Manchán Magan, iarrthóir toghcháin na nGlasach, ag moladh gan aon bhaint a bheith ag an rialtas leis an nGaeilge

Deir an láithreoir teilifíse agus scríbhneoir taistil atá ag seasamh don Chomhaontas Glas i Longfort-An Iarmhí gur cheart don rialtas fanacht amach ón nGaeilge agus nár cheart brú a chur ar aon duine an teanga a fhoghlaim

Manchán Magan. Pictiúr: RollingNews.ie
Manchán Magan. Pictiúr: RollingNews.ie

Tá ráite ag Manchán Magan, an t-údar agus láithreoir teilifíse atá ag seasamh don Chomhaontas Glas i Longfort-An Iarmhí san olltoghchán, nár cheart go mbeadh ról ar bith ag an rialtas ó thaobh na Gaeilge de.

Bhí Magan ag caint ar an gclár The Right Hook ar an stáisiún raidió Newstalk tráthnóna inné faoin scéala go mbeidh sé ag seasamh don olltoghchán i mbliana.

Ag deireadh an agallaimh, inar labhair Magan faoi shaol na tuaithe, na fáthanna a bhfuil sé ag seasamh don Chomhaontas agus a thuairimí ar chúrsaí na tíre, chuir George Hook láithreoir an chláir ceist ar Magan maidir le Renua agus a ndearcadh siúd i leith na Gaeilge.

Thagair Hook d’fhorógra Renua, a foilsíodh an tseachtain seo caite, inar mhaígh an páirtí nua go mba chóir do mhuintir na hÉireann breathnú i dtreo na Breataine Bige agus an bealach ina bhfuil an teanga á cosaint agus á cothú acu. D’fhiafraigh sé de Magan an dtiocfadh sé le seasamh Renua ar an gceist.

Dúirt Magan gur shíl sé go mba chóir do dhuine ar bith ar mhian leis an Ghaeilge a fhoghlaim nó a labhairt é sin a dhéanamh, ach nár chóir go mbeadh ról ar bith ag an rialtas i gcúrsaí Gaeilge agus nár chóir go gcuirfí brú ar dhuine ar bith eile í a úsáid ná a fhoghlaim.

Le linn an agallaimh thug sé le fios freisin gur beag meas atá aige ar chur chuige mhuintir na Breataine Bige maidir le slánú a dteanga siúd. Dúirt sé gurb ionann an cur chuige sin agus “[a] fanatical, biting sense of injustice inside them [muintir na Breataine Bige]”. Dúirt sé gur mór aige an dearcadh níos “réchúisí”(lackadaisical) atá ag muintir na hÉireann i leith na teanga.

The way to revive the language is to allow the people who are passionate about Irish to speak it and grow it and to allow others who don’t want to walk away from it,” a dúirt Magan. 

Dúirt sé gur ealaíontóirí a thabharfadh faoi rudaí “nua” a chruthú i nGaeilge a theastaigh agus nár theastaigh an rialtas ar chor ar bith má bhí an Ghaeilge le tabhairt slán.

“What we need is artists and creatives doing new things in the Irish language. We do not need the government in any form in the Irish language; we need to turn to ourselves and decide do we want to speak it, and if so we do and if not that’s fine, we need to move on. And that’s a tragedy for people like me, but we can’t force it on people.”

Ní raibh Magan ar fáil lena chuid smaointe i leith na Gaeilge agus ról an rialtais i bhforbairt agus cosaint na teanga a phlé le Tuairisc.ie aréir.

Sheol an Comhaontas Glas ‘Polasaí Gaeilge’ an samhradh seo caite. Tacaíonn an páirtí leis an moladh go mbeadh dhá shiollabas Gaeilge ann le haghaidh daltaí meánscoile.

‘Teanga na Gaeilge’ agus ‘Litríocht na Gaeilge’ an dá ábhar a bheadh i gceist.

Tacaíonn an Comhaontas chomh maith leis an éileamh go mbunófaí bord oideachais do scoileanna Gaeltachta a bheadh freagrach as cúrsaí oideachais i naíonraí, i mbunscoileanna agus i meánscoileanna na Gaeltachta.

Deir an páirtí freisin go dtacaíonn siad leis na moltaí a rinneadh sa Staideár Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a foilsíodh sa bhliain 2007, agus a ndearnadh uasdátú air anuraidh.

Tá suíomh an pháirtí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus is é an t-aon mhórpháirtí polaitíochta a bhfuil a leithéid de shuíomh acu. Déantar cur síos ina bpolasaí Gaeilge  ar sheasamh oifigiúil an pháirtí i leith na Gaeilge.

