‘I’m gonna speak Irish the way that’s natural for me’ – craoltóir buartha faoi éilíteachas shaol na Gaeilge

Deir an tionchaire ar líne agus craoltóir Éadaoin Nic Mhuiris gur ‘buille trom dá muinín é’ an caitheamh anuas a dhéantar ar a cuid Gaeilge agus go gcuireann a leithéid ‘fearg’ agus ‘imní’ uirthi

‘I’m gonna speak Irish the way that’s natural for me’ – craoltóir buartha faoi éilíteachas shaol na Gaeilge

Tá an tionchaire ar líne agus craoltóir Éadaoin ‘BandEadd’ Nic Mhuiris míshásta le daoine a deir nach bhfuil a cuid Gaeilge maith a dóthain le bheith á cloisteáil ar an raidió.

Nuair a d’fhógair sí go raibh sí ag tosú amach mar léirmheastóir ceoil ar Splanc, clár Gaeilge a chraoltar ar Newstalk , dúirt Nic Mhuiris lena leantóirí ar Instagram gur minic a bhíonn daoine ag caitheamh anuas ar a cuid Gaeilge “mar nach bhfuil Gaeilge na Gaeltachta” aici.

Thagair sí do thrácht ar leith inar cáineadh a cuid Gaeilge, an tuin chainte ina labhraíonn sí Gaeilge agus a cuid foghraíochta.

Dúradh sa trácht sin, a fágadh faoi fhíseán ar a cainéal Youtube, nach raibh labhairt na Gaeilge dáiríre aici agus gur chóir di bunchúrsa Gaeilge a dhéanamh.

Dúirt Nic Mhuiris, a chuireann a cuid scéalta ar Instagram i láthair i nGaeilge gach Céadaoin, go mbíonn daoine nach labhraíonn Gaeilge ag déanamh iontais faoin ‘éilíteachas’ i saol na Gaeilge.

Mhaígh sí go mbíonn an dearcadh éilíteach seo coitianta go maith i measc cainteoirí Gaeilge, dar léi.

Dúirt sí gur “buille trom dá muinín” é an cáineadh a dhéantar ar líne ar a cuid Gaeilge agus go gcuireann a leithéid “fearg” uirthi agus go mbíonn “imní” uirthi Gaeilge a labhairt dá bharr.

Dúirt sí freisin go gceapann sí go mbíonn “beag is fiú” á dhéanamh ag daoine den Ghaeilge a d’fhoghlaim sí ar scoil lán-Ghaeilge.

“It’s so frustrating,” a dúirt sí san fhíseán. “I’m not from the Gaeltacht so I’m not going to pretend that I have Conamara Irish or Donegal Irish. I’m gonna speak Irish the way I learnt it and the way that’s natural for me.”

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, mhaígh Nic Mhuiris, a d’fhreastail ar Ghaelcholáiste na Mara san Inbhear Mór i gcontae Chill Mhantáin, gur minic a cháintear a cuid Gaeilge.

Bíonn daoine i gcónaí ag tabhairt amach faoi mo chuid Gaeilge mar is Gaeilge ó Bhaile Átha Cliath atá agam, níl canúint Ghaeltachta agam agus cloisim daoine ag rá ‘is fuath liom an Ghaeilge sin’,”  arsa Nic Mhuiris, ar comhordaitheoir meán sóisialta í ar an suíomh LovinDublin.com.

Thagair an tionchaire ar líne d’eachtra amháin a tharla i dteach tábhairne san ardchathair le déanaí nuair a thosaigh fear, a casadh uirthi den chéad uair an oíche sin, ag caitheamh anuas ar a cuid Gaeilge.

“D’aithin sé mé ón gclár WAC, a craoladh ar TG4 roinnt blianta ó shin. Dúirt an fear nár thaitin mo chuid Gaeilge leis agus gur fearr i bhfad leis Gaeilge Dhún na nGall, an Ghaeilge a bhí ag mo chara agus an comhláithreoir, Caoimhe Ní Chathail,” ar sí.

Mhaígh Nic Mhuiris go léiríonn dearcadh dá leithéid easpa measa ar an Ghaeilge a d’fhoghlaim sí.

