‘Imagine telling a Silicon Valley company to display signs as Gaeilge in Ireland’ – an tAire Post

Tá ráiteas a rinne an tAire Post Mary Mitchell O’Connor sa Dáil inniu cáinte go láidir ag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, a dúirt gur léiriú é ar an ‘dímheas’ atá ag Fine Gael ar an teanga

20/06/2016.Enterprise Ireland Annual Business Review. Pictured is Fine Gael Minister for Jobs, Enterprise and Innovation, Mary Mitchell-O Connor, T.D as she speaks to the media at the Old Jameson Distillery Visitor Centre in Dublin today. Enterprise Ireland launched their Annual Business Review, which measures the sales and exports of Enterprise Ireland clients, Enterprise Ireland companies spend 23.7bn in the domestic economy in 2015. Photo:RollingNews.ie
an tAire Post, Mary Mitchell-O Connor. Pictiúr: RollingNews.ie

Imagine telling a Silicon Valley company that it has to display work rosters as Gaeilge in Ireland.

Sin an méid a bhí le rá ag an Aire Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Mary Mitchell OConnor sa Dáil inniu agus Bille a chuir Sinn Féin chun cinn á phlé.

Le linn na díospóireachta ar an mBille, a bhfuil sé mar aidhm aige cosaint a thabhairt doibrithe ar uaireanta oibre neamhshocraithe, dúirt an tAire Mitchell OConnor go gcuirfeadh a bhfuil sa Bhille le hualach an fhostóra agus cheistigh sí luach na Gaeilge san ionad oibre.

The Bill adds significant burdens. It requires every employer to display notices in the workplace. These notices will have to show the number of hours being allocated to workers in the next week or month and the relevant bands.

These notices will have to be in English and Irish and in other languages as required. Imagine telling a Silicon Valley company that it has to display work rosters as Gaeilge in Ireland,a dúirt sí.

Tá cáineadh láidir déanta ag urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin sa Seanad, Trevor Ó Clochartaigh, ar an méid a bhí le rá ag an Aire Post sa Dáil faoin nGaeilge.

Dúirt sé go léiríonn caint an Aire faoi thairbhe na Gaeilge san ionad oibre dímheas a páirtí” ar an teanga.

Tá sé dochreidte go scaoilfeadh Aire Rialtais uaithi tuairim mar seo. Is fada muid uilig ag éisteacht le geallúintí teibí ón Rialtas maidir le húsáid na Gaeilge a spreagadh, agus nuair a thiteann an aghaidh fidil ar deireadh, is léir go bhfuil naimhdeas agus aineolas i gcroíláir a dhearcadh ar an nGaeilge.

Is í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil. Tá sé ait go léireodh páirtí ‘dlí agus ord’ an oiread seo aineolais ar dhlíthe agus ar bhunreacht an Stáit seo,  dúirt sé.

Dúirt sé freisin go bhfuil iarrachtaí móra” déanta le blianta beaga anuas chun an earnáil ghnó a mhealladh i dtreo úsáid na Gaeilgeach go ndéanann caint an Aire beag is fiú” de na hiarrachtaí sin.

Dúirt sé gur masla do phobal na Gaeilge é” agus go bhfuil léargas tugtha ag an Aire ar mheon a páirtí “a rinne an oiread sin dochair dfhorbairt na teanga le déanaí”.

Fág freagra ar '‘Imagine telling a Silicon Valley company to display signs as Gaeilge in Ireland’ – an tAire Post'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Seo bean a bhí ina mhúinteoir scoile sular toghadh í!!! Cá mhéad múinteoir scoile eile a bhfuil a meon céanna acu???

  • Breathnóir

    Ó tharla ‘Brexit’ ní staonann daoine áirithe de bheith ag déanamh rud mór as gur ‘English-speaking country’ í Éire, iad ag rá gur buntáiste mór a bheas ann sa domhan iar-brexit seo. Bíonn na daoine sin míchompordach os comhair fianaise go bhfuil cultúr eile beo go fóill sa tír, más ar éigean é. Fadhb mhór atá ann, agus níl a fhios agam cén réiteach atá air.

  • AnRógaire

    Táim cinnte go bhfuiil cuid mhór de na comhluchtaí seo i dtaithí ar ilteangachas agus comharthaíocht dá réir.

  • Gabriel Rosenstock

    Is ceart í a chaitheamh amach láithreach – ar mhullach a cinn – í féin agus an bruscar eile de chuid Fhine Gael.

  • Tuigim

    “Imagine telling a Silicon Valley company that it has to display work rosters as Gaeilge in Ireland.
    Bhuel, imagine thinking that’s bad, Mary! Mo náire thú!
    Suim mór ag Meireacánaigh sa Ghaeilge. Meas acu ar an teanga. Bheadh ardáthas orthu é a dhéanamh agus bheadh siad bródúil as. Bhainfeadh siad taitneamh as an teanga a fhoghlaim.
    Níor fhoghlaim siad drochmheas ar theanga na tíre mar a d’fhoghlaim tú, Mary.
    Cheapfá go dtuigfeá sin.

  • Pól Ó Braoin

    Bhuel céard is féidir a rá nuair a chloiseas tú rud mar sin. Ní dóigh liom go ndéanfaidh sé aon mhaith ar bith an cúpla abairt seo a scríobh mar ní dócha go léifidh Mary Mitchell O’Connor iad ar aon chaoi, ná ní dócha go bhfuil sé in ann iad a léamh, más rud é go bhfuil sé ar nós cuid mhaith de na múinteoirí scoile atá ann ar chas mise leo. Is mór an trua go gcuireann muid suas le daoine a bhfuil a laghad sin meas ar ár dteanga acu i nDáil ár bpoblachta. Is mór an trua go dtoghtar iad sa gcéad áit mar theachtaí Dála.
    Ní chreidim go gcuirfeadh sé blas ar bith as do chomhlachtaí idirnáisiúnta fógraí i dteangacha eile a chrochadh suas… rud éireannach é seo tá mé a cheapadh agus caithfidh muid greim docht daingean a choinneáil ar ár dteanga agus ar ár gcultúr in éadan tuile an aineolais.

  • tomasdeb

    Céard a dhéarfa faoin ráiteas maslach aineolach sin? Náireach ach, ar an drochuair, níl ionadh orm. Bheinn ag súil le leithscéal éigin uaithi má tá fonn uirthi a post a choinneáil ach beidh le feiceáil. Níl sí ina haonair sa Rialtas frith-Ghaelach seo.

  • padraig

    tuar cait agus feasoig air….ni ga ach feachaint uirthi…….ach an mbeifi ag suil lena mhalairt o FG?

  • padraig

    ba dhoigh gur gin de chuid SILICON Valley i fein!