‘If your name was Edward Moore, your candidacy would be a joke’ – ráiteas a gcuimhnítear air i mBoston fós

Ag cuimhniú ar Ted Kennedy – ceangal agus caismirtí le pobal na hÉireann ina chathair dhúchais

Edward_Kennedy

Bhí Uachtarán agus Leas-Uachtarán Mheiriceá ag searmanas oscailte na hInistitiúide cuimhneacháin don Seanadóir Ted Kennedy i mBoston le déanaí.  Tá an Institiúid seo, atá buailte ar Leabharlann Cuimhneacháin an Uachtarán Kennedy, suite i gceantar traidisiúnta na nÉireannach i mBoston ach bhí teannas idir iadsan agus an Seanadóir in imeacht na mblianta.

“If your name was Edward Moore, your candidacy would be a joke”. 

Maireann an ráiteas sin fós i bhfoclóir na polaitíochta i mBoston i Massachussetts 53 bliain ó caitheadh an chaint sa South Boston High School.  Edward Moore Kennedy an t-ainm a bhí ar an bhfear óg a fuair an buille sin; Edward M. Kennedy nó an Seanadóir Ted Kennedy – choinnigh sé an suíochán ar feadh 47 bliain ina dhiaidh sin. 

Bhí an Cinnéideach san iomaíocht sa toghchán speisialta a bhí glaoite le ceann den dá shuíochán Seanaid i Stát Mhassachussets a líonadh. Fágadh folamh an suíochán sin nuair a toghadh a dheartháir, John F. Kennedy, ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiricea dhá bhliain roimhe sin. Bhí réamhthoghchán le gairm le hiarrthóir na nDaonlathach a roghnú agus cuireadh ainm Edward M. (Moore) Kennedy chun cinn – an deartháir ab óige a bhí ag an Uachtarán.  Ní rabhadar ina dtost i South Boston, ceantar láidir na nÉireannach agus cuireadh Edward McCormack san iomaíocht freisin. 

‘Knocko’ an leasainm a bhí ar McCormack agus bhí a lorg fágtha aige ar an saol poiblí i Massachusetts.  Bhí sé ina Ard-Aighne sa Stát faoin am sin.

Ní raibh aon cheangal mórán idir seanghlúin na gCinnéideach le muintir South Boston agus Dorchester. Bhí na Cinnéidigh lonnaithe i mBrookline – agus tithe acu in áiteacha eile den chathair – áit a raibh cáil an rachmais ar. 

‘An Lace Curtain Irish’ a thugadh go leor de na Gaeil agus sliocht na nÉireannach i mBoston go tarcaisniúil ar an aicme Éireannach seo.  Ach, bhí an ghlúin óg de na Cinnéidigh th’éis a dhul trasna na teorann sin sa bpolaitíocht, chomh maith agus a d’fhéad siad. San am céanna, ní raibh “Knocko” McCormack agus a lucht tacaíochta i South Boston ag scaoileadh go réidh leis na Cinnéidigh.

Ba é an port a bhí ag McCormack nach raibh cleachtadh ná cúlra ar bith arbh fhiú trácht air ag Ted Kennedy i saol an phobail ná sa saol poiblí agus go raibh sé ag brath ar an gcáil a bhí ar a theaghlach le suíochán a ghnóthachtáil sa Seanad i Washington “If your name was Edward Moore”, a deir sé “your candidacy would be a joke”. 

Ach cé gur mhair an sáiteán a thug sé do Ted Kennedy sa díospóireacht san South Boston High School i stair na polaitíochta i Massachusetts, níor chuir sé Ted Kennedy dá chúrsa.

Bhí an lámh in uachtar ag Kennedy san réamhthoghchán agus fuair sé an ceann is fearr ar an bPoblachtánach George Cabo-Lodge sa toghchán iomlán níos deireanaí.  I 1962  bhí John F. Kennedy ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, a dheartháir Robert Kennedy ina Ard-Aighne ar Mheiricea agus anois an tríú deartháir, Edward M. Kennedy ina Sheanadóir as Stát Mhassachusetts. 

Ba leo Washington ach ní féidir ealú on mbaile sa bpolaitíocht; thiocfadh an South Boston High School agus pobal South Boston ar ais go fíochmhar ar chosán polaitíochta Ted Kennedy aríst.

Bhí an  South Boston High School i gcroílár na trioblóide a tharla i lár na 1970óidí nuair a triáileadh le déagóirí den chine geal agus den chine dubh a chur chun na scoile in éineacht.  “Busing” an leagan atá ar na heachtraí sin sa stair; bheadh gasúir as ceantair den chine dubh dá dtabhairt chuig scoileanna den phobal geal agus malartú dá dhéanamh, dá réir.  Roghnaíodh South Boston – an ceantar láidir Éireannach – agus Roxbury (ceantar mór den phobal dubh) le haghaidh malartú.  Bhí éirí amach i South Boston agus tarraingaíodh aird ar an gceantar ar fud Mheiriceá agus níos faide ó bhaile.  Rugadh ar Ted Kennedy sa gcath sin.

Cé gur dhúirt sé gur thuig sé an imní a bhí ar thuismitheoirí, ní raibh Kennedy in aghaidh an pholasaí go mbeadh meascán sna scoileanna.  Bhí go leor den phobal Gael-Mheiriceánach coipthe.  Go deimhin, dúirt Kennedy ina leabhar cuimhní cinn “True Compas” gur ar éigean a thug sé na cosa leis i gcúpla eachtra.  B’éigean dó féin agus a thiománaí an carr a fhágáil ina ndiaidh agus imeacht sna cosa in airde as cruinniu amháin a bhain leis an “Busing”, ealú isteach i stáisiún traeneach agus léimt ar an gcéad traen a tháinig an bealach.

Mhair an comhthíos ar feadh i bhfad idir go leor de mhuintir South Boston agus Ted Kennedy; mhaolaigh sé leis na blianta ach tá a lorg ansin i gcónaí.

Ar imeall South Boston an tseachtain seo, d’oscail an tUacharán Obama an Edward M. Kennedy Institute for the US Senate. 

Tá an foirgneamh taobh istigh ar an déanamh céanna leis an Seanad i Washington. Bhí súil ag Kennedy go musclódh sé suim na ndaoine óga sa bpolaitíocht agus go spreagfadh sé cuid acu i dtreo seirbhís phoiblí. 

Is léir gur institiúid bhreá í agus is fada liom go bhfeicfidh mé an áit seo atá múnlaithe i gcuimhne ar Ted Kennedy agus ar a chuid polaitíochta. Ach chuile sheans gur mo a d’fhoghlaim Edward Moore Kennedy faoin saol agus an tseirbhís phoiblí thart ar an South Boston High School atá cupla míle ó láthair na hInstitiúide atá tógtha ina onóir anois.