‘I won’t vote for a crook or an assh*le’ – caitheamh i ndiaidh Kennedy agus Reagan

Tá na Poblachtánaigh ag caitheamh i ndiaidh Ronald Reagan agus tá na Daonlathaigh ag fanacht fós ar chomharba ar John F. Kennedy

‘I won’t vote for a crook or an assh*le’ – caitheamh i ndiaidh Kennedy agus Reagan

Eagraíocht í NACA (an Neighbourhood  Association Corporation of America) atá ag iarraidh daoine a chur ar bhealach a leasa sula dtarraingeoidís morgáistí troma orthu féin.  Seo muid ag cruinniú náisiúnta dá gcuid.  Tá toscairí tagtha as Stáit ar fud na tíre.  Féachann siad le comhairle agus treoir a thabhairt do dhaoine i dtaobh costas tithe; tá a gcuid oibre dírithe go háirithe orthu siúd atá ar phá agus ioncam íseal.

Tá grúpa acu ag ól braon tae agus caife.   Cé dhó a mbeidh siad ag vótáil?

“Tá suim caillte agam ann,” a deir toscaire as South Carolina.  Ach, níor chuir bean as Pennsylvania fiacail ar bith sa bhfreagra a thug sise ar an gceist sin:  “I am not voting for either a crook or an asshole!” .

’Sí Clinton atá cam agus sé Trump fear an chacamais, dar léi.

Ní chuireann chuile dhuine focla chomh fileata ar an dearcadh atá acu ar na príomhiarrthóirí i dtoghchán na hUachtaránachta i Meiriceá ach tá dearcadh mar seo forleathan.  Nó an cheist atá ag cuid den phobal – cén chaoi ar éirigh linn an bheirt seo a roghnú agus breis agus 300 milliún duine sna Stáit Aontaithe? 

Ar ndóigh, tá freagra simplí ar an gceist sin: an córas daonlathach.  Go deimhin, níl mórán tír ar dhroim na cruinne a bhfuil córas vótála chomh hiomlán ann ná atá i Meiriceá agus muintir na tíre ag roghnú iarrthóirí don phost polaitíochta is cumhachtaí.   

Tugtar deis ollmhór do na vótóirí sna réamhthoghcháin. Ach tuige ar shocraigh na vótóirí gurbh iad an bheirt seo a bheadh in éadan a chéile sa deireadh – go háirithe Donald Trump?

Níl sé leath chomh furasta an cheist sin a fhreagairt.   

Is dóigh go gcaithfear fanacht go dtí lá níos faide anonn sula dtuigfear an bhrí atá leis seo uilig.   Ach más múisiam agus míshástacht anois é, céard atá uathu i Meiriceá?   Tá freagra na ceiste sin ag  Scott Farris, údar a bhfuil go leor scríofa aige faoin Uachtaránacht.   Ariamh ó d’imíodar, tá na Poblachtánaigh ag caitheamh i ndiaidh Ronald Reagan agus tá na Daonlathaigh ag fanacht fós ar chomharba ar John F. Kennedy. Sin a deir Farris.   

Creideann sé nár éirigh leis na páirtithe móra i Meiriceá macasamhail na beirte seo a fháil mar iarrthóirí ó shin, agus bheadh an méid sin deacair, a deir sé.

Tá Reagan agus Kennedy áirithe ag an bpobal agus ag tráchtairí araon ar bheirt de na hUachtaráin is mó ariamh a raibh meas agus gean na ndaoine orthu.  Tá seo léirithe i bpobalbhreitheanna agus i staidéir in imeacht na mblianta.  Cuirtear Abraham Lincoln agus Franklin D Roosevelt ina gcuideachta i bhformhór na bpobalbhreitheanna.

Tá leabhar scríofa ag Scott Farris faoin mbeirt Kennedy and Reagan –Why their Legacies Endure, ina bhféachann sé le dhul go bun an údair.   Ar bhealaí, a deir sé, bhí cosúlachtaí móra idir an bheirt agus san am céanna níorbh ionann cúlra pearsanta na beirte.  Ach, thar aon bhlas eile, feictear don údar go maireann cuimhne agus tréithe Kennedy agus Reagan beo bríomhar de bharr a gcúlra Éireannach:  ‘Kennedy’s and Reagan’s ‘Irishness’ is key to their enduring appeal.’ 

