Tá iarrtha ag an Aire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne, ar eagraíochtaí iarratas a dhéanamh chuig Údarás na Gaeltachta más spéis leo a bheith roghnaithe mar eagraíocht chun plean teanga a ullmhú don Daingean i gCorca Dhuibhne.
Tá sé ar intinn ag an Aire Stáit go mbeidh an Daingean ina Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012, ach plean teanga a bheith curtha i bhfeidhm ann.
Roghnóidh Údarás na Gaeltachta eagraíocht chun plean teanga a ullmhú, a aontú agus a fheidhmiú don Daingean, an baile is mó i gCorca Dhuibhne.
Is é an Daingean an chéad bhaile seirbhíse a bheidh ag eagrú plean teanga faoin bpróiseas nua agus dúirt an tAire Kyne gur “céim eile chun cinn” sa phróiseas pleanála teanga é foilsiú an fhógra.
Dúirt sé go bhfuil sé “ag súil leis go mbeidh na páirtithe leasmhara ar fad atá in ann tionchar a imirt ar an scéal” sásta páirt a ghlacadh san iarracht an Ghaeilge “a threisiú” sa bhaile.
Eagraíodh próiseas comhairliúcháin i rith shamhradh na bliana 2014 agus cuireadh liosta le chéile de na bailte sna contaetha éagsúla Gaeltachta a d’fhéadfaí a aithint mar ‘bhailte seirbhíse Gaeltachta’. Ba iad Cathair Saidhbhín in Uíbh Ráthach agus Trá Lí an dá bhaile eile a luadh le Gaeltacht Chiarraí.
Féadfaidh eagraíochtaí i gCorca Dhuibhne iarratas a dhéanamh, go dtí an 10 Samhain, chuig Údarás na Gaeltachta le bheith roghnaithe mar eagraíocht chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sa Daingean.
Faoi Acht na Gaeltachta 2012, tugtar Bailte Seirbhíse Gaeltachta ar na bailte sin atá suite i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta nó taobh leo agus a bhfuil ról suntasach acu maidir le seirbhísí poiblí, saoráidí áineasa, sóisialta agus tráchtála a sholáthar do na limistéir sin.
Nuair a roghnófar an eagraíocht a bheidh i mbun na pleanála sa Daingean, beidh suas le dhá bhliain ag an eagraíocht sin chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne Gaeltachta agus beidh seacht mbliana ina dhiaidh sin acu chun an plean a chur i bhfeidhm. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an phlean le linn na seacht mbliana sin.
Tá obair ar siúl cheana féin ag Foras na Gaeilge ar thús a chur le próiseas na pleanála teanga i gCathair na Gaillimhe agus i Leitir Ceanainn.
Táthar ag súil go mbeidh an pobal, an earnáil dheonach, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach ag obair “as lámha a chéile” sna bailte seirbhíse chun tacú leis an nGaeilge.
Fág freagra ar 'Iarratas á lorg ó eagraíochtaí sa Daingean plean teanga a réiteach le bheith mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta'