‘Iarracht ar bun ag Sinn Féin aontachtaithe a náiriú le hacht Gaeilge’ – Arlene Foster

Deir Sinn Féin go mbaineann ceist an Achta Gaeilge le cearta phobal labhartha na teanga

‘Iarracht ar bun ag Sinn Féin aontachtaithe a náiriú le hacht Gaeilge’ – Arlene Foster

Tá ráite ag ceannaire an DUP Arlene Foster gur ar mhaithe le haontachtaithe “a náiriú” atá éileamh Shinn Féin ar acht teanga don Ghaeilge amháin.

Dúirt Foster go raibh seasamh a páirtí féin “an-soiléir” agus nach bhfuil “aon ghá” le hacht teanga don Ghaeilge amháin.

Dúirt sí nach mbeadh aon fhuascailt i ndán don tsáinn pholaitiúil maidir le hathbhunú an fheidhmeannais ó thuaidh fad is atá acht don Ghaeilge á éileamh ag Sinn Féin. Dúirt sí go bhfágann an t-éileamh sin go bhfuil sé “dodhéanta” aon dul chun cinn a dhéanamh sna cainteanna.

“Níl anseo ach bealach chun an t-aontachtas agus muide a chreideann i modh maireachtála Briotanach a náiriú,” a dúirt Foster.

Ag labhairt di ar The Sunday News ar BBC Radio Ulster, mhaígh Foster nach raibh aon bunphrionsabail ag DUP sna cainteanna faoi athbhunú Stormont, ach go raibh bac curtha ag Sinn Féin roimh a leithéid leis an éileamh ar acht don Ghaeilge.

Dúirt an t-iar-aire oideachais John O’Dowd ar an gclár Good Morning Ulster go raibh díomá ar Shinn Féin faoina raibh le rá ag ceannaire an DUP i ndiaidh roinnt seachtainí de chainteanna.

“An amhlaidh gur ar mhaithe le haontachtaithe agus an fhéiniúlacht Bhriotanach a náiriú atá Acht na Gaeilge in Albain nó Acht na Breatnaise sa Bhreatain Bheag – ní hamhlaidh ná baol air.  Baineann sé le cearta lucht labhartha na teanga,” a dúirt O’Dowd.

Dúirt sé  go mbeadh “dualgas” ar Shinn Féin tacú le reachtaíocht don Ultais dá gcuirfeadh an DUP a leithéid chun tosaigh.

Fág freagra ar '‘Iarracht ar bun ag Sinn Féin aontachtaithe a náiriú le hacht Gaeilge’ – Arlene Foster'

  • Seán Mac Gearailt

    Deir Arlene Foster nach bhfuil aon bhunphrionsabail ag an DUP sna cainteanna faoi athbhunú Stormont; ach ní bheidh aon acht don Ghaeilge. Nach breá bog atá sé aici.