Iarrthóirí de chuid UKIP agus Alliance ag tacú le héilimh thoghcháin Chonradh na Gaeilge

Breis agus 70 iarrthóir agus ceithre pháirtí tar éis a gcuid tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge le linn an fheachtais toghchánaíochta

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie
Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Tá breis agus 70 iarrthóir agus ceithre pháirtí tar éis a gcuid tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge le linn an fheachtais toghchánaíochta –iarrthóirí de chuid Pháirtí an Alliance agus de chuid UKIP ina measc.

Tá geallúint tugtha uathu ag Bill Piper (UKIP) agus Trevor Lunn (AP) go dtacóidís beirt le héilimh Chonradh na Gaeilge i dTionól Stormont dá dtoghfaí iad.

Tá an Conradh ag éileamh go ndéanfaí infheistíocht £2.16 milliún sa bhreis sa Ghaeilge, go gceapfaí Aire Pobal a bheadh báúil don teanga agus a bheadh in ann mianta phobal na Gaeilge a chur chun tosaigh agus go gceapfaí Aire Oideachais a thacódh leis an nGaeilge sa chóras oideachais.

Tá gach páirtí polaitíochta agus iarrthóir toghcháin a thug tacaíocht don trí éileamh sin le feiceáil ar shuíomh Chonradh na Gaeilge, mar chuid den fheachtas #GaelVóta atá ar bun ag an eagraíocht ó aimsir an Olltoghcháin i mí Feabhra na bliana seo.

Is iad Sinn Féin, an SDLP, Pobal Roimh Bhrabús agus an Cross-Community Labour Alternative na páirtithe a thacaigh go hoifigiúil leis na héilimh.

Tá cur síos cuimsitheach ar an suíomh, de réir toghcheantair, ar na hiarrthóirí a thug geallúint uathu maidir leis na héilimh. Deir an Conradh go ndearnadh teagmháil “ar a laghad faoi dhó” le gach iarrthóir le ceist a chur orthu faoin bhfeachtas #GaelVóta.

“Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar vótálaithe áitiúla – iadsan atá ina gcainteoirí líofa Gaeilge, iadsan atá ag foghlaim na teanga, nó go deimhin iadsan a bhfuil bá de chineál ar bith acu leis an teanga – chun na héilimh seo a chur chun cinn leis na hiarrthóirí ar fad atá ag seasamh sna toghcheantair s’acu. Caithimis vóta ar son na Gaeilge,” a dúirt Cóilín Ó Cearbhall, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.