feasa’ le Alan Titley, Dé Luain 24 Samhain, 7.30i.n, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Is i bhfoirm filíochta atá an t-úrscéal is déanaí le Alan Titley, an chéad leabhar dá leithéid sa Ghaeilge. Scéal faoi bhean Éireannach a daoradh chun báis ar chúis asarlaíochta agus a crochadh i mBostún Shasana Nua ar an 16ú Samhain 1688. Samhlú ar shaol agus ar dhálaí na mná seo, idir Bhostún, Bharbados agus Éire féin. Saorchead isteach. Tá an imeacht seo ar siúl mar chuid d’Fhéile na Ceathrún Gaeltachta. www.culturlann.ie


SEOLADH LEABHAIR: ‘An Gheolaíocht, Ó Bhun go Barr’, Dé Luain 24 Samhain, 2.30i.n, Coláiste Ailigh, Litir Ceanainn, Dún na nGall.  Beidh an t-eagrán is déanaí sa tsraith leabhar seo d’fhoghlaimeoirí, chomh maith le dhá phóstaer  ‘Fíor-Léarscáil na hÉireann’ agus ‘Geolaíocht Bhuncharraige na hÉireann’ a sheoladh ag an Aire Stáit, Joe McHugh. Is é Diarmuid Clifford a scríobh an leagan Gaeilge. Tá an leabhar dírithe ar dháltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge ach chuirfeadh foghlaimeoirí fásta Gaeilge suim ann freisin. Tá an t-ábhar seo á fhoilsiú mar chuid de Scéim Teanga na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Tuilleadh eolais: Tomas.OMaonaile@dcenr.gov.ie


OÍCHE FILÍOCHTA: ‘Dámhscoil Loch Lao’, Dé Céadaoin 26 Samhain, 8:00i.n, An Chultúrlann, Béal Feirste. Tugann Fleadh Feirste ardán nua d’fhilí óga agus aosta araon, do scríbhneoirí a bhfuil saothar leo foilsithe agus dóibh siúd nach bhfuil.  Beidh deis ag filí a saothar a chur i láthair agus foilseofar ‘an Cheist’, nó ‘an Muse’ roimh ré le cuidiú leo a bhfreagraí a chumadh. Cuirfear fíon ar fáil chomh maith. Tuilleamh eolais: concubhar.oliathain@gmail.com.  Tá an imeacht seo á eagrú mar chuid d’ Fhéile na Ceathrún Gaeltachta. www.culturlann.ie


OÍCHE MAC LÉINN: Oíche na Mac Léinn, Déardaoin 27 Samhain, 8:00in, An Chultúrlann, Béal Feirste. Baileoidh Gaeil óga na cathrach le chéile d’oíche shóisialta eagraithe ag Cumann Gaelach Choláiste Naomh Muire. Bí ag dúil le siamsaíocht agus ceol den scoth. Cead isteach ag daoine atá 18 bliain nó níos sine. Imeacht de chuid Fhéile na Ceathrún Gaeltachta í seo. www.culturlann.ie


TAISPEÁNTAS: Ealaíontóirí Oileán Thoraí, Déardaoin 27 Samhain, 7:00in, An Chultúrlann, Bóthar na bhFál, Béal Feirste. Saothair ealaíne ó phobal beag d’ealaíontóirí ó Oileáin Thoraí a bheas ar taispeáint i nDánlann na mBallaí Bána go dtí Eanáir 2015. Beidh seisiún ceoil thraidisiúnta i ndiaidh oscailt oifigiúil an taispeántais. Fíon agus sólaistí ar fáil. Is mar chuid d’Fhéile na Ceathrún Gaeltachta atá sé seo á reáchtáil. www.culturlann.ie


TAISPEÁNTAS: Seolfar ‘Thoir agus Thuaidh’, Dé Sathairn 22 Samhain, i nDánlann Dillon, 7i.n, i gCultúrlann Mac Adam ó Fiach, Béal Feiste agus Déardaoin 27 Samhain, 7i.n, ‘An Gailearaí’, Gaoth Dobhair, Dún na nGall. Ceiliúradh ar an cheangal idir Gaeltacht Thír Chonaill agus Gaeil Bhéal Feirste atá sa dá thaispeántas seo. Beidh nasc físe idir an dá dhánlann, ina léireofar píosa ealaíne an duine le healaíontóirí ó Bhéal Feirste agus Tír Chonaill, Breandán Ó Suilleabháin, Bridget Ryan, Caomhán Mac an Iomaire, Clíodhna Cussen, Seán Ó Flaithearta, Úna O’Grady ina measc. Déanfaidh an craoltóir ó RTÉ RnaG, Rónán Mac Aodh Bhuí an taispeántas a sheoladh i nGailearaí Ghaoth Dobhair agus is é an tAire Stát, Joe McHugh a osclóidh an taispeántas i nDánlann Dillon, Béal Feirste.