‘Is mian leis an gComhaontas Glas go gcuirfí go cuimsitheach le líon agus le caighdeán na seirbhísí Gaeilge a chuireann an Stát ar fáil do dhaoine ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Dá bhrí sin, tacaíonn an páirtí go láidir le feidhmiú iomlán Acht na dTeangacha Oifigiúla sa Phoblacht agus leis an bhfeachtas ar son Acht Teanga don Ghaeilge sa Tuaisceart,’ a scríobhtar sa mhír faoi ‘reachtaíocht teanga’.

Níor éirigh le Tuairisc.ie teacht ar urlabhraí ón bpáirtí chun ráiteas a fháil faoi dhearcadh Magan i leith ról an Stáit i gcur chun cinn na teanga.

Fág freagra ar 'Manchán Magan, iarrthóir toghcháin na nGlasach, ag moladh gan aon bhaint a bheith ag an rialtas leis an nGaeilge'

  • Eoghan ONeill

    Dearfainn go bhfuil an ceart ag Manchán mar tá an cultúr Anglo caithréimneach ar fud na cruinne faoi láthair agus ag scuabadh stádas teangachaí eile amach as an bhealach. Tá údair staire le seo a théann siar go dtí Impireacht na Breatainne agus leathnú cumhachta na Stáit Aontaithe i rith an 19ú aois déag agus a ról mar bhuatheoirí san dá Chogadh Domhanda. Tá scar maith daoine sa tír seo a amharcann orthu féin mar Anglos agus nach bhfeiceann aon chiall leis an ghaelig a fhoghlaim agus is cur amú iarrachta í a chur ar fáil dóibh. Ar an láimh eile tá Sasanaigh, Polannaigh agus Camarúnigh a chur a gcuid páistí chuig gaelscoileanna mar shíl siad go raibh baint ag an teanga le hanam na tíre seo.
    Connadh inniu, an choill go buan!

  • Colmán

    Ní raibh dúil agam i gcur chuige Mhancháin riamh i leith na Gaeilge. Mhothaigh mé gur duine é a mbeadh sé deacair ag cosmhuintir na hÉireann réiteadh leis. Tig sé chun tosaí le gimicí amáideacha cosúil le ‘adopt an Irish word’. Ach i ndeireadh na dála, is léir ón méid atá ráite aige gur de lucht an éadóchais atá sé. Ní thuigeann sé athbheochan teanga. Ach ab é an athbheochan ní bheadh ardán aige ar TG4 agus ní bheadh sé ag labhairt Gaeilge mar ní bheadh aon Ghaeilge ná TG4 ann. Chítear domhsa gur iarracht é seo ag Manchán vótaí na mBéarlóirí soiniciúla a mhealladh agus talún slán a chur idir é féin agus an athbheochan na Gaeilge.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Dá mbeadh an tír iomlán dátheangach an mbeadh ‘brú’ ar bith i gceist leis an teanga dúchaia a labhairt?

    Cinnte cha bheadh brú ar bith ar bhunadh na Gaeltachta tiompú ar an Bhéarla nuair a thagadh duine gan Ghaedhlige isteach sa Ghaeltacht.

  • Brendan Keane

    Tá liostaí fanacht Gaelscoileanna ann go han fhada go deimhin agus gan sásamh. Má gach scolairí leis an gá agus an thoil a fhoghlaim fuair áit in Gaelscoil, bheadh deireanach ar an fadhb Ghaeilge. Beidh 300,000 nua-scolairaí agus Gaeilgeoirí in Éireann i 5 bliana amháin.

    The waiting lists for Irish schools is a hundred miles long. The government is obligated to provide education in the language per the conceptual framework of the Constitution and state.

    Were the rialtais to let Irish schools open and hire Irish teachers, there would be 300,000 voluntary Irish speakers in Ireland in only 5 years.

    The whole debate on Irish schools is ignored, because the media complex in Ireland is engineered to mire Irish people in nonsense debates rather than focus the country on keeping Ireland for the Irish. Only the language (not even genetics anymore) whether as a spoke vehicle or as an emblem of affinity, can coalesce the Irish claim to a homeland. Without it, the Irish will be outnumbered in Ireland and lose their property. This is not a spiritual debate this is a ground beneath your feet crisis.

  • Colmán

    Brendán, ní ardán é seo fá choinne tuairimí ciníocha. Ní dream ciníoch atá sna Gaeil. Tá an Ghaeilge ann do cibé duine atá ag iarraidh í a labhairt. Tá aithne agam ar chainteoirí Gaeilge as an Pholainn, an Rúis, An Ghearmán, Vietnam, Zimbabwae, Meiriceá, Cúba, an Airgintín, an Spáinn, an Fhrainc agus an tSeapáin. Is cuma cén tír arb as duit is féidir leat Gaeilge a labhairt agus a úsáid má tá teanga i do bhéal. Ní leor Google Translate faraor géar!