“D’fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge i nGaelcholáiste agus bhí múinteoir agam as an Daingean agus múinteoir eile as Dún na nGall. Is manglam í an Ghaeilge a labhraím. Uaireanta cuirim urú san áit a mbíonn séimhiú agus a mhalairt. Is cuma liomsa mar gur sin an cineál Gaeilge a d’fhoghlaim mé. Níl canúint amháin agam ach réimse leathan agus sílim go bhfuil sí go hálainn.”

Dúirt an tionchaire ar líne chomh maith go gceapann sí go mbíonn “brú” ar dhaoine a labhraíonn Gaeilge canúint Ghaeltachta a bheith acu agus cuairt a thabhairt ar an Ghaeltacht.

“Luaigh mé san fhíseán go bhfuil saghas éilíteachas le brath i measc cainteoirí Gaeilge. Cén fáth nach gcloistear Gaeilge Bhaile Átha Cliath ar na meáin nó ar an teilifís, mar shampla? Daoine ón Ghaeltacht a bhíonn ann i gcónaí agus tá sé deacair domsa iad a thuiscint. Ní shin an cineál Gaeilge atá agam,” a dúirt Nic Mhuiris.

Fág freagra ar '‘I’m gonna speak Irish the way that’s natural for me’ – craoltóir buartha faoi éilíteachas shaol na Gaeilge'

  • Lillis Ó Laoire

    Cén áit ar féidir an Bhruinneal a chluinstin at canstan na chiad teanga oifigiúla, don the, cuiream i gcás, nach bhfuil ar Instagram?

  • Justin Ó Scanaill

    Ní bhíonn á labhairt ná á scríobh agamsa ach Gaeilge na státseirbhíse agus ní chloisim gearán ar bith.

  • Éiliteachas mo thóin!

    Éiliteachas? A bheith in ann labhairt i gceart agus go nádúrtha? Tá an seafóid seo le cloisteáil ró-mhinic anois, ag caitheamh anuas ar mhuintir na Gaeltachta mar gheall ar chréatúiríní bhochta atá ag iarraidh a bheith ar na meáin. Caitear isteach ar chlár eicint iad leath bhéarla, leath Gaeilge (níos mó béarla ná Gaeilge) agus ansin tá siad ag coinneacháin nach dtugtar an t-aitheantas céanna dóibh le dream a bhfuil Gaeilge cheart acu? An ndéanfai a leitheid le aon teanga eile? Cén fath bhfuil sé ceart go leor glacadh leis an íseal chaighdeán seo i nGaeilge?

  • Claire Lyons

    Tá rialacha foghraíochta i nach teanga is cuma cá as thú. Muna leanann tú iad ní bheadh éinne in ann tú a tuiscint! Cad is fiú Gaeilge nó Francis nó aon teanga eile a labhairt muna dtuigtear tú? Ní hionann foghraíocht agus ‘blas’ an dtuigeann tú?

  • Gabriel Rosenstock

    Henry Look at her, a prisoner of the gutter,
    Condemned by every syllable she ever uttered.
    By law she should be taken out and hung,
    For the cold-blooded murder of the English tongue.
    Eliza Aaoooww! Henry imitating her Aaoooww!
    Heaven’s! What a noise!
    This is what the British population,
    Calls an elementary education. Pickering Oh,
    Counsel, I think you picked a poor example. Henry Did I?
    Hear them down in Soho square,
    Dropping “h’s” everywhere.
    Speaking English anyway they like.
    You sir, did you go to school?
    Man Wadaya tike me for, a fool?
    Henry No one taught him ‘take’ instead of ‘tike!
    Why can’t the English teach their children how to speak?
    This verbal class distinction, by now,
    Should be antique. If you spoke as she does, sir,
    Instead of the way you do,
    Why, you might be selling flowers, too!
    Hear a Yorkshireman, or worse,
    Hear a Cornishman converse,
    I’d rather hear a choir singing flat.
    Chickens cackling in a barn Just like this one!
    Eliza Garn! Henry I ask you, sir, what sort of word is that?
    It’s “Aoooow” and “Garn” that keep her in her place.
    Not her wretched clothes and dirty face.
    Why can’t the English teach their children how to speak?
    This verbal class distinction by now should be antique.
    If you spoke as she does, sir, Instead of the way you do,
    Why, you might be selling flowers, too.
    An Englishman’s way of speaking absolutely classifies him,
    The moment he talks he makes some other
    Englishman despise him.
    One common language I’m afraid we’ll never get.
    Oh, why can’t the English learn to set
    A good example to people whose
    English is painful to your ears?
    The Scotch and the Irish leave you close to tears.
    There even are places where English completely
    Disappears. In America, they haven’t used it for years!
    Why can’t the English teach their children how to speak?
    Norwegians learn Norwegian; the Greeks have taught their
    Greek. In France every Frenchman knows
    His language fro “A” to “Zed”
    The French never care what they do, actually,
    As long as they pronounce in properly.
    Arabians learn Arabian with the speed of summer lightning.
    And Hebrews learn it backwards,
    Which is absolutely frightening.
    But use proper English you’re regarded as a freak.
    Why can’t the English,
    Why can’t the English learn to speak?
    Foinse: LyricFind
    Cumadóirí: Alan Jay Lerner / Frederick Loewe