Cúige Chonnachta


OÍCHE CHLUB: ‘Vinyl Fling’, le Ben Ó Faoláin, Dé hAoine 21 Samhain, Club Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh. An damhsa deiridh le Ben Ó Faoláin, DJ agus léirmheastóir ceoil , atá ag casadh ceirníní i gClub 02 gach seachtain le 12 bliain anuas. Deireadh ré Ben agus Mr Whippy atá ann, beirt DJ ar éirigh leo lucht leanúna dílis a mhealladh agus scoth na n-oícheanta ceoil a reáchtáil seachtain i ndiaidh seachtaine. Cailleadh mór do shaol an cheoil i nGaillimh ach bígí ag faire amach ar leathanach ‘Imeachtaí’ Tuairisc.ie  dona thuilleadh eolais faoi oícheanta clubanna Ben Uí Fhaoláin amach anseo.


 

Cian-O-Ciobhain-Press
OÍCHE CHLUB: ‘110th Street’, ag ceiliúradh 16 bliain ar an bhFód, Dé Sathairn 22 Samhain, 11.30i.n, sa Róisín Dubh, Gaillimh. Cyril Briscoe & Cian Ó Cíobháin, ceannródaithe ar ghluaiseacht ‘chlub’ na Gaillimhe a bhfuil a gclub féin ag gabháil ó bhí Samhain 1998 ann. Ó shin i leith, bhí oícheanta acu sa Radisson, an GPO, The Vic, The Celler agus Monroe’s. Beidh Sol O’Carroll (Space Camp, Baile Átha Cliath), ag seinm in éineacht leis an DJ agus láithreoir ‘ATT’ ar RnaG, Cian Ó Cíobháín, agus a leathbhádóir Cyril Briscoe. Cead isteach €5.00. Gheobhaidh an chéad 50 duine pionta Kozel saor in aisce. Tuilleadh eolais: https://twitter.com/110thgalway nó cuardaigh ‘110th Street’ ar Facebook.

OÍCHE CHLUB: ‘110th Street’, ag ceiliúradh 16 bliain ar an  bhFód, Dé Sathairn 22 Samhain, 11.30i.n, sa Róisín Dubh, Gaillimh. Cyril Briscoe & Cian Ó Cíobháin, ceannródaithe ar ghluaiseacht ‘chlub’ na Gaillimhe a bhfuil a gclub féin ag gabháil ó bhí Samhain 1998 ann. Ó shin i leith, bhí oícheanta acu sa Radisson, an GPO, The Vic, The Celler agus Monroe’s. Beidh Sol O’Carroll (Space Camp, Baile Átha Cliath), ag seinm in éineacht leis an DJ agus láithreoir ‘ATT’ ar RnaG, Cian Ó Cíobháín, agus a leathbhádóir Cyril Briscoe. Cead isteach €5.00. Gheobhaidh an chéad 50 duine pionta Kozel saor in aisce. Tuilleadh eolais: https://twitter.com/110thgalway nó cuardaigh ‘110th Street’ ar Facebook.


SCANNÁN: ‘The Past’ (Le Passe), á thaispeáint Déardaoin, 27 Samhain ag 8:15 i gClub Scannáin Shailearna, Indreabhán, Conamara, Gaillimh. Scannán bleachtaireachta, lán le mothúcháin é seo leis an stiúrthóir Iaránach, Asghar Farhadi, a bhuaigh Oscar dá scannán  ”A Separation’. Téama na clainne nua-aimseartha atá sa scéal seo suite ar imeall Pháras. Bhris Ahmad amach lena bhean, Marie, ceithre bliana ó shin agus anois tá sé tagtha anall as Tehran chun deireadh a chur leis an bpósadh. Aithníonn Ahmad ar iníon Marie go bhfuil míshuaimhneas sa gclann agus téann sé  fiosrú an scéil.  Cead isteach: €8 (€7) nó is féidir ballraíocht club ghlacadh ar €30 (€ 25), a thabharfaidh cead isteach duit go dtí na scannáin go léir ar an gclár. Tuilleadh eolais: https://clubscannan.ie/ga/


