Idir láidreachtaí agus laigí ag baint leis na Coláistí Samhraidh, de réir taighde nua

Formhór de rannpháirtithe an staidéir sásta leis na Coláistí Samhraidh ach easpa fianaise ann cé acu an éiríonn leo nó nach n-éiríonn leo na spriocanna foghlama a chuireann siad rompu a bhaint amach

summer-college

Léiríonn tuarascáil taighde atá le seoladh an tseachtain seo chugainn go mbíonn níos mó féinmhuiníne ag lucht freastail na gcúrsaí samhraidh as a gcumas Gaeilge agus gur mó an ceangal a dhéanann siad idir an teanga agus an fhéiniúlacht ná a gcomhscoláirí nach mbacann le freastal.

Bhí formhór na ndaoine a ceistíodh mar chuid den taighde, atá déanta ag Ionad na dTeangacha i gColáiste na hOllscoile Má Nuad, ar aon fhocal gurb í an cháil atá ar choláiste maidir le múineadh na Gaeilge an toise ba thábhachtaí agus coláiste Gaeilge á roghnú acu.

De réir an taighde, is fearr an cumas Gaeilge atá ag daltaí scoile a fhreastalaíonn ar choláistí samhraidh Gaeltachta ná iad siúd nach bhfreastalaíonn orthu.

Maidir leis na cúiseanna nach raibh daltaí ag freastal ar choláistí Gaeilge, easpa airgid an chúis ba mhó a tugadh. Ina dhiaidh sin, luadh pleananna eile le haghaidh an tsamhraidh a bheith ag daoine agus gan aon suim a bheith acu freastal ar chúrsa samhraidh.

Ar na laigí a bhaineann leis na Coláistí Gaeilge, luadh nach raibh dóthain fianaise ann cé acu an éiríonn leo nó nach n-éiríonn leo na spriocanna a chuireann siad rompu a bhaint amach.  Ba dheacair teacht ar eolas faoi chaighdeán na múinteoireachta, a dúradh, agus an toradh a bhíonn ar an múinteoireacht sin. Go deimhin, dúradh go bhfuil sé deacair múinteoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu a earcú.

Fadhb eile a luadh is ea easpa oiliúna; dúirt 51% de na rannpháirtithe nach gcuirtear aon oiliúint ar mhúinteoirí nua sna Coláistí, cuid bhunúsach den dea-chleachtas. Rud eile a théann i gcoinne an dea-chleachtais is ea nach bhfuil siollabas ag gabháil leis na cúrsaí Gaeilge faoina leagfaí síos spriocanna cinnte foghlama agus teagaisc.

Mar chuid den taighde, ceistíodh daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí scoile agus múinteoirí agus cinnirí coláistí samhraidh.

Reáchtáladh grúpaí fócais chomh maith i measc phobal na Gaeltachta.

Deirtear sa staidéar go n-imríonn na coláistí samhraidh dea-thionchar ar chúrsaí eacnamaíochta agus ar thimpeallacht shóisialta na Gaeltachta.

D’aontaigh 96% de na daoine a ceistíodh go gcuireann freastal ar choláiste Gaeilge feabhas ar chaighdeán a gcuid Gaeilge agus dúirt 76% acu go molfaidís do dhaltaí eile freastal ar choláiste Gaeilge.

Tríocha bliain d’aois nó níos óige atá formhór na múinteoirí i gcoláistí samhraidh. Bhí níos lú ná cúig bliana taithí ag múineadh na teanga ag beagnach 70% acu. Ba as an nGaeltacht 40% acu agus ba mhúinteoirí lánaimseartha os cionn 47% acu.

Bhí cáilíocht sa Ghaeilge ag 86% acu agus cáilíocht sa teagasc ag 80% acu. Dá fheabhas a gcáilíochtaí, ámh, fuarthas amach go mbíonn an iomarca daltaí faoina gcúram acu ó bhliain go bliain agus go raibh na ranganna rómhór. Seisear scoláirí agus fiche ar an meán a bhí i ngach rang a ghlac páirt sa taighde.

