Iarrachtaí ar bun ‘foclóir Gaeilge LGBT’ a fhorbairt in Albain

Meastar gur cuid den phobal LGBT iad 7% de mhuintir na hAlban agus dúirt stiúrthóir forbartha Equality Network go nglacann sé leis ‘gur daoine LGBT iad 7% den 58,000 cainteoir Gàidhlig in Albain freisin’

Iarrachtaí ar bun ‘foclóir Gaeilge LGBT’ a fhorbairt in Albain

Tá iarrtha ag Equality Network ar chainteoirí Gàidhlig cúnamh a thabhairt chun gluais téarmaíochta a bhaineann leis an bpobal aerach, leispiach, déghnéasach, trasghnéasach, agus idirghnéasach, a fhorbairt.

Tá cúnamh lorgtha cheana féin ag an eagraíocht ar Shabhal Mòr Ostaig, an ollscoil Ghàidhlig san Oileán Sciathánach, ach tá iarrtha acu anois ar phobal na teanga cabhrú leo an téarmaíocht a fhorbairt. Táthar ag súil go gcuirfear an bunachar críochnaithe téarmaíochta ar fáil ar líne.

Tá an tionscnamh ‘Geidh’ (aerach) á chur ar bun mar chuid de thionscnamh mór de chuid an Equality Network agus bunaíodh é i ndiaidh sraith imeachtaí a reáchtáladh in Inse Gall na hAlban.

Meastar gur cuid den phobal LGBT iad 7% de mhuintir na hAlban agus dúirt Scott Cuthbertson, stiúrthóir forbartha Equality Network, go “nglacann [an eagraíocht] leis gur daoine LGBT iad 7% den 58,000 cainteoir Gàidhlig in Albain freisin”.

“Is téarmaí iad non-binary, trans agus intersex atá sách nua sa Bhéarla féin. Tá eolas curtha ar fáil againn i nGàidhlig cheana, le linn an fheachtais dheiridh a bhí againn in éadan coireanna fuatha, ach ní bhítear ar aon tuairim faoin mbealach ceart le téarmaí áirithe a aistriú go Gàidhlig.

“Tháinig sé chun cinn agus muid in Inse Gall gur ghá dúinn níos mó a dhéanamh le teagmháil a dhéanamh le pobal na Gàidhlig. Mar sin, teastaíonn uainn stór focal a fhorbairt a bheadh le húsáid, agus ba mhaith linn obair le cainteoirí Gàidhlig lena fhorbairt,” a dúirt sé.

Sé bliana ó shin, d’eisigh an eagraíocht LGBT ‘Stonewall Scotland’ póstaer a bhí dírithe ar scoileanna na tíre ar a raibh an teachtaireacht ‘Tha cuid de dhaoine gay. Gabh ris!’ (Tá roinnt daoine aerach. Glac leis!). Maíodh an uair sin nach raibh aon fhocal sa teanga a chuirfeadh síos ar dhuine aerach gan iad a mhaslú.

Níos luaithe i mbliana, scríobh an saineolaí Gàidhlig as Ceanada, an Dr Emily McEwan, gur pobal a bhí i bpobal na teanga in Albain “nár cheadaigh aon spás cultúrtha ná idé-eolaíochta don fhéiniúlacht aerach” ó 1500 go dtí tús na 1980idí, nuair a fuarthas réidh leis an dlí in aghaidh an homaighnéasachais.

“I gcaitheamh na tréimhse seo, ba é an t-aon chainteoir Gàidhlig a bhfuil fianaise stairiúil ann go raibh sé aerach ná an fear casta sin, an Maor-Ghinearál Eachann Gilleasbaig MacDhòmhnaill, a shamhlaítear leis an Highlander atá ar lipéad Camp Coffee,” a dúirt sí.

“Sular ndearnadh an homaighnéasachas dleathach in Albain, ba mhaslaí iad formhór na dtéarmaí comhaimseartha d’fhir aeracha. Níor forbraíodh téarmaíocht, neodrach, LGBT  i nGàidhlig go dtí i bhfad níos deireanaí, de réir mar a bhíothas ag tuairisciú ar dhlisteanú agus normalú páirtíochtaí sibhialta agus pósadh comhghnéis in Albain,” a dúirt McEwan.

Mhaígh McEwan nach bhfuil aon téarmaíocht a bhaineann leis an bpobal LGBT i bhfoclóirí Dwelly (1911), MacLennan (1925) ná Renton agus MacDonald (1979).

“Tá iontrálacha garbha do na téarmaí bunúsacha sna foclóirí a foilsíodh ó 1980 ar aghaidh. Tá homosexual agus lesbian i bhfoclóir Béarla-Gàidhlig Thomson (1986), ach níl ann ach an míniú eile don fhocal gay, atá imithe in éag i mBéarla ach atá  fós in úsáid i nGàidhlig,” a dúirt sí.

Mar chuid de ‘Mhí na Staire LGBT’ in Albain i mí Feabhra, chuir an Dr McEwan stór focal LGBT ar fáil ar a blag. Is féidir an cháipéis sin a léamh anseo.

Dúirt urlabhraí ó Téarma.ie le Tuairisc.ie nach bhfuil a leithéid de thogra ar bun i saol na Gaeilge is atá ar bun ag Equality Network in Albain, agus nach bhfuil aon bhileog téarmaíochta ar fáil a bhaineann le cúrsaí LGBT.

“Seachas corrthionscadal eisceachtúil – téarmaí spóirt, téarmaí ealaíon, téarmaí Teicneolaíocht na Faisnéise – pléitear le soláthar na téarmaíochta ar bhonn ad hoc i gcás na Gaeilge. Sin ráite, bíonn an Coiste Téarmaíochta sásta glacadh le sainiarratais ó eagraíochtaí agus institiúidí agus dá rachadh ionadaithe ón bpobal LGBT i dteagmháil leo, tá mé cinnte go ndéanfaidís a ndícheall freastal orthu,” a dúradh.

Maidir le Gaeilge na hÉireann, tá, mar shampla, roinnt focal ó chaint na ndaoine a thagraíonn don phobal aerach sa leabhar Ó Ghlíomáil go Giniúint: Foclóir na Collaíochta le Dáithí Ó Luineacháin, ach meastar de na focail sin a bheith maslach.