Cúige Laighean


Club FONNOÍCHE DO NA GAEIL: ‘Club Fonn’, Dé hAoine 21 Samhain, McGrattan’s, Lána Mhic Liam, Baile Átha Cliath. Baileoidh Gaeil na hardcathrach le chéile d’oíche shiamsaíochta lán ceoil agus cainte. Beidh Shane Hennessey, Inni-K agus DJ Niamh Ní Shúilleabháin ar an ardán agus is é an fuirseoir Eoin P Ó Murchú a bheidh ina fhear an tí. Comhfhiontar é seo idir ‘Teacht Aniar’ agus ‘Raidió na Life’. Ticéid ar fáil ag www.eventbrite.ie nó ar an doras. Cead isteach €10. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Club Fonn’ ar Facebook.


ÓCÁID CHEILIÚRTHA: ‘Mórdhinnéar na Bliana 2014’, Na Gaeil Óga CLG, Dé Sathairn 22 Samhain, Óstán Davenport, Sráid Mhuirfean Íoctharach, Baile Átha Cliath. Beidh cairde, lucht tacaíochta agus urraitheoirí ‘Na Gaeil Óga’ ag bailiú le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar shárimreoirí na bliana agus ar an méid atá bainte amach ag an chumann. Tá go leor le ceiliúradh i mbliana agus struchtúr ‘faoi aois’ curtha ar bun acu a bhfuil os cionn dhá scór páiste cláraithe leis cheana féin. Tá na ticéid ar fáil ar líne ar Eventbrite agus costas €45 orthu agus tá fáilte roimh chách. Ticéid ar fáil ó shuíomh www.everbrite.ie nó ó Mháire de Staic: 087 793 5266. Cuirtear fáilte roimh baill nua i gcónaí. Má tá spéis agat clárú leis an gclub, déan teagmháil leo ar cumannclg@gmail.com.


LÉIRIÚ DÁTHEANGACH: ‘Má Thagann Tú’, Dé Domhnaigh 23 Samhain, 3i.n, sa Back Loft, 7/11 Sráid San Agaistín, Baile Átha Cliath. Déanfaidh Cathal Quinn, Eamonn Galldubh, Síle Denvir agus Aodán Ó Ceallaigh ceiliúradh ar an ngrá mar a fhaightear sa traidisiún Gaelach é le míle bliain. Faoi stiúir Tristan Rosenstock. Cead isteach saor in aisce. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Everlasting Voices Guthanna Binne Síoraí’ ar Facebook.


Cúige Mumhan


CÉILÍ: ‘Céilí by the Lee’, Dé hAoine 21 Samhain, 9i.n, Clancy’s Bar/Rafferty’s Bistro, Sráid an Phrionsa, Cathair Chorcaí.  Tá an céilí seo feiliúnach do dhamhsóirí déanta agus dóibh siúd ar bheagán taithí araon. Ní gá go mbeadh aon chur amach agat ar na steipeanna, beidh an MC ann chun na rannpháirtithe a stiúradh. Fáilte roimh chách (18 +). Cead Isteach: €8. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Céilí by the Lee’ ar Facebook.


Taispeántas: ‘Feast’, saothar nua le Niki Purcell á thaispeáint faoi láthair sa Lab, Ionad Ealaíona Gaeilge sa Daingean. Is é atá i Feast ná sraith reatha pictiúr leis an ealaíontóir Éireannach Niki Purcell, a dhéanann ceiliúradh ar ghrá an ealaíontóra don aoibhneas in-ite, bíodh canta méith císte nó lán doirne de phónairí nuaphioctha i gceist. Baineann na pictiúir le sásamh na gcéadfaí; a n-aidhm ná breith ar mheandar dúile agus aoibhnis.