  • Séadna Mac Seoin

    Maith thú a Éadaoin,
    Labhair leat.

    Bleá Cliathach ar strae i sléibhte Chill Mhantáin.

  • Donnacha DeLong

    Bhí muinteoirí as Ciarraí, Gaillimh agus Tí Chonnaill agam agus me ar Gaelscoileanna ó aois 3 bliain go 19. Tá canúint BÁC agam agus is come liom cad a cheapann daoine eile. Agus táim as cleachta, cónaim i Londain.

  • Ciarsúnachán Catach na Dártaise Líofa Lofa

    Dártais an cunúnt us forr luim. Bín Dártais á lárt eigeim i mBurla agus i nGaelsceilchanaise. Ní féadar Dártais a lárt i Spánnaise nuth Fraincíse.
    Log dam, mor is math luim bhe dothangach. Ní puca é.

  • Feardorcha

    Botún, botún, míthuiscint agus dul amú.
    Bhí i gceist aici a rá go raibh sí fíorshásta agus ríméadach, go raibh gach rud go hiontach.

    Is é amháin nár thuig bloody muintir na Gaeltachta í. Amadáin lofa.

  • Paidioriain

    COINNIGH suas leis an dea obair agus na bac leis an dream leis an me on duiltach. Tá Mise as Baile atha cliath .agus son uair a bhios sa gaeltach ni raibh fadhb ar bith agam labhart as gaeilge leis na gaelgeoiria atiiúil .h

  • Bláthnaid Ní Chofaigh

    Ní fúinne atá sé duine ar bith a cheistiú maidir lena dteanga, is le chuile dhuine í agus mura stopadh muid ag cáineadh ní bheidh sí ann !!!!! Éadaoin a chroí ná bac leo agus is fútsa agus do leithéide atá sé.
    Bláthnaid Ní Chofaigh

  • Cainteoir neamhcháinteach

    Tuigim di agus níor cheart d’aon duine a bheith ag caitheamh anuas ar chaighdeán Gaeilge duine eile. Níl ‘éilíteachas’ ag baint ach le mionlach de phobal na Gaeilge (agus níl siad féin gan locht ach oiread).

    An méid sin ráite, tá caighdeáin ag gach teanga agus ní féidir neamhaird a dhéanamh díobh. Ní féidir neamhaird a thabhairt ar fhuaimeanna nádúrtha na Gaeilge mar a labhraítear sa Ghaeltacht í. Is í an (fhíor-)Ghaeltacht tobar nádúrtha na teanga. Is dhá rud ar leith iad blas (tuin chainte) agus foghraíocht. Is féidir blas Bhaile Átha Cliath (nó blas de chuid aon áit eile) a bheith ar do chuid cainte agus foghraíocht na Gaeilge a bheith i gceart agat ag an am céanna. Is é an trua nach múintear fuaimeanna cearta na Gaeilge ar scoil in Éirinn mar tá an t-easnamh sin ar go leor daoine.

    Ní féidir a rá ach oiread gur canúint í Gaeilge Bhaile Átha Cliath, mar shampla, mar ní hionann an chaoi a labhraíonn gach duine as Baile Átha Cliath a bhfuil Gaeilge líofa acu. Is ionann canúint agus leagan de theanga áirithe lena mbaineann na tréithe céanna foghraíochta agus an stór focal céanna a labhraíonn pobal ar leith. Is féidir é sin a rá faoi Ghaeilge Chonamara, Gaeilge Chorca Dhuibhne, Gaeilge Thír Chonaill agus araile ach ní faoi áiteanna in Éirinn a bhfuil an Ghaeilge imithe i léig le fada iontu mar theanga dhúchais/phobail.

