IMEACHTAÍ: Amhránaíocht agus preab-Ghaeltacht i Sráid na Cathrach agus leagan Gaeilge de Medea

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar chuid de na himeachtaí Gaeilge agus Gaelacha atá romhainn amach

IMEACHTAÍ: Amhránaíocht agus preab-Ghaeltacht i Sráid na Cathrach agus leagan Gaeilge de Medea

Sráid na Cathrach, Contae an Chláir

Is beag leithscéal a theastódh ó dhuine le cuairt a thabhairt ar Shráid na Cathrach i gcontae an Chláir agus más gean leat amhránaíocht, stair, comhluadar agus preab-Ghaeltacht, seo an áit duit an deireadh seachtaine seo.

Tá Éigse Thomáis Uí Aodha á heagrú ag Oidhreacht an Chláir le comóradh a dhéanamh ar fhile, údar agus cartagrafaí Shráid na Cathrach a mhair idir 1866-1935 agus a rinne cion fir ar son athbheochan na Gaeilge.

Tráthnóna Dé hAoine, tabharfaidh an Dr Tomás Mac Conmara léacht dar teideal ‘Na Dubhchrónaigh i gContae an Chláir: stair agus cuimhne’, ag a gcloisfear go leor de na hagallaimh atá déanta aige (trí Bhéarla) le blianta siar le muintir an Chláir maidir lena gcuimhní ar an tréimhse sin. Beidh cartlann phearsanta Thomáis Uí Aodha, a bhronn a gharneacht, Catríona McHale atá anois ar shlí na fíreinne, ar Oidhreacht an Chláir, ar taispeáint ag an éigse. Tabharfar cuairt ar theach Thomáis ar an Satharn.

Díreach ina dhiaidh sin, seolfar an leabhrán ‘How Irish is our English?’ Focail Ghaeilge atá beo fós i mBéarla an cheantair seo, ina bhfuil liosta de na focail agus frásaí Gaeilge atá fós in úsáid i mBéarla an cheantair agus a bailíodh ó pháistí agus muintir an cheantair.

Óna  trí a chlog beidh Preab-Ghaeltacht i Clancy’s agus beidh deis ag cách spraoi is comhrá a bheith acu as Gaeilge.

Beidh amhránaíocht agus ceol le Máire Ní Chéileachair agus na ceoltóirí Therese McInerney agus Francis Cunningham i Cleary’s ina dhiaidh sin agus saorchead isteach ag na himeachtaí go léir.

Camchuairt Splódar le ‘Medea’

Más suim leat an drámaíocht, b’fhiú duit an dialann a mharcáil anois, mar ag deireadh na míosa seo beidh an compántas Splódar ag dul ar camchuairt leis an dráma Medea le Euripides, ceann de  sheanchlasaicí na Gréige.

Ach ní athraíonn an duine agus is coimhlint agus fonn díoltais idir fear is bean an téama. Nach tráthúil agus nach aisteach go bhfuil sárú ar chearta na mban fós gan réiteach.

Is í Tara Breathnach (Anne Boleyn sa scannán faisnéise leis an BBC, The Last Days of Anne Boleyn) atá i bpáirt Medea agus tá an damhsa clasaiceach fite fuaite sa léiriú.

Ar na haisteoirí eile a bhéas páirteach sa dráma seo tá Bríd Ní Chumhaill, Máiréad Ní Ghonlaigh, Maura Logue, Michel Roper, Gearóid Ó Fearghail, Antóin Ó Comascaigh agus Colm Mac Giolla Fhiontain.   

Beidh Medea sa Taibhdhearc an 25 Deireadh Fómhair agus in Ionad na nGleannta, Cluainín, Co Liatroma an oíche dár gcionn agus in Amharclann Ghaoth Dobhair an oíche ina dhiaidh sin. Ar an 6 Samhain a bheidh sé sa Chultúrlann, i mBéal Feirste agus sa Factory Performance Space i Sligeach ar an 8 Samhain.

Fág freagra ar 'IMEACHTAÍ: Amhránaíocht agus preab-Ghaeltacht i Sráid na Cathrach agus leagan Gaeilge de Medea'