‘I was speaking Irish before you were a twinkle in your mother’s eye,’ arsa George Hook

Ghoill teachtaireacht mar gheall ar chúrsaí Gaeilge go mór ar George Hook ar a chlár The Right Hook inné

georgehook

Thug an láithreoir raidió George Hook fogha inné faoi éisteoir dá chuid a chuir ina leith go raibh ‘drochmheas’ aige ar an nGaeilge.

Ghoill teachtaireacht an éisteora faoi dhearcadh an láithreora i leith na teanga go mór air.

“Listen Anna, I’ve been speaking Irish since before you were a twinkle in your mother’s eye,” a dúirt Hook agus é ag léamh na teachtaireachta amach ar a chlár The Right Hook ar Newstalk inné.

Ba í Anna Heverin as Gaillimh, atá ag déanamh staidéir ar an bpolaitíocht agus an stair de réir a cuntais Twitter, a chuir ‘drochmheas ar an nGaeilge’ i leith Hook.

Bhí Heverin i láthair ag díospóireacht toghcháin a bhí á reáchtáil ag an gCumann Feaslúnachta in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh. Bhí Jerry O’Sullivan, iarrthóir neamhspleách as Béal Átha an Ghaorthaidh atá ag seasamh in Olltoghchán 2016, i láthair ag an díospóireacht agus cuireadh ceist i nGaeilge air. D’iarr Hook ar fhear na ceiste, Gary Moloney, í a chur arís i mBéarla agus d’iarr sé ar O’Sullivan a fhreagra a thabhairt i mBéarla le go dtuigfeadh an lucht éisteachta ar fad í. Thug Hook freagra ar Heverin ar Twitter agus thagair dá tvuít ar chlár na hoíche aréir.

“I have been savaged on Twitter by Anna who says I disrespected the language and everything else. Listen, Anna, I was speaking Irish before you were a twinkle in your mother’s eyes, so I am not going to take a lecture from you about meaning no offence to the language.

“Surely if the question is about the role of the Irish language and the governments support for the language in the next election, it was vitally important that everyone in the audience understood it,” a dúirt sé ar The Right Hook.

Tráthnóna aréir, tharraing Heverin aird ar fhreagra an láithreora ar Twitter agus d’fhiafraigh a thuairim ar an gceist de Fheidhlim Seoighe, ó Aontas na Mac Léinn in Éirinn, a bhíodh ina leas-Uachtarán don Ghaeilge leis an eagraíocht sin.

Dúirt Seoighe go raibh freagra Hook ‘shocking’ ach gurb iondúil go mbíonn meas ag Hook ar an teanga.

Tá meas ag daoine ó eagraíochtaí teanga éagsúla ar Hook toisc go léiríonn sé bá, dar leo, leis an nGaeilge agus ceist na teanga á plé.
Dúirt duine amháin ar chuir Hook faoi agallamh é go minic ar The Right Hook go dtéann an craoltóir “as a bealach i gcónaí chun a bhá don teanga a léiriú”.
“As na láithreoirí ar fad ar na stáisiúin thráchtála is é George Hook an duine is mó a bhfuil bá aige leis an nGaeilge. Ní hamháin sin ach ba léir domsa i gcónaí nach bhfuil meas ar bith aige ar an dream a bhíonn ag cur i gcoinne na Gaeilge. Tá a chroí san áit cheart agus níl aon cheist faoi sin,” a dúradh.

Fág freagra ar '‘I was speaking Irish before you were a twinkle in your mother’s eye,’ arsa George Hook'