    Ní as an nGaeltacht gach duine a bhíonn le cloisteáil/le feiceáil ar na meáin Ghaeilge. Tá meascán ann (go háirithe i gcás TG4). Agus fiú i gcás na ndaoine nach as an nGaeltacht iad ní hionann an Ghaeilge atá acu ar fad. I gcás cuid acu cheapfá gurb as an nGaeltacht iad, i gcás daoine eile is léir nach as an nGaeltacht iad ach tá foghraíocht mhaith acu mar sin féin (agus drochfhoghraíocht ag corrdhuine fiú!).

    Mo chomhairle duit, a Éadaoin: coinnigh do mhisneach agus ná lig do dhaoine áirithe ‘éilíteacha’ i saol na Gaeilge caitheamh anuas ort. Iarr ar do lucht cáinte cabhrú leat. Ní gá fáil réidh le do bhlas ná do ‘chanúint’ ACH is féidir i gcónaí feabhas a chur ar do chuid foghraíochta (ar nós go leor cainteoirí Gaeilge eile). Túsphointe maith iad RnaG agus TG4 go deimhin le fuaimeanna na teanga a chloisteáil agus a fhoghlaim.

  • Áine

    tuairim Gaeilgeoir eile
    Tagaim leis an gcomhairle stuama atá tugtha ag an gcainteoir neamhcháinteach……is cuma cén teanga a labhraíonn tú caithfidh tú ardchaighdeán a bheith mar sprioc agat agus is mór againn uilig gach duine a cheartaigh muid ó rugadh muid, (tá foghraíocht na teanga thar a bheith tábhachtach chun go dtuigfear í agus is breá liom na héagsúlachtaí idir na ceantair éagsúla i gConamara agus sna Gaeltachtaí eile go bhfuil tú in ann a dhéanamh amach cé as an duine leis an gcaoi a ndeireann siad rudaí áirithe – ní hé sin le rá go bhfuil ceann níos fearr ná an ceann eile) murach gur ceartaíodh muid agus muid ag labhairt i nGaeilge ní bheadh sí againn nó bheadh Gaeilge againn a chodail amuigh – an leath Béarla/leath Gaeilge atá inghlactha sa lá atá inniu ann agus leaganacha aistrithe díreach as an mBéarla seachas bunús Gaeilge a bheith leo nó fiú an tuiscint go bhfuil tábhacht lena leithéid. Bhí an t-ádh orainn gur ceartaíodh muid agus go raibh an mheas sin ag an dream a cheartaigh muid orainn chun é sin a dhéanamh…… (déanadh muid uilig amhlaidh – ar bhealach deas/múinte ar ndóigh!!!) agus b’amhlaidh an cás lenár gcuid Béarla (agus creid é nó ná creid bítear ag magadh faoinár gcanúint i mBéarla…. ach níl aon rogha againn ach leanacht orainn ag béarlóireacht toisc go bhfuil sé riachtanach sa stát seo……………… labhair cibé teanga is mian leat agus glac le dea-chomhairle…. caithfidh tú éisteacht le toirneach maidir leis an chuid diúltach!!!!

  • Duine níos óige, ag cáineadh

    D’fhreastal Éadaoin ar ghaelcholáiste!! Shuígh sí an ardteist trí ghaeilge. Níl leithscéal aici, “stracailt a bhí ann i gcónaí ag foghlaim” Gaeilge LÍOFA ag a máthair freisin, tá sí ag iarraidh go ndeirfidh muintir na Gaeilge léi “omg maith thú!”, as cad a dhéanamh? Teach a fhuaimniú mar “chock” , “labhraíonn gach duine óg cosúil liom” bhuel mo bhuíoch nach labhraím féin (nó abair… Coláiste Eoin/Íosagáin/Coláiste Chiaráin/ Coláiste De hÍde SCOILEANNA BLEÁ CLIATHACH ???) cosúil léi!

  • Caoimhe

    Tá sé aisteach, a chairde, go bhfuil an fonn I gcónaí orainn “mol agus spreag” a leithéad de hÉadaoin, bean atá galánta agus faiseanta agus cosmopolitan (i ndomhan na nGael)…ach níl againn agus ag ár meáin ach neamhoird i leith daoine óga na Gaeltachta, nach bhfuil chomh cleachtaithe céanna os comhair an ceamara, atá b’fhéidir níos amscaí, nach bhfuil béarla ró-mhaith acu.. nach ndearna a dtaithí oibre i stáisiúin raidio (toisc go bhfuil cónaí orthu in áit gan acmhainní), b’fhéidir nach bhfuil said chomh “cool”, chomh “bleá cliathach” léi. Cathain a gheobhaidh siadsan aitheantas, a 5 nóiméad faoi sholais?

