Iarratas eile ó naíscoil lán-Ghaeilge diúltaithe ag Peter Weir lá an toghcháin

Le linn a thréimhse mar aire oideachais, phléigh Peter Weir le 25 iarratas forbartha. Cheadaigh sé 18 acu sin agus dhiúltaigh sé do sheacht gcinn. As na seacht gcinn sin a diúltaíodh, ba thograí a bhain le scoileanna agus naíscoileanna lánGhaeilge sé cinn díobh

Iarratas eile ó naíscoil lán-Ghaeilge diúltaithe ag Peter Weir lá an toghcháin

Dhiúltaigh an t-iar-aire Oideachais Peter Weir d’iarratas ó naíscoil lánGhaeilge i dTír Eoghain an lá deiridh a raibh sé ina Aire Oideachais — an 2 Márta, lá an toghcháin an tseachtain seo caite.

De réir eolais a foilsíodh in The Irish News, dhiúltaigh Weir, a thug droim láimhe le sé cinn de na seacht n-iarratas ó scoileanna agus naíscoileanna lánGhaeilge ó ceapadh ina Aire é mí Bhealtaine na bliana seo caite, don iarratas a rinne Bunscoil Cholmcille ar an gCarraig Mhór i gContae Thír Eoghain, naíscoil lánGhaeilge a bhunú ar champas na scoile.

Bhí sé i gceist ag Bunscoil Cholmcille naíscoil ina mbeadh áit do 26 leanbh a oscailt ar bhonn páirt-aimseartha ann. Dá gceadófaí Naíscoil Cholmcille, bheadh sí lonnaithe ar an láthair ar a bhfuil an bhunscoil ón mbliain 2001 i leith.

Ní bhfuair an Roinn Oideachais aon litir ón bpobal nó ó dhream ar bith eile a chuir in aghaidh na naíscoile, ach mar sin féin, dúirt oifigigh na Roinne le The Irish News nach raibh aon chruthúnas ann gur theastaigh na háiteanna breise naíscoile sa cheantar le freastal ar an éileamh atá ann ar an nGaelscolaíocht.

Le linn a thréimhse ghearr mar Aire, bhí phléigh Weir  le 25 iarratas forbartha. Cheadaigh sé 18 acu sin agus dhiúltaigh sé do sheacht gcinn. As na seacht gcinn sin a diúltaíodh, ba thograí a bhain le scoileanna agus naíscoileanna lánGhaeilge sé cinn díobh. Ba é an t-aon iarratas nár bhain leis an nGaelscolaíocht a dhiúltaigh Weir ná an t-iarratas go gceadófaí cónascadh idir trí scoil Chaitliceacha in iarthar Thír Eoghain.

Cháin eagraíochtaí teanga agus lucht an Ghaeloideachais cinntí Weir go géar i gcaitheamh na bliana seo caite agus mhaígh Conradh na Gaeilge go raibh na cinntí sin “ag teacht salach ar an dualgas reachtúil” atá ar an Roinn Oideachais maidir le “spreagadh agus éascú fhorbairt na Gaelscolaíochta” ó thuaidh.

Gheall an DUP le linn feachtas thoghchán na bliana seo caite go ngabhfadh an páirtí i ngleic leis an “gcóir fhabhrach” a bhí á tabhairt do Ghaelscoileanna agus scoileanna nua á dtógáil.

Mhaígh Weir anuraidh go raibh an t-iar-aire Oideachais, John O’Dowd (SF), a bhí ina Aire roimh Weir, ‘obsessed’ le scoileanna lánGhaeilge. Dúirt an tiar-aire Pobal, Paul Givan, ón DUP, nach raibh cothrom na Féinne á fháil ag scoileanna eile toisc gur do Ghaelscoileanna a tugadh 20% den £40 milliún a infheistíodh i ndeich scoil sa tréimhse sin.

Fág freagra ar 'Iarratas eile ó naíscoil lán-Ghaeilge diúltaithe ag Peter Weir lá an toghcháin'