Iain Henderson tagtha isteach agus cúpla athrú déanta ar fhoireann na hÉireann

Tá foireann na hÉireann a chuirfidh tús lena bhfeachtas sa Chraobh Sé Náisiún in aghaidh na hAlban Dé Sathairn ainmnithe ag Joe Schmidt

Iain Henderson tagtha isteach agus cúpla athrú déanta ar fhoireann na hÉireann

Pictiúr: INPHO/Dan Sheridan

D’imir sé a chéad chluiche d’Éirinn i Murrayfield in 2013, agus beidh an geansaí uimhir 10 á chaitheamh arís ag Paddy Jackson i nDún Éideann Dé Sathairn agus foireann na hÉireann ainmnithe ag Joe Schmidt tráthnóna.

Agus gortú ag cur as do Jonathan Sexton, is é fear Chúige Uladh a thiocfaidh isteach ina áit sa líne leathchúil, taobh le Conor Murray. Chaill Éire sa chéad chluiche sin ag Jackson ceithre bliana ó shin agus thug sé féin taispeántas lag go maith uaidh an lá céanna. Tá feabhas mór tagtha air mar imreoir ó shin agus dá bharr sin ní údar imní chomh mór sin é go bhfuil Sexton ar iarraidh.

É sin ráite, ní bheidh mórán roghanna eile ag Schmidt má bhaineann gortú do Jackson. Chinn an bainisteoir gan Ian Madigan a thabhairt isteach sa scuad, rud a fhágann gurb é Ian Keatley, nár imir d’Éirinn le dhá bhliain anuas, an t-aon  uimhir 10 a bheidh ar an mbinse.

Fear eile atá gortaithe faoi láthair ná Andrew Trimble, rud a fhágann gurb iad Simon Zebo agus Keith Earls a bheidh ag tosú ar na cliatháin agus gur Rob Kearney a bheidh ag imirt mar lánchúlaí.

I measc na dtosaithe, tá áit bainte amach ag fathach Chúige Uladh, Iain Henderson, sa dara líne. Is idir Donncha Ryan agus Henderson a bhí an t-ionad seo agus an tUltach a rinne an beart agus gortú beag ag cur as do Ryan.

Níl áit ar an mbinse fiú ag Ryan agus tá Ultan Dillane, atá ag teacht chuige féin ó ghortú le tamall anuas, ainmnithe i measc na n-ionadaithe.

Gach seans go n-imreoidh Niall Scannell a chéad chluiche d’Éirinn ar an Satharn agus húcálaí na Mumhan ar an mbinse, i dteannta beirt imreoirí eile a d’fhéadfadh teacht isteach sa líne tosach, Cian Healy agus John Ryan.

Is iad Josh van der Flier, Kieran Marmion agus Tommy Bowe an triúr eile atá ainmnithe mar ionadaithe don chluiche.

Foireann na hÉireann:

R Kearney
K Earls
G Ringrose
R Henshaw
S Zebo
P Jackson
C Murray
J McGrath
R Best
T Furlong
I Henderson
D Toner
CJ Stander
S O’Brien
J Heaslip

Ionadaithe:

N Scannell
C Healy
J Ryan
U Dillane
J van der Flier
K Marmion
I Keatley
T Bowe

Fág freagra ar 'Iain Henderson tagtha isteach agus cúpla athrú déanta ar fhoireann na hÉireann'