‘Iarrachtaí leanúnacha’ ar bun leis an Qu’ran a chur ar fáil i nGaeilge

Tá véarsaí áirithe ó leabhar naofa Ioslam ar fáil i nGaeilge cheana féin ach tá deacrachtaí ann teacht ar ‘scoláire Gaeilge ardcháilithe a bhfuil Araibis ar a thoil aige freisin’

‘Iarrachtaí leanúnacha’ ar bun leis an Qu’ran a chur ar fáil i nGaeilge

Tá “iarrachtaí leanúnacha” ar bun ag pobal Ioslamach na Gaillimhe Gaeilge ar chur ar an gCórán, leabhar naofa a gcreidimh.

Thug an tIomám Ibrahim Ó Nuanáin, atá lonnaithe sa Ghaillimh, le fios do Tuairisc.ie go bhfuil Gaeilge curtha ar véarsaí áirithe ó leabhar naofa Ioslam cheana agus go bhfuiltear ag súil le “cúnamh gairmiúil” chun cur leis an obair sin i mbliana.

“Níl duine ar bith againn a bhfuil ardchaighdeán Araibise agus ardchaighdeán Gaeilge aige. Chaithfeadh an t-aistriúchán dul ón Araibis, tríd an mBéarla, go Gaeilge. Pléadh an scéal ag cruinniú den choiste gnó sé mhí ó shin, agus moladh go lorgófaí cúnamh gairmiúil leis an aistriúchán.

“Theastódh scoláire Gaeilge ardcháilithe a bhfuil Araibis ar a thoil aige freisin. Is í an fhadhb atá ann ná go bhfuil sé fíordheacair teacht ar a leithéid de dhuine,” a dúirt Ó Nuanáin, arbh as Port Láirge ó dhúchas é ach atá ag cur faoi i gcathair na Gaillimhe le fada.

Chuir Cartlann RTÉ mír nuachta amach an tseachtain seo, mír a craoladh den chéad uair i 1989, inar cuireadh agallamh ar bhaill den phobal Ioslamach i nGaillimh a bhí tar éis sleachta ón gCórán a chur i nGaeilge.

Físeán RTÉ ó 1989

Dúirt an tIomám Ibrahim Ó Nuanáin le Tuairisc.ie gur éirigh leis na hiarrachtaí sin go pointe sa mhéid is gur cuireadh Gaeilge ar “véarsaí áirithe” agus ar ábhar eile a bhaineann leis an gcreideamh, ach gur “togra leanúnach” atá i gceist agus nach fios go fóill cén fhad a thógfaidh sé.

Dúirt Ó Nuanáin  le Tuairisc.ie go bhfuil gasúir agus déagóirí anois i measc an phobail Ioslamaigh sa chathair a tógadh le Gaeilge nó a d’fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge agus go rabhthas ag súil go mbeadh na daoine óga sin in ann cúnamh a thabhairt leis an tiontú, ach nach raibh a gcuid Araibise “sách maith” le tabhairt faoin obair go fóill.

“Tá na fadhbanna seo uilig againn. Is dóigh go dtiocfaidh an té, i bhfad amach romhainn, a mbeidh scoth na hAraibise agus na Gaeilge aige ó dhúchas, ach is togra fadtéarmach é sin. Dá gcuirfí an bunleagan tríd an mBéarla ar dtús, is cinnte go gcaillfí cuid den urlabhairt. Tá an Ghaeilge agus an Araibis an-chosúil lena chéile ó thaobh struchtúir de agus b’fhearr i bhfad é a thiontú díreach ón mbunleagan go Gaeilge.

“Sheiceáil cainteoirí líofa Gaeilge na ranna a aistríodh agus bhí siad sásta leo. Tá an Córán ar fáil i 70 teanga eile agus ba cheart go mbeadh leagan Gaeilge, a bheadh ar ardchaighdeán, ar fáil freisin,” a dúirt sé.

D’fhógair Foras na Gaeilge agus Lárionad Cultúrtha Ioslamach Éireann 14 bliain ó shin go mbeidís ag obair as lámha a chéile chun an Córán a aistriú ón Araibis go Gaeilge agus go gcuirfí coiste ar bun chuige sin.

Dúirt an Dochtúir Ali Selim, ón Lárionad Cultúrtha, le Tuairisc.ie gur cuireadh deireadh leis an togra go gairid ina dhiaidh sin nuair a tháinig sé chun solais nach raibh aistritheoir ar bith ann a d’fhéadfadh an obair a dhéanamh.

“Ní raibh aistritheoir ar fáil a bhí in ann an bunleagan Araibise a chur i nGaeilge, agus cuireadh deireadh leis an togra dá bharr. B’fhéidir go mbreathnófaí arís air amach anseo ach faoi láthair níl sé i gceist againn leagan Gaeilge den Chórán a sholáthar,” a dúirt an Dr Selim.

Tá níos mó dóchais ag an Iomám Ó Nuanáin i nGaillimh, áfach, go gcuirfear an obair i gcrích.

“Is togra leanúnach é a bhfuil roinnt fadhbanna ag baint leis, mar a mhínigh mé. Ach is údar spreagtha níos mó ná rud ar bith eile iad na fadhbanna sin. Feictear dúinn gur cheart iarracht a dhéanamh ar a laghad ar mhaithe leo sin ar cuid mhór dá saol í an teanga.

“Is cainteoir dúchais as Conamara duine den phobal agus tá brú á chur aige sin orainn an t-aistriúchán a dhéanamh. Beidh muid á chur chun cinn le linn na bliana atá amach romhainn agus ba cheart go n-aistreofaí caibidil iomlán ar a laghad,” a dúirt sé.

Roinntear an Córán i gcaibidlí ar a dtugtar ‘Surah’. Tá suas le 300 véarsa i Surah ar leith agus pléitear coincheapa casta diagachta iontu. Dúirt Ó Nuanáin gurbh fhearr leis go dtosófaí le Surah gairid go bhfeicfear cén sórt aistriúcháin a dhéanfaí orthu.

“Dá n-éireodh linn Surah amháin, nó péire, a chur i nGaeilge, agus iad sin a chur faoi bhráid scoláirí Gaeilge agus a dtuairim siúd a fháil ar an aistriúchán, ba mhór an dul chun cinn a bheadh ansin,” a dúirt sé.

Tá cuairteanna tugtha ag Ó Nuanáin ar scoileanna Gaeltachta i gConamara agus Oileáin Árann le labhairt faoina chreideamh leis na daltaí.

Thug sé leis na cáipéisí agus véarsaí a aistríodh cheana féin go Gaeilge agus dúirt sé go raibh “ríméad” ar lucht na scoile go raibh ábhar i nGaeilge ar fáil.

Dúirt sé go raibh sé ag súil go mbeadh tuilleadh ábhair faoin gcreideamh ar fáil i nGaeilge go luath agus go raibh sé cinnte go mbeidh an Córán féin ar fáil, ina iomlán, i nGaeilge ar deireadh.

Fág freagra ar '‘Iarrachtaí leanúnacha’ ar bun leis an Qu’ran a chur ar fáil i nGaeilge'