Iarratas le cur chuig Apple ag Conradh na Gaeilge a éileoidh aipeanna i nGaeilge do na daill

Labhair Siobhán Uí Dhuibhir, ball de Chonradh na Gaeilge a chaill radharc na súl, linn faoina cás

Earraí de chuid Apple
Earraí de chuid Apple

Glacadh le rún ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo caite i Ros Cré go gcuirfeadh an eagraíocht iarratas isteach chuig an gcomhlacht teicneolaíochta Apple a éileoidh go gcuirfear leithéidí ‘Siri’ ar fáil i nGaeilge.

Ba iad baill Chraobh Chaiseal Mumhan a mhol an rún ag an Ard-Fheis. Chaill ball den chraobh sin, Siobhán Uí Dhuibhir, radharc na súl i dtimpiste bóthair ceithre bliana déag ó shin.

“Níl ach 5% den radharc agam i súil amháin agus mar sin tá sé an-deacair orm aon téacs fada a léamh. Ar an bhfón tá dhá aip, ‘Siri’ agus ‘Voiceover’. Tá Voiceover go hiontach; léifidh sé aon rud atá ar mo fón dom, téacsanna a chuirfidh mo chairde chugam nó léifidh sé leabhar amach dom – aon rud a thagann isteach, léifidh an Voiceover é sin dom, ach ní aithníonn sé an Ghaeilge.”

Ba mhór an chabhair a leithéid de sheirbhís a bheith ar fáil, a deir Uí Dhuibhir.

“Bheadh sé an-úsáideach, ní hamháin do dhaoine a bhfuil radharc na súl caillte acu ach d’aon duine – daoine a bheadh ag tiomáint cairr, d’fhéadfadh an fón treoracha a léamh amach nó d’fhéadfadh sé feidhmiú mar chlosleabhar nó téascleabhar do dhaltaí scoile.”

Feachtas atá tábhachtach di féin agus don Ghaeilge araon atá i gceist, dar le Uí Duibhir.

“Thabharfadh sé an-chuid stádais don Ghaeilge freisin. Tá an tseirbhís ar fáil i go leor teangacha, an Spáinnis, an Ghearmáinis agus agus an Fhraincis agus fiú amháin sa Bhulgáiris. Chuir mé teachtaireacht chuig Liadh Ní Riada san Eoraip agus tá sí ag tabhairt tacaíocht dó freisin. Ach ceapaim má dhéanann muid an obair anseo in Éirinn, go mbeidh sé sin go hiontach freisin,” a dúirt Siobhán le Tuairisc.ie.

Dar le Apple dá mhéid daoine a chuirfidh iarratas isteach is ea is mó seans go gcuirfear an tseirbhís ar fáil i nGaeilge. Ó glacadh leis an rún, tá sé i gceist ag an gConradh an brú sin a chur ar an gcomhlacht.

Tá roinnt mhaith aipeanna agus eile ar fáil i nGaeilge cheana féin ar an gcóras iOS agus tá níos mós fós ar fáil don chóras Android.