Tá naoi lá bróin fógartha ag Rialtas Chúba tar éis d’iar-Uachtarán na tíre sin Fidel Castro bás a fháil aréir agus é 90 bliain d’aois.
Dúirt Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn gur “údar mór bróin” bás Castro agus gur bhain sé le glúin ceannairí a dhein iarracht teacht ar chur chuige nua maidir le leagan amach eacnamaíochta agus sóisialta an domhain.
Chuimhneofaí, a dúirt Ó hUigínn, ar Castro mar “fhathach” i measc cheannairí an domhain arbh í an fhís a bhí aige ná go mbeadh saoirse ag muintir Chúba agus ag aon dream eile a bhí “faoi chois”.
Dúirt an tUachtarán, áfach, gur fhág na hathruithe a rinne Castro a lorg ar shochaí Chúba.
Ba é Raul Castro, a tháinig i gcomharbacht ar a dheartháir in 2008 mar Uachtarán, a d’fhógair go raibh Fidel Castro básaithe. Chuir Raul Castro clabhsúr ar a aitheasc teilifíse leis an rosc catha iomráiteach ‘Hasta La Victoria Siempre!’.
Bhí Fidel Castro i measc na gceannairí ab aitheanta agus ba chonspóidí ar domhan agus d’fhág sé a rian ar an stair ar mhórán slite.
Chuir sé suim sa pholaitíocht réabhlóideach le linn dó a bheith ag staidéar dlí san ollscoil, agus tháinig sé i gcumhacht Lá Caille 1959 nuair a d’éirigh leis an réabhlóid armtha a raibh sé mar cheannaire uirthi an deachtóir Fulgenico Batista a dhíbirt.
Bhí caidreamh achrannach ag réimeas cumannach Castro le Stáit Aontaithe Mheiriceá, go háirithe le linn an Chogaidh Fhuair, agus de réir mar a d’fhuaraigh an caidreamh le SAM bhunaigh sé caidreamh níos dlúithe leis an Rúis.
Tháinig sé slán ó iarracht an CIA é a chur as cumacht i 1961, iarracht ar tháinig deireadh léi nuair a theip ar ionradh an Bay of Pigs.
Tháinig sé slán leis ó scata iarrachtaí eile é a mharú.
I 1962 sheas Castro an fód le linn Ghéarchéim na nDiúracán tráth a raibh imní ann go mbeadh sé ina chogadh núicléach.
Baineann cuid mhaith conspóide le hoidhreacht Castro.
D’éirigh leis saor-oideachas do chách agus córas sláinte den scoth a thabhairt isteach, ach cáineadh é as srian a chur le saoirse tuairimíochta agus cearta daonna agus d’fhág srianta rialtais agus na smachtbhannaí a chuir Stáit Aontaithe Mheiriceá i bhfeidhm ar Chúba go raibh go leor bochtanais fós sa tír lena linn.
I Miami, mar a bhfuil pobal mór de bhunadh Chúba a theith ó réimeas Castro, bhí roinnt daoine amuigh ar na sráideanna ag ceiliúradh a bháis agus gártha mar ‘Cuba Libre!’ acu.
A mhalairt de scéal a bheidh ann i dtír dhúchais Castro agus naoi lá bróin fógartha ag an Rialtas. Déanfar Castro a adhlacadh i reilig Santiago de Cuba ar an 4 Nollaig.
Pól Ó Codlata
Alt cothrom, réalaíoch, ach b’fhéidir go chór go mbeadh níos mó bhéim ar an easpa daonlathas agus neamháird do chearta daonna a bhí taobh thiar don ré. Dar ndóigh, caithfear an chaighdeán réasúnta áird sa chórais sláinte agus oideachais a luaigh ar an taobh eile den scéal, mar sin, ní oidhreacht éasca é a mheasadh!