Measann sé go raibh an bheirt gealgháireach, ruainne diabhlaíochta iontu, pearsantacht láidir acu agus go raibh misneach acu beirt. Dar leis go raibh tréithe seo Kennedy agus Reagan fite, fuaite le meon na nÉireannach i Meiriceá.  Buanna iad seo a théann i gcion ar Mheiriceánaigh agus, ar ndóigh, tá os cionn cúpla scór milliún duine sna Stáit a bhfuil fuil Éireannach ina gcuisle.

Luann an tOllamh le hEolaíocht Pholaitiúil, John Orman, go raibh seacht gcinn de thréithe ag Reagan a d’oibrigh thar cionn dó mar Uachtarán ar Mheiriceá sna hochtóidí.

Ba iad na tréithe sin:

Díocas chun coimhlinte sa bpolaitíocht agus sa saol. Suim aige i gcúrsaí spóirt; É aclaí. Muinín aige as a thuairimí féin agus a sheasamh féin ar cheisteanna na polaitíochta agus an tsaoil. É ábalta guaim a choinneáil ar a chuid mothúchán go poiblí. É láidir agus daingean. Agus é ar a chompord leis an gcumhacht.

Fear é a bhí compordach i measc na bhfear, nó ‘real man’ a bhí ann, dar le Orman.

Luann Scott Farris na tréithe céanna le Kennedy. 

Bhí buanna pearsanta thairis sin acu beirt.  Bhíodar dathúil – fir bhreátha, fheiceálacha.   Bhí mná an tsaoil ag fiach ar an gCinnéideach, a deir Scott Farris, agus ní raibh drogall ar bith ar glacadh leis an gcúirtéis a thugadar dó.  Bhí Reagan áirithe i measc na bhfear ba bhreátha go fisiciúil i Hollywood ina óige.  (Is díol spéise é, ina dhiaidh sin uilig,  gur shíl cuid de na mná go raibh an iomarca le rá aige faoin bpolaitíocht nuair a bhídís ina chomhluadar!).

Mar a tharlaíonn sé, bhí Kennedy agus Reagan mórán ar comhaois; ní raibh ach 6 bliana eatarthu, agus Reagan níos sine. 

Bhíodar saibhir ina bhfir óga – Kennedy de bharr airgead a thit leis agus Reagan de bharr a chuid oibre i Hollywood, ar an teilifís agus sa tionscal sin. 

Ach,  bhí buntréithe an dea-pholaiteora acu freisin.  Mar chainteoirí a bhí in ann a dhul i gcion ar an bpobal ní dóigh gur sáraíodh ariamh iad – go háirithe Reagan, cé go ndearna sé féin beagán den bhua sin  nuair a bhí  sé ag scaradh leis an Teach Bán:  ‘I was not a great communicator,’ a deir sé, ‘but I communicated great things’.

Scott Farris nach ceart an moladh uilig a thabhairt dóibh siúd a scríobh na hóráidí do Kennedy agus do Reagan.   Ba mhaith uaidh an bheirt píosaí a scríobh iad féin, a deir Farris, agus ba mhinic leo athruithe a chur ar na hóráidí a cuireadh ar fáil dóibh.

Bhíodar beirt go fíochmhar in aghaidh an chumannachais agus bhíodar i bhfeighil na cumhachta le linn thréimhse na coimhlinte idir Meiriceá agus an Rúis.   Cé go gcuirfeadh na tráchtairí Kennedy ar an eite chlé sa bpolaitíocht, dúirt sé féin nár chuir sé mórán meáchain sna téarmaí ‘liobrálach’ no ‘caomhach’. Deir Farris ina leabhar gur ‘liobrálach drogallach’ a bhí sa gCinnéideach scaití ach go raibh air damhsa de réir an phoirt i Massachusetts agus ina bhunáit polaitíochta. 

Chuirfí Reagan san eite dheis ach ní raibh leisce air comhréiteach a dhéanamh ar cheisteanna go leor leis na Daonlathaigh. Deir Farris go raibh Kennedy agus Reagan i bhfad níos gaire do lár na páirce sa bpolaitíocht ná a ghéillfeadh go leor de lucht tacaíochta na beirte.

Thar aon ní eile bhí Kennedy agus Reagan in ann muinín agus dóchas a spreagadh i measc pobal Mheiriceá, a deir údar an leabhair Kennedy and Reagan – Why their Legacies Endure

Níl, a deir Farris, aon nduine ar comhchéim leo ar pháirc na polaitíochta sna Stáit anois.

Agus dúirt an bhean as Pennsylvania an rud céanna, ar bhealach eile.