Iarratas ar mhaoiniú breise do TG4 á mheas ag an Aire Cumarsáide

Beidh Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inniu chun staid an stáisiúin a phlé

Iarratas ar mhaoiniú breise do TG4 á mheas ag an Aire Cumarsáide

Tá ráite ag an Aire Cumarsáide Denis Naughten go bhfuil iarratas ó TG4 ar mhaoiniú breise don bhliain 2018 fós á mheas.

Dúirt an tAire go mbeadh sé “neamhfhóirsteanach” tuilleadh a rá faoin scéal agus próiseas an Bhuiséid fós ar siúl.

Thug an tAire le fios don Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go bhfaigheann TG4 €4.245 milliún faoi láthair ón gceadúnas teilifíse. Maoiniú €32.79m a chuir an Rialtas ar fáil do TG4 do 2017. Éiríonn leis an stáisiún maoiniú eile a fháil ó choistí craoltóireachta thuaidh agus theas agus bíonn ioncam fógraíochta agus urraíochta chomh maith aige. Anuas air sin, cuireann RTÉ 365 uair an chloig de chláir ar fáil don chraoltóir Gaeilge de réir na reachtaíochta.

Tá maoiniú breise á lorg le blianta fada ag TG4 a bhfuil maoiniú i bhfad níos lú aige ná mar atá ag S4C na Breataine Bige, mar shampla.

Maíonn TG4 go bhfuil an stáisiún ar cheann de na cainéil teilifíse is éifeachtaí costas san Eoraip ach gur deacair an sceideal, agus an sceideal Gaeilge, go háirithe, a chuireann siad ar fáil a fhorbairt cheal acmhainní.

Idir an dá linn, beidh Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais inniu chun staid an stáisiúin a phlé.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, TD go mbeadh “roinnt saincheisteanna” á bplé ina measc na dúshláin a bhaineann leis an gcraoltóireacht Ghaeilge, na dualgais reachtúla atá ar TG4 agus ceist na bhfotheideal ar chláir an chraoltóra.

“Cuirfidh an cruinniú a bheidh againn amárach leis na cruinnithe a bhí againn roimhe seo inar phléamar na dúshláin agus na deiseanna atá ann do chraoltóirí Gaeilge ar fud oileán na hÉireann agus an tacaíocht a theastaíonn uathu chun a gcuid cuspóirí agus a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh.

“Is modh cumarsáide fíorthábhachtach é an teilifís i gcónaí agus tá sé riachtanach go gcuirtear seirbhís teilifíse bheoga inrochtana agus inmharthana ar fáil do lucht féachana agus éisteachta na Gaeilge. Dá bhrí sin, táimid ag súil lenár gcruinniú leis an Uasal Esslemont chun plé a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna a bhaineann le seirbhís craoltóireachta Gaeilge a sholáthar,” a dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, Cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais.

 

Fág freagra ar 'Iarratas ar mhaoiniú breise do TG4 á mheas ag an Aire Cumarsáide'