Iarrtha ar an bpobal imeachtaí a chlárú do ‘Bhliain na Gaeilge 2018’

Déanfar ceiliúradh ar 125 bliain ó bunaíodh Conradh na Gaeilge an bhliain seo chugainn agus tá iarrtha ag an eagraíocht ar phobal na Gaeilge imeachtaí ceiliúrtha a chur ar chlár na bliana

Iarrtha ar an bpobal imeachtaí a chlárú do ‘Bhliain na Gaeilge 2018’

Tá níos lú ná sé mhí fágtha go gcuirfear tús le ‘Bliain na Gaeilge’, an ceiliúradh a bheidh ar siúl ag Conradh na Gaeilge ar feadh na bliana seo chugainn mar chomóradh ar an 125 bliain ó bunaíodh an eagraíocht in 1893, agus tá iarrtha ag an eagraíocht ar phobal na Gaeilge imeachtaí a chlárú do chlár oifigiúil na bliana.

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge clár na n-imeachtaí a sheoladh ag Oireachtas na Samhna a bheidh ar siúl i gCill Airne faoi Shamhain. Tá iarrtha ag an gConradh ar eagraíochtaí Gaeilge sonraí faoi na himeachtaí atá beartaithe acu don bhliain cheiliúrtha a chur faoina bhráid roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair.

Déanfar ceiliúradh i gcaitheamh na bliana seo chugainn ar an obair atá déanta ag craobhacha Chonradh na Gaeilge, i gceantair Ghaeltachta agus ar fud na tíre, le 125 bliain anuas leis an teanga ‘a chaomhnú, a chosaint agus a fhorbairt’.

Tá sé i gceist ag Conradh na Gaeilge stair na heagraíochta agus stair ghluaiseacht na Gaeilge a léiriú i ngrafaicí agus i bhfíseán, eolas faoi “bhuaicphointí na hathbheochana” a scaipfear in imeacht na mblianta.

Ar cheann de bhuaicphointí na bliana beidh an mórshiúl atá beartaithe ag an gConradh don 3 Márta. Deir an Conradh gur mórshiúl ceiliúrtha seachas mórshiúl agóide, fearacht Lá Mór na Gaeilge 2014 agus Laethanta Dearga Bhéal Feirste in 2014 agus 2017, a bheidh i gceist an bhliain seo chugainn.

Ritheadh rún ag Ard-Fheis an Chonartha i mBaile Átha Cliath anuraidh go n-eagrófaí mórshiúl san ardchathair “a mbeadh na heagrais Ghaeilge ar fad bainteach leis” mar chuid de Bhliain na Gaeilge. Ghlac idir 7,500 agus 10,000 duine páirt i Lá Mór na Gaeilge ar an 15 Feabhra 2014 agus bhí os cionn 10,000 ar shráideanna Bhéal Feirste níos luaithe i mbliana don Lá Dearg.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, le Tuairisc.ie gur “ag filleadh ar na seanlaethanta” a bheidh an Conradh le mórshiúl na bliana seo chugainn agus é ag tagairt don mhórshiúl bliantúil a bhíodh ag an eagraíocht fadó.

Dúirt de Spáinn go bhfuil an Conradh fós ag fanacht ar scéala ar ais ó Éire Ildánach, clár cultúir an rialtais, maidir le tacaíocht an stáit do Bhliain na Gaeilge.

“Ní bheidh a fhios acu faoin mbuiséad a bheidh acu go dtí go mbeidh na meastacháin ar fad déanta agus ní bheidh a fhios againne go dtí sin cén sórt tacaíochta a bheifear in ann a chur ar fáil.

“Tá ionadaíocht ag an Roinn Gaeltachta ar an ngrúpa oibre atá ag ullmhú don bhliain seo chugainn, agus tá muid ag súil leis go dtiocfaidh an stát ó dheas taobh thiar di. Gan aon fheidhmeannas ann ó thuaidh tá sé rídheacair teacht ar aon cheangal faoi leith an taobh sin tíre,” a dúirt sé.

Is iad foirne Sheachtain na Gaeilge agus na bhfeachtas feasachta atá ag an gConradh atá ag obair ar an ullmhúchán do Bhliain na Gaeilge den chuid is mó.

Seolfar an clár in Óstán an Gleneagle ag Oireachtas na Samhna i mbliana agus tá sé i gceist an bhliain cheiliúrtha féin a sheoladh Oíche Chinn Bliana mar a seoladh Bliain na Gaeilge 2013, ach níl aon socrú déanta faoi sin go fóill.

Thug de Spáinn le fios do Tuairisc.ie go bhfuil roinnt imeachtaí cláraithe ag eagraíochtaí éagsúla don bhliain cheiliúrtha cheana féin agus go bhfuil Conradh na Gaeilge ag súil leis an teanga a chur os comhair an phobail an bhliain seo chugainn ar bhealach a bheidh “thar a bheith feiceálach”.