Idir an lot againn tá leath mo shaoil caite agam ag plé le huachtar gréine

Ní gá dár gcolúnaí ceistneoir a líonadh amach ar líne do scála richter an dó gréine a théann óna haon go dtí a sé

Idir an lot againn tá leath mo shaoil caite agam ag plé le huachtar gréine

Nuair a bhreathnaíonn tú amach an fhuinneog maidineacha samhraidh in Éirinn, seans nach é an t-uachtar gréine an chéad rud a ritheann leat. B’fhéidir gur túisce go chuimhníonn tú ar an gcóta báistí agus na wellingtons.

Ach is cosúil gurb í Éire an 14ú tír is airde ina bhfuil rátaí ailse craicinn inti. Ní hí an ghrian amháin is cúis leis ach tá baint ag an gcineál craicinn atá agat leis freisin. Cé go gcreideann cuid againn go mbeadh dath breá orainn ach ár ndóthain gréine a fháil, is cosúil nach bhfuil iomlán an chirt againn. Ná beagán an chirt, ach an oiread.

Tá tú in ann a ghabháil ar líne agus ceistneoir a líonadh amach le haghaidh tástáil Fitzpatrick; scála richter an dó gréine a théann óna haon go dtí a sé ag brath ar cé chomh geal nó cé chomh dorcha is atá do chraiceann.

Níl aon chall domsa ceistneoir a líonadh amach ar líne. Má dúirt éinne riamh leat agus tú i mbarr do shláinte, ‘Ó, a chréatúir, chaithfeadh go bhfuil tú ag fáil bháis le slaghdán, tá tú an-bhán’, féadfaidh tú  a bheith réasúnta cinnte de gur cheart duit fanacht amach ón ngrian, hata mór a chaitheamh agus a bheith flaithiúil leis an bhfachtóir 50.

An réiteach ab fhearr do mo leithéidse ná ball éadach a bheadh an-chosúil le burkini ach nach burkini é. Is réiteach an-mhaith é don té nach bhfuil in ann a ghabháil amach faoin ngrian idir dhá mhúir gan a bheith dóite aici.

Tá a leithéid ar fáil do ghasúir óga. Cheannaigh mé ceann don bhabaí dhá bhliain ó shin, sórt ‘babaí-kini’ agus tá laethanta ar an trá feabhsaithe go mór ó shin. Forchóta snámha atá ann a thugann cosaint ón ngrian. Tá an treabhsar agus an barr in aon phíosa amháin agus cochall ar a bharr.

Faraor, déarfainn gurb í seo an bhliain dheireanach a chaithfidh sé é. Tabhair cúpla mí eile dhó agus tuigfidh sé nach bhfuil sé sách cool agus diúltóidh sé é a chur air. Níl a fhios agam céard a dhéanfaidh mé ansin. Tá gruaig rua air fhéin agus ar a dheirfiúr agus idir an lot againn tá leath mo shaoil caite agam le huachtar gréine.

Feictear dom go mbíonn daoine in amhras fút má fheiceann siad thú agus gasúir rua agat nuair nach bhfuil gruaig rua ort féin.

‘Is an bhfuil gruaig rua ar an athair?; a d’fhiafraigh bean díom ag an bpáirc spraoi lá.

‘Níl,’ a dúirt mé.

Bhreathnaigh sí arís orm. ‘Is níl gruaig rua ortsa ach an oiread?’ a dúirt sí.

‘Níl,’ a dúirt mé.

‘Hmm,’ a dúirt sí ansin.

‘Tá a fhios agat go gcaithfidh an ghéin don ghruaig rua a bheith ag an mbeirt tuismitheoirí le go mbeidh gruaig rua ar na páistí?’

Ní raibh a fhios agam céard a bhí mé ceaptha a rá ag an bpointe sin den chomhrá. Cheannaigh muid sa siopa rua iad? Chuaigh mé amach sa ngairdín maidin amháin is bhí dhá chloiginnín rua istigh faoin gcabáiste?

Tá craiceann buí ar dhuine amháin de na páistí agus cé go gcaithfidh muid an t-uachtar gréine a chur uirthise í féin, ní bhíonn baileach an oiread imní orm go ndófar sí.  

Ní thuigeann éinne cé as a dtáinig sise, ach an oiread. Scaití cuireann an dochtúir teaghlaigh imní orm.

‘Is an mbíonn an dath sin i gcónaí uirthi?’ atá fiafraithe aige dínn níos mó ná uair amháin.

‘Bíonn,’ a fhreagraím.

‘Meas tú cé as a bhfaigheann sí é?’ a fhiafraíonn sé díom ansin.

(Cén t-iontas, is dócha, nuair a d’fheicfeá an chuid eile againn?)

‘Níl a fhios agam, dháiríre!’

Fág freagra ar 'Idir an lot againn tá leath mo shaoil caite agam ag plé le huachtar gréine'