  • Seán Ó Riain

    Cinnte is maith ann í an chomhairle stuama! Ach tá dea-fhoghraíocht thar a bheith tábhachtach. An té a mheascann fuaimeanna “ch” agus “c” na Gaeilge, cuir i gcás, cuireann sé an teanga as riocht, ní léir an difríocht idir “a cóta” agus “a chóta”. Nach minic a chloisimid an focal “Taoiseach” á rá mar “tí-seac”! Go bhfóire Dia orainn!

  • Dónall

    Tá sé nádúrtha go maith go mbeadh meascán canúintí i mBÁC agus sa cheantar máguaird. Tá sé suite ar an líne a scoilteann an dá mhórchanúint a bhí ann nuair a bhí an Ghaeilge mar theanga choiteann, mar atá thuaidh agus theas.

  • Dean

    Déan iarracht éisteacht léi. Níl sé deacair ar chor ar bith í a thuiscint. Tá daoine ag déanamh drocháibhéil faoi seo. Maidir leis an ‘éilíteachas’, shíl mé gur áibhéil a ba sin freisin, ach tar éis na freagraí seo a léamh, nílm chomh cinnte…

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Dar liom féin gur cheart an dá stáisiún raidió a bheith ann, an stáisiún a fhreastalaíonns orthu siúd a bhfuil Gaeilge na Gaeltachta uathu agus an stáisiún eile a fhreastalaíonns ar leithéidí Éadaoin. Ná bímis buartha faoin gcuid eile, fanaimis leis an gceann is mó a thaitníonns linn. B’fhearr liom féin an leagan Gaeltachta ach ní creachta atá mé leis an gceann eile.

    Níor éist mé riamh le “Splanc” agus níor chuala mé trácht air ach a oiread. Mar sin, caithfidh nach mise an saghas duine a bhfuileadar chun freastail air. Éisteann mé le hArd-Tráthnóna agus ní beag liom é sin.

    San am céanna nuair a léigh mé ar scríobh Caoimhe d’airigh mé go mb’fhéidir go bhfuil an ceart aici. Nach é an “elitism”, nó pé leagan Gaeilge atáthar á thabhairt air sin, gurb iad na daoine óga dathúla seo amhail Éadaoin atá á moladh (agus á gcáineadh) agus i mbéal an bhig is an mhóir? Mar a tharla ní fhaca mé ná chuala riamh aon duine óg Gaeltachta ar a leithéid siúd de chlár. Ach mar a deir mé, níor éist mé lena a leithéid riamh pé scéal é agus mar sin, chuile sheans go bhfuil siad go flúirseach ann !!!

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Rud amháin eile a déarfas mé — ní miste liom an tuin chainte, ach nuair a deir sí go séimhíonn sí na consain ba cheart bheith uruithe agus go n-uraíonn sí na consain ba cheart bheith séimhithe, is rud iomlán eile é sin. Ní bhaineann sé sin le blas ach le ceart na teanga.
    Más Gaeilge chruinn gan dul amú gramadaí agus gan drochthionchar an Bhéarla atá ag an duine, ní bhfuighfinn locht air sin, ach an duine nach n-aithníonn an t-urú thar an séimhiú, is lochtach an duine é siúd.

