Idirbheartaíocht fós ar siúl faoin aersheirbhís go hÁrainn – Pádraig Ó Céidigh

Tá ceithre chúis imní ag muintir Oileáin Árann faoin bpróiseas tairisceana reatha, a deir Mícheál Ó Goill ón gcoiste oileánach atá ag plé leis an gcás, ina measc praghas na dticéad agus minicíocht na n-eitiltí

Padraig O Ceidigh from Foinse in 02 offices Dublin. 19/5/2003 Photo: RollingNews.ie
Pictiúr: RollingNews.ie

Níl úinéir Aerfort na Mine, Pádraig Ó Céidigh, sásta a rá faoi láthair cén staid ag a bhfuil an idirbheartaíocht atá ar siúl idir é féin agus Roinn na Gaeltachta faoi úsáid an aerfoirt d’aersheirbhís Oileáin Árann.

Agus é ag freagairt ceiste ó Tuairisc.ie inniu maidir le staid reatha na hidirbheartaíochta, dúirt Ó Céidigh nach raibh sé ag iarraidh “cur isteach” ar an bpróiseas atá ar bun.

“B’fhearr liom é a choinneáil idir mé féin agus Roinn na Gaeltachta faoi láthair. Ní bheadh aon chiall le cur isteach ar an idirbheartaíocht anois,” a dúirt sé.

Idir an dá linn, thug Mícheál Ó Goill, ó choiste mhuintir Oileáin Árann atá ag plé leis an bhfeachtas d’aersheirbhís, le fios do Tuairisc.ie go raibh ceithre chúis imní acu faoin bpróiseas reatha atá ar bun le conradh a bhronnadh don tréimhse ceithre bliana atá romhainn.

Tá amhras ar mhuintir Oileáin Árann faoin scéim mharcála atá beartaithe le comhlacht a roghnú leis an tseirbhís a sholáthar. Níl siad sásta le praghas na dticéad atá luaite, le minicíocht na n-eitiltí, ná go bhféadfadh héileacaptar a bheith i gceist.

Maidir leis an scéim mharcála dúirt Ó Goill go bhféadfadh an té a chuirfeadh an tairiscint is ísle isteach leis an tseirbhís a sholáthar an conradh a bhuachan “gan aird ar mhinicíocht na n-eitiltí, ar an nGaeilge nó ar rud ar bith eile atá tábhachtach” do mhuintir na n-oileán. Tharlódh sin mar go bhfuil scór an-mhór, 270 marc, le tabhairt don tairiscint is ísle praghas.

Dúirt sé go raibh na hoileánaigh ag iarraidh go mbeadh níos mó eitiltí i gceist in aghaidh an lae ná an t-íosmhéid atá lorgtha sa phróiseas tairisceana.

Maidir leis an gcostas ar na ticéid féin, dúirt sé go raibh siad “daor” ag €35, an praghas reatha, agus nach mbeadh muintir Oileáin Árann “in ann praghas idir €45 agus €60”, mar atá luaite sa cháipéis tairisceana, a íoc.

Mheabhraigh sé freisin gur eitleáin seachas héileacaptar a bhí ag teastáil ó mhuintir Oileáin Árann ón gcéad lá.

Tá síneadh ama coicíse eile curtha leis an spriocdháta den dara huair ó thosaigh an próiseas tairisceana. Tá cruinniú práinneach iarrtha ag ionadaithe poiblí Ghaillimh Thiar agus ionadaithe mhuintir Oileáin Árann le hAire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, agus le hoifigigh na Roinne, mar gheall ar an gcás ar fad.

Fág freagra ar 'Idirbheartaíocht fós ar siúl faoin aersheirbhís go hÁrainn – Pádraig Ó Céidigh'