IMEACHT ADAMS: Súil ag Sinn Féin ar an deisceart agus súil an DUP ar Londain

Le himeacht Gerry Adams agus Martin Ferris as Teach Laighean beidh súil ag Sinn Féin nach mbeidh a gcéilí comhraic in ann a bheith ag caitheamh anuas orthu faoi fhoréigean an IRA

IMEACHT ADAMS: Súil ag Sinn Féin ar an deisceart agus súil an DUP ar Londain

Pictiúr: RollingNews.ie

Ard-Fheis stairiúil a bhí geallta ag Sinn Féin. Agus sin a bhí inti. Díol suntais sa bhaile agus i gcéin ab ea fógra Gerry Adams gur ghearr go mbeadh deireadh lena ré bhunathraitheach mar uachtarán an pháirtí. Anuas air sin, rinneadh dhá chinneadh eile a nocht an tosaíocht atá Sinn Féin a thabhairt dá bhfiontar polaitiúil ó dheas.

Cur chuige comharbais pleanáilte atá i gceist, a deir Sinn Féin. Bhí rún ag Gerry Adams agus Martin McGuinness, sular bhuail an tinneas fear Dhoire a thug a bhás, go n-éireoidís as ceannaireacht an pháirtí ar bhonn comhordaithe, a deir siad. Gan dabht ba é fás agus forbairt an pháirtí a bhí taobh thiar den phlean. Ceapadh Michelle O’Neill mar chomharba ar McGuinness nuair a b’éigean an t-athrú a dhéanamh ó thuaidh níos túisce ná mar a bhí beartaithe; ní léir go fóill an mbeidh rath ar an mbeart sin. An mbeidh comharba Gerry Adams níos tarraingtí ná eisean do na vótóirí?

Chaith an Ard-Fheis i dtraipisí riail an pháirtí nach ngabhfaidís i gcomhrialtas mar pháirtnéir sóisearach le haon dream. Is cosúil gur nocht pobalbhreitheanna inmheánacha go ndearna sé dochar dóibh nach raibh siad toilteanach labhairt le páirtí ar bith eile tar éis an olltoghcháin deiridh. Maítear gurb í Mary Lou McDonald, leas-uachtarán an pháirtí a bhí taobh thiar den athrú polasaí sin. Bhain an t-athrú eile le polasaí an pháirtí faoi ghinmhilleadh; leasaíodh é chun ginmhilleadh a cheadú sa gcás go mbeadh sláinte na máthar i mbaol. Tá roinnt dá lucht tacaíochta abhus an-mhíshásta ach is sciath chosanta ar ionsaithe ón eite chlé sa Dáil é an polasaí nua.

Comhartha sóirt ar thábhacht na Dála do thogra polaitiúil Shinn Féin ab ea é nuair a d’fhág Gerry Adams iarthar Bhéal Feirste le seasamh i gContae Lú san olltoghchán ó dheas in 2011. Dia beag ab ea Adams in iarthar Bhéal Feirste, mar a mbíodh seacht vóta as gach deich gcinn aige. D’éirigh go breá leis freisin i gContae Lú ach níor bhain sé amach an stádas mar pharlaiminteoir ó dheas a raibh sé féin agus Sinn Féin ag súil leis.

Níor éirigh leis a dhul i gcion ar vótóirí i ndíospóireachtaí teilifíse ach an oiread. Admhaíonn gach éinne gur fear straitéise cumasach é ach ní raibh sé os cionn a bhuille agus cúrsaí eacnamaíochta faoi chaibidil. Cé gur aithníodh a ról i bpróiseas na síochána níor fhéad sé ceisteanna faoi uafáis an IRA a sheachaint ná cáineadh na gceannairí eile a shárú. D’ainneoin a neart mar cheannaire poblachtach ar an bpáirtí, laincis ab ea é sin ó dheas.

Ó dúirt Piaras Ó Dochartaigh ar An tSeachtain ar Raidió na Gaeltachta nach mbeadh seisean san iomaíocht don cheannaireacht, agus ó dúirt Michelle O’Neill an rud céanna, is cosúil gurb í Mary Lou McDonald an léiroidhre ar Adams. Beidh Sinn Féin ag iarraidh an ghlúin nach raibh gníomhach san IRA a chur chun cinn agus fios maith acu gur éifeachtaí go mór mar uirlis é an modh polaitiúil ná an foréigean agus iad sa tóir ar a gcuspóir athaontaithe. Beidh súil acu, le himeacht Gerry Adams agus Martin Ferris as Teach Laighean sa chéad toghchán eile, nach mbeidh a gcéilí comhraic in ann a bheith ag caitheamh anuas ar Shinn Féin faoi fhoréigean an IRA. Beidh le feiceáil. Ba léir ón Ard-Fheis nach raibh fonn ar ionadaithe ná baill lucht an IRA a shéanadh agus go ndiúltaíonn siad iad féin a dhealú uaidh.

Cuireann an dílseacht sin d’fheachtas an IRA aontachtaithe le báiní. Ba mhaith leis an DUP, UUP agus TUV – go nglacfadh poblachtánaithe freagracht iomlán as na Trioblóidí agus go ndéarfaidís go raibh an feachtas mícheart, gur sceimhlitheoireacht gan bhunús é. Ní tharlóidh sé sin choíche. Sin ceann de na fadhbanna móra sa chaidreamh idir Sinn Féin agus an DUP. Sin é is cúis le ráitis ar nós an chinn ó Edwin Poots an DUP go ndéanfadh sé gnó le Sinn Féin ach go ndéanfadh sé sin agus é i ngreim ina shrón.

Ar an láimh eile ní mór don DUP agus do Shinn Féin sainorduithe a chéile a aithint. Tá siad fite fuaite le chéile fad is a mhaireann Comhaontú Aoine an Chéasta. An mbeidh siad toilteanach nó ábalta margadh a dhéanamh agus Stormont a athnuachan? Ag an Ard-Fheis d’éiligh Michelle O’Neill idirbheart ón dá rialtas. Bhuail Sinn Féin leis an Taoiseach Varadkar an tseachtain seo caite agus le Theresa May Dé Máirt chun an teachtaireacht sin a chur in iúl arís dóibh. Níor tugadh eolas ar bith faoi cibé dul chun cinn a bhí in ainm is a bheith déanta idir Sinn Féin agus an DUP sular theip ar na cainteanna.

Beidh an DUP ag teacht le chéile le haghaidh a gComhdháil bhliantúil an deireadh seachtaine seo. Caolseans go scaoilfear aon rún ansin ach oiread. Ní haon mhaise ar cháil an pháirtí in Stormont a bhfuil cloiste go dtí seo ag an bhFiosrú Poiblí faoin RHI. Tá na feisirí parlaiminte i mbarr a réime, iad an-sásta lena ról i Westminster. Feicfimid linn arbh fhearr leis an DUP díriú ar Londain ná ar Bhéal Feirste.

Ba mhaith le teachtaí tionóil an DUP agus a bhfostaithe go n-athbhunófaí Feidhmeannas agus ba mhaith le Gerry Adams na hinstitiúidí a chur ar ais ar a mboinn sula bhfágann sé féin an stáitse. Mura ndéanfar an gnó go luath, roimh Cháisc abair, is baolach go bhfágfar Stormont ar an taobhlíne.

Fág freagra ar 'IMEACHT ADAMS: Súil ag Sinn Féin ar an deisceart agus súil an DUP ar Londain'