  • Is linn go léir í ach tugaimís aire cheart di

    Caithfead a rá go gcuireann a leithéid seo an phip orm ! Is cainteoir dúchais Gaolainne mé im’chónaí sa Ghaeltacht. Táim ag caitheamh mo shaol trí mhéan na Gaolainne fé mar a dhein mo shinsear agus le Cúnamh Dé fé mar a dhéanfaidh mo shliocht gan cur isteach ná amach ar éinne riamh ó thaobh na Gaolainne de. Tá cairde agam ó gach áit ar fuaid na tíre…cuid acu le Gaolainn na Gaeltachta & cuid acu le Gaolainn na cathrach nó Gaolainn na nGaelscoileanna. Ní chuireann sé isteach ná amach orm cioca chomh fada & go bhfuil meas acu ar an dteanga. Ní lochtóinn an gnáth dhuine ó thaobh tuin cainte de ach aontaím go huile is go hiomlán gur chóir an structúr, an chomhréir, an ghramadach agus an fhoghraíocht a bheith cruinn má bhaineann sé le do phost. Nach mbaineann sé le proifisiúntacht ar an gcéad dul síos. An bhfaighinn-se post leis an BBC nó RTÉ dá mbeadh droch Bhéarla agam ? Gheobhainn mhuis. Ag déanamh ceap magaidh don nGaolainn & do mhuintir na Gaolainne (idir mhuintir na Gaeltachta & cáinteoirí eile na Gaolainne) atáthar. Tá creidiúint ag dul do gach duine a labhrann Gaolainn go laethúil mar go bhfuil oiread constaicí rompu ach ná glacaimís leis an leath Ghaolainn leath Bhéarla seo atá á chur os ár gcomhair ag an-chuid atá ag obair ins na meáin. Tá ard-mheas agam ar aon duine a dheineann iarracht & atá sásta dul fé agallamh & gan mórán Gaolainne acu. Fair plé dhóibh. Ar an dtaobh eile áfach nílim ró-thógtha leo siúd atá á gceistiú & ag cur na gcláracha i láthair & atá ag fáil díolta as agus droch Ghaolainn acu. Ní bhím ag cáineadh daoine mar ná teastódh uaim éinne a iompó i gcoinne na teanga ach i ndáiríre canathaobh go mbítear sásta glacadh leis toisc gur Gaolainn atá i gceist ? Fé mar a dúrt ní tharlódh sé sa Bhéarla, ( ná sa Ghearmánais, sa Spáinnis ná cinnte sa bhFraincís). Cinnte bíonn teangacha de shíor ag athrú fhaid is atá pobal teangan beo ach ná bímis ag steallmhagadh ar fad fén nGaolainn. Ní éilíteachas a shamhlóinn atá i gceist ach díoma fén slí atáthar ag caitheamh leis an dteanga. Fé mar a dúirt an tOllamh Séan Ó Tuama (Beannacht Dé Leis) “Tá ceart an chaighdeáin ann agus tá ceart na cainte ann”. Ach sin é díreach é bíodh sí fós ina Gaolainn.Labhraimís go léir í agus cabhraímís lena chéile.

  • Fraoch

    “Daoine ón Ghaeltacht a bhíonn ann i gcónaí agus tá sé deacair domsa iad a thuiscint” ar sise, cainteoir líofa mar dh’ea. Ní foláir nó gurb í an Ghaelainn an t-aon teanga amháin gur féidir do dhuine an teanga a bheith aige “ar a thoil” agus gan é a bheith ábalta caint chainteoirí dúchais a thuisicnt. Is léir go bhfuil ag teip ar Ghaeilscoileanna mara bhféadtar caint dhúchais a thuiscint tar éis imeacht uathu. Cuirim i gcás go mbeadh an Fhraincis i gceist againn. Bheifí ag magadh fúm dá ndéarfainn go bhfuil Fraincis ar mo thoil agam agus gan mé a bheith in ann caint mhuintir na Fraince a thuisinct nó caint mhuintir Quebec, agus gan ach fuaimeanna Béarla ar mo chuid Fraincise. Ní thuigim in aon chor cad ina thaobh go gceapathar nach ionann an Ghaelainn agus an Fhraincis ná aon teanga eile.

    D’éisteas lena cuid Gaelainne agus is amhlaidh go bhfuil an fhoghraíocht go dona aici. Samhlaítear dom ná féadann sí “ch” a dh’fhuaimniú sa cheart mar shampla. Níl ach fuaimeanna Béarla ar a cuid Gaelainne. Ní holc trácht a dhéanamh ar an ndrochfhoghraíocht san. Ní “chaitheamh anuas” trácht a dhéanamh ar an ndrochfhoghraíocht san. Ní duine í go bhfuil sé intuigthe gan na fuaimeanna cearta a bheith aige, dalta ar scoil nó duine an chúpla focal sa tsráid mar shamplaí. Duine is ea í a bhíonn ag obair trí mheán Gaelainne agus dá bhrí sin ba cheart di foghraíocht mhaith a bheith aici, marab ea ní gearánta dhi ar lucht caínte a foghraíochta.

  • Céthúféin

    “a bhfuileadar”?, a Mhic an Mheiriceánaigh? Ceart na Teanga?