Iarratais á lorg ón bpobal do sheacht bhfolúntas ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Tús curtha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh leis an bpróiseas maidir le seacht bhfolúntas ar Bhord Údarás na Gaeltachta a líonadh

Iarratais á lorg ón bpobal do sheacht bhfolúntas ar Bhord Údarás na Gaeltachta

Tá tús curtha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta Joe McHugh leis an bpróiseas maidir le seacht bhfolúntas ar Bhord Údarás na Gaeltachta a líonadh, agus iarratais á lorg ó dhaoine a mbeadh spéis acu bheith ar bhord na heagraíochta fiontraíochta agus pleanála teanga.

Tiocfaidh deireadh an mhí seo chugainn le tréimhse an bhoird reatha, a ceapadh i mí na Samhna 2012. 12 atá ar bhord an Údaráis agus is iad na comhairlí contae Gaeltachta a ainmneoidh an cúigear comhaltaí nua eile. An tAire Gaeltachta a cheapfaidh an seachtar do na folúntais eile, cathaoirleach an bhoird san áireamh, i ndiaidh próiseas iarratais poiblí.

“Ós rud é go dtiocfaidh deireadh le saolré bhord reatha an Údaráis ar 19 Samhain, tá tús á chur inniu leis an phróiseas faoina mbeidh an deis ag baill an phobail iad féin a chur san áireamh le bheith ceaptha ar an mbord. Is faoi stiúir na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí a eagrófar an próiseas iarratais i gcomhréir leis na Treoirlínte do Cheapacháin ar Bhoird Stáit.

“Féachfar chuige, dá réir, go mbeidh an deis ag daoine leis an taithí agus na scileanna cuí, iad féin a chur chun tosaigh le bheith san áireamh le haghaidh ceapacháin,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh tráthnóna.

Ní mór go mbeidh Gaeilge labhartha líofa ag gach comhalta den bhord chomh maith le heolas maith ar an nGaeilge scríofa. Táthar ag lorg daoine a bhfuil “na scileanna cuí agus an taithí chuí acu ar ghnóthaí atá ábhartha d’fheidhmeanna an Bhoird”. Is iad sin an phleanáil teanga agus cur chun cinn na Gaeilge, forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta, forbairt pobail agus cur chun cinn na n-ealaíon, agus rialachas corparáideach agus bainistiú riosca.

Beidh Cathaoirleach le ceapadh ar an mBord freisin a léireoidh “caighdeán ard macántachta agus ionracais” agus a leagfaidh amach “ionchais maidir le cultúr, luachanna agus iompar” don Údarás.

Íocfar €11,970 le Cathaoirleach Bhord an Údaráis agus €7,695 le gnáthchomhalta an Bhoird, mar aon le costaisí. Ní bhfaighidh aon  duine atá ina fhostaí de chuid an Stáit an bhuntáille.

Ní mór d’iarratas a bheith curtha faoi bhráid StateBoards.ie faoi 15.00 ar an 9 Samhain.

Bhain conspóid leis an bpróiseas iarratais poiblí deireanach do Bhord an Údaráis in 2012. Tháinig sé chun solais an uair sin go raibh ionchur polaitiúil i gceist le ceapadh bheirt bhall ó Pháirtí an Lucht Oibre ar an mbord. Bhí ceist ann chomh maith faoi liosta a raibh ainmneacha 34 duine air a mheas státseirbhísigh shinsearacha i Roinn na Gaeltachta a bheadh oiriúnach don bhord. Dhiúltaigh an t-aire stáit Gaeltachta ag an am Dinny McGinley do gach duine a bhí ar an liosta. Bhíothas míshásta chomh maith nach raibh aon saineolas sa phleanáil teanga ag aon duine a ceapadh ar an mbord ag deireadh na bliana 2012, in ainneoin cúram na pleanála teanga a bheith leagtha ar an Údarás in Acht na Gaeltachta 2012.

Fág freagra ar 'Iarratais á lorg ón bpobal do sheacht bhfolúntas ar Bhord Údarás na Gaeltachta'

  • Seán o Colla.

    Ba mhaith liom mo ainm a chuir chun tosaigh do fholúntas are Bhord Údaras na Gaeltachta.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Tá an scéal seo sna meáin le roinnt laethanta anuas. D’fhanas féin siar uaidh go bhfeicfear pé’n tionchar a bheadh aige ar dhaoine, ach is léir anois gur beag an ábharthacht atá ag an Údarás i saol na Gaeltachta sa lá atá inniu ann. Tá éiginnteacht ann faoina ról sa phobal. Is beag atá ar siúl maidir le fostaíocht anso ó dheas, agus leis an laghdú sa bhuiséad atá ag an Údarás, tar éis tuarastail na foirne a dhíol, is beag atá fágtha dos na comharchumainn agus do phleanáil teanga.
    Anuas ar sin ar fad, is beag muiníne a bheadh agam go n-éireodh le héinne go mbeadh sé de mhisneach acu iad féin a chur chun cinn le bheith ar bhord an Údaráis. Mar atá ráite, níor ghlac Dinny McGinley le héinne ó liosta an choimisiúin an turas deireanach ach gur ceapadh daoine bainteach le Fine Gael agus an Lucht Oibre. D’fhéadfainn go leor eile a rá faoi sin ach, ar eagla nach bhfoilseofar é anseo, fanfad im thost … go fóill.