Iar-Easpag na Gaillimhe Eamonn Casey tar éis bháis agus é 89 bliain d’aois

Bhí an tEaspag ar dhuine den chléir ba mhó aithne sa tír fiú sular tharraing scannal gnéis conspóid air

Iar-Easpag na Gaillimhe Eamonn Casey tar éis bháis agus é 89 bliain d’aois

Pictiúr: Eamonn Farrell/RollingNews.ie

Tá an tEaspag Eamonn Casey, iarEaspag na Gaillimhe tar éis bháis in aois an cheithre scór agus naoi mbliana.

Bhí sé tinn le tamall.

Ba as Na Foidhrí i gcontae Chiarraí don Easpag a rugadh i 1927.

Chuir an tEaspag, a d’éirigh as i 1992 faoi scamall na conspóide,  tús lena shaol sa chléir mar shagart i Luimneach. Ceapadh ina Easpag ar Chiarraí é i 1969 agus i 1976 ceapadh ina Easpag ar Ghaillimh é.

Fear cuideachtúil cainteach é a bhí ann a bhí lán d’aer an tsaoil agus a chuir a chuid tuairimí in iúl go neamhbhalbh. B’fhacthas do dhaoine gur leoithne úr ó thaobh meoin agus cur chuige a bhí ann i bhfianaise choimeádachas plúchtach an chliarlathais sna caogaidí agus sna seascaidí, cé gur chloígh sé go docht le teagasc údaráis na hEaglaise maidir le mórán ceisteanna sóisialta agus morálta.

Thuill sé dea-cháil de bharr a chuid oibre le himircigh na hÉireann i Sasana agus bhunaigh sé cumann tithíochta chun tithíocht níos fearr a chur ar fáil do theaghlaigh de bhunadh na tíre. Ba é an chéad chathaoirleach ar an eagraíocht carthanachta Trócaire chomh maith.

Mar Easpag na Gaillimhe, bhí dlúthbhaint aige le cuairt an Phápa Eoin Pól II ar ráschúrsa Bhaile an Bhriotaigh i 1979 agus bhí an tEaspag Casey féin agus a dhlúthchara, an tAthair Michael Cleary, lárnach in imeachtaí an lae.

Ghlac sé seasamh láidir ar cheisteanna éagsúla maidir le cearta an duine. Sheas sé an fód le hoibrithe Dunnes Stores ina n-agóid in aghaidh chinedheighilt na hAfraice Theas agus dhiúltaigh sé bualadh le hUachtarán Mheiriceá Ronald Reagan nuair a tháinig sé ar cuairt ar Ghaillimh i 1984. Níor aontaigh an tEaspag le polasaí Stáit Aontaithe Mheiriceá i Meiriceá Láir ag an am.

Baineadh stangadh as pobal na hÉireann i 1992 nuair a tháinig sé chun solais sna meáin go raibh caidreamh gnéis aige le Meiriceánach mná, Annie Murphy, agus gur saolaíodh mac dóibh, Peter. Mhaígh Annie Murphy gur chuir an tEaspag brú uirthi an páiste a chur ar uchtú. Scríobh sí leabhar faoina gcaidreamh, Forbidden Fruit. Tháinig sé chun solais chomh maith go raibh íocaíochtaí á ndéanamh ag an Easpag le máthair a mhic as airgead na hEaglaise. D’éirigh Casey as a chúram agus chuaigh sé ag obair ar na misin in Eacuadór.

D’fhág an chonspóid a lorg ar shochaí na hÉireann agus luaitear go minic scannal an Easpaig le creimeadh chumhacht na hEaglaise Caitlicí in Éirinn.

D’fhill sé ar Éirinn agus é amach sna blianta agus bhí cónaí air ar feadh roinnt blianta i Seaneaglais in aice leis an nGort i ndeisceart na Gaillimhe.

Chuaigh sé chun cónaithe in ionad altranais i gCora Chaitlín i gContae an Chláir in 2011 agus ba ann a bhásaigh sé tráthnóna inniu. 

Fág freagra ar 'Iar-Easpag na Gaillimhe Eamonn Casey tar éis bháis agus é 89 bliain d’aois'

  • Fearn

    Ar dheis Dé go raibh a anam.