Idir dáréag agus cúig dhuine dhéag, áfach, ba chóir a bheith i rang má táthar ag súil go n-éireoidh le foghlaimeoirí teanga, de réir taighde eile atá déanta i réimse na teangeolaíochta feidhmí.

Anuas air sin, múinteoirí bunscoile is ea céatadán suntasach de mhúinteoirí na gcoláistí Gaeilge, rud a fhágann nach bhfuil taithí acu ar bheith ag plé le déagóirí.

Beagán le cois 60% de mhúinteoirí meánscoile a bhí sásta le caighdeán teagaisc mhúinteoirí na gcoláistí samhraidh agus luaitear go sonrach sa staidéar seo go ‘mbeifí ag súil go mbeadh an céatadán’ sin níos airde.

I bhfianaise an méid sin, deirtear sa taighde go bhfuil deis ann caighdeán aitheanta agus faofa a leagan síos do na coláistí Gaeilge, oiliúint cheart a chur ar a múinteoirí agus siollabas a dhearadh faoina gcinnteofaí spriocanna foghlama.

Moltar go mbeadh modúil amháin ann ina ndéanfaí staidéar ar shaíocht thraidisiúnta na Gaeltachta. Moltar freisin go gcruthófaí lipéad feabhais mar theist ar chaighdeán oideachais na gcúrsaí agus go gcuirfí scrúdú caighdeánaithe cainte ar fáil do scoláirí ag deireadh gach cúrsa.

Coiste nuabhunaithe ar a mbeadh ionadaithe ó na coláistí agus ó COGG a dhéanfadh monatóireacht ar an gcóras seo.

Is iad freisin a leagfadh síos íoschaighdeáin chumais sa Ghaeilge do mhúinteoirí ag leibhéal B2 (80%) den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach agus do chinnirí ag leibhéal B1 (60%).

Deirtear gur bhraith cuid de rannpháirtithe an taighde go mbíodh teagmháil níos mó idir scoláirí agus muintir an tí is muintir an cheantair san am a chuaigh thart. Tá an ghné shóisialta sin de shaol na gColáistí imithe i léig, a deirtear.

Ceist eile a chíortar sa taighde ná ‘Riail na Gaeilge’. Bhí formhór na ngrúpaí fócais den tuairim gur gá ‘Riail na Gaeilge’ a chur i bhfeidhm go docht daingean. Is é sainmhíniú na rialach sin i gcás amháin: ‘Scoláire ar bith a labhróidh abairt iomlán i dteanga ar bith seachas an Ghaeilge le linn cúrsa nó imeacht ar bith eile de chuid an choláiste, sáraíonn sé/sí Riail na Gaeilge’.

Braitear anois go bhfuil níos mó béime ar spraoi seachas ar fhoghlaim na teanga agus gur gá an bhéim a chur an athuair ar shealbhú na teanga. Moladh dá réir go gcuirfí Riail na Gaeilge i bhfeidhm sna coláistí go léir.

I measc na mbagairtí ar na coláistí samhraidh, luaitear cúlú na Gaeilge sa Ghaeltacht, bearta le stádas na teanga a mhaolú sa chóras oideachais agus leagan amach bhéaltriail na hArdteistiméireachta.

Bagairtí an-mhóra ar fad is ea cúlú na teanga agus na bearta atá á moladh ag grúpaí áirithe i láthair na huaire maidir le hísliú a stádais sa chóras oideachais, a deirtear sa taighde.

Rud eile atá ag cur isteach ar na coláistí ná an cinneadh a rinneadh in 2011 deireadh a chur leis an nGaeilge mar ábhar acadúil sna coláistí ullmhúcháin. Is é a thoradhsean nach gcaitheann ábhar oidí an oiread céanna ama sa Ghaeltacht le hais mar a chaithidís sula ndearnadh an cinneadh sin.

Is é Aire Stáit na Gaeltachta, Joe Mc Hugh, T.D. a sheolfaidh an taighde nua ar 5pm Dé Máirt 31 Márta i dTeach an Ardmhéara i mBaile Átha Cliath.

Fág freagra ar 'Idir láidreachtaí agus laigí ag baint leis na Coláistí Samhraidh, de réir taighde nua'