ÓCÁID CHEILIÚRTHA: ‘Ceiliúradh 25 Bliain Ghaelcholáiste Chiarraí’, Dé hAoine 21 Samhain, Óstán Bhaile Rua, Co. Chiarraí. Tosóidh ceiliúradh 25 Bliain Ghaelcholáiste Chiarraí ar a 6:30 i.n. le fáiltiú agus dinnéar ar a 7:30 i.n. Tosóidh an ceol ar a 9:30 i.n. leis an mbanna ceoil ‘Celebration’ agus dioscó ina dhiaidh. Tá ticéid ar fáil ó oifig na scoile: €50 don bhéile nó €15 chun freastal ar an ócáid ar a 9:30 i.n. Fáilte roimh iarscoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí chomh maith le tuismitheoirí agus múinteoirí an lae inniu. Beidh an scoil ar oscailt don phobal ar an 21 Samhain ó 1:30 i.n. go 3:00 i.n agus leanfar leis an gceiliúradh ina dhiaidh sin le cluiche peile. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar leathanach Facebook na scoile nó is féidir dul i dteagmháil leis an scoil ar 066-7121650 nó trí ríomhphost: gaelcholaiste.ias.eircom.net


Taispeántas: Feast saothair reatha le Niki Purcell, a thaispeáint faoi láthair sa Lab, Ionad Ealaíona Gaeilge sa Daingean, Co. Chiarraí. Is é atá i Feast ná sraith reatha pictiúir de chuid an ealaíontóra Éireannach Niki Purcell a cheiliúrann grá an ealaíontóra don aoibhneas inite, bíodh canta méith císte nó lán doirne de phónairí nua-phioctha agus iad díreach scaoilte as a bhfaighneoga i gceist. Baineann na pictiúir le sásamh na gcéadfaí; a n-aidhm ná breith ar mheandar dúile agus aoibhnis.


Taispeántas: ‘Musicians of Ireland’ le Susan Hughes, as seo go tús mhí na Nollag, Glór Innis, Co. an Chláir. Díríonn an t-ealaíontóir Susan Hughes, as Béal Feirste ó dhúchas, ar cheoltóirí traidisiúnta na hÉireann sa bhailiúchán saothair seo.


caladh-nua
SEOLADH ALBAIM AGUS CEOLCHOIRM: ‘Caladh Nua’, in éineacht Nell Ní Chróinín agus Caoimhín Ó Fearghail, Dé hAoine 21 Samhain, 9.i.n, An Muileann, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí. Seolfaidh Caladh Nua a n-albam nua ‘Honest to Goodness’, le ceolchoirm ina gcloisfear roinnt de na rianta ón albam . Beidh buaiteoir Chorn Uí Riada, Nell Ní Chróinín, ar an ardán chomh maith le Caoimhín ó Fearghail. Cead isteach: Saor in aisce.

Timpeall na tíre


SCÉAL ÓN MÓL THUAIDH:  Tá ‘Tuismitheoirí na Gaeltachta’ ag glacadh le litreacha do Shantaí ó pháistí Gaeltachta. Ba mhaith le ‘Fear na Feasóige’ dá dtabharfadh Tuismitheoirí na Gaeltachta cúnamh dó na litreacha uilig ó ghasúir Ghaeltachta a chruinniú le chéile agus a chur chuige, ionas go mbeidh sé in ann iad go léir a fhreagairt i nGaeilge. Ní gá do na gasúir mar sin, ach a gcuid litreacha a chur sa bposta chuig an seoladh seo: Litir chuig Santaí, F/Ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe. Moltar go láidir na litreacha a bheith sa bposta roimh Dé Céadaoin 10 Nollaig.


GRÉASÁN CIORCAIL CHOMHRÁ: ‘Is leor beirt’ maidin, tráthnóna agus oíche in ionaid éagsúla ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. An chéad mhórghréasán de ‘Chiorcail Chomhrá’ faoi theideal an fheachtais ‘Is leor beirt’. Tá ciorcail chomhrá ar fáil do gach leibhéal, má tá tú ag foghlaim nó más cainteoir líofa thú. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte romhat ‘Ciorcail Chomhrá’ a thosú i do cheantar féin. Níl le déanamh ach am, áit agus sonraí teagmhála a chur chuig isleorbeirt@cnag.ie nó is féidir scairt a chur ar Chonradh na Gaeilge +353 (0)91 567824. le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar cnag.ie.