I ngan fhios dúinn nach mór tá ré órga teilifíse eile linn

Tá caighdeán na gclár teilifíse is fearr ag dul i bhfeabhas i gcónaí agus tá Netflix ar thosach cadhnaíochta

I ngan fhios dúinn nach mór tá ré órga teilifíse eile linn

House of Cards agus Orange is the New Black ar leac an dorais againn in athuair. Tá tine ar chraiceann na n-andúileach agus uisce le fiacla gach duine gur áin leo drámaíocht d’ardchaighdeán.

Is ag deireadh na míosa seo a fhillfidh an sleamhnánaí Frank Underword dá chúigiú camchuairt agus cúpla seachtain ina dhiaidh sin is ea a bheidh óinseach Piper Chapman agus a comhghleacaithe ar scáileán isteach chugainn. An rud atá i bpáirt acu, seachas gur thosaigh siad beirt in 2013 agus go bhfuilid ar an gcúigiú sraith, ná gur fuineadh agus fáisceadh iad as ceárta Netflix.

Meabhraíonn seo dúinn an fás rábach atá tagtha ar an gcomhlacht seo, atá ina cheárta agus ina ardán araon. Ag an bpointe seo samhlaím Netflix mar mháistir na drámaíochta teilifíse, gan ach HBO in ann é a fhéachaint leis. Tá an chuid eile dá gcéilithe comhrac ag sodar ina ndiaidh.

I dtosach na mílaoise ba é HBO a bhí ina cheann feadhna in iomaire na drámaíochta teilifíse. Ba thréimhse í ina raibh sé dosháraithe agus lucht féachana á chur faoi dhraíocht ag leithéidí The Sopranos, Band of Brothers, The Wire, Deadwood agus Sex and the City.  Tá HBO imithe le fán ábhairín ós na laethanta úd agus cé go bhfuil Game of Thrones, The Young Pope, The Night Of agus Big Little Lies aige tá leithéidí Westworld imithe sa bhfraoch in ainneoin an bhúis ar fad. Tá meirg tagtha ar an tslaitín draíochta.

Ní hiad an dá tháirge thuas a dhéanann saoiste de Netflix óir go bhfuil leithéidí The Crown (in ainneoin neamhaird BAFTA), Narcos, Stranger Things, agus Better Call Saul  tar éis moladh agus aird na gcéadta míle a mhealladh. Go deimhin tá an ceann deireanach acu sin coiscéim coiligh taobh thiar dá oidhre agus réamhtheachtaí Breaking Bad, rud a bhí doshamhlaithe nuair a thosaigh sé amach. Fiú na saothair nach bhfuil iontach amach is amach (Marco Polo, Designated Survivor agus Bloodline), is fiú do shúil a chaitheamh orthu.

Le déanaí mheall saothair ón gceárta 13 Reasons Why  an-chuid airde as an tslí ar thug sé fé bhulaíocht agus féinmharú i measc déagóirí.

Cé go raibh an cur chuig tútach in áiteanna ba shaothar thar a bheith cumhachtach agus cumasach é. Ag an am céanna tá Dear White People  tar éis tabhairt faoi cheist an chiníochais i Meiriceá ar shlí atá cliste agus greannmhar.

Tá an oiread sin de rath ar chruthaitheacht Netflix go bhfuil rannóg faoi leith ar an suíomh dá saothair féin. Ní gá ach sracfhéachaint a chaitheamh air seo lena fheiscint gur liosta le háireamh é na sárshaothair atá tagtha uaidh. Gan amhras tá  saothair ann nach fiú an deich triuf iad, Luke Cage, mar shampla, a rabhthas ag tnúth go mór leis ach a chuaigh go tóin poill.

I ngan fhios dúinn nach mór, tá ré nua teilifíse, b’fhéidir ré órga eile, ar an bhfód le Piper agus Frank ar thosach cadhnaíochta.

Fág freagra ar 'I ngan fhios dúinn nach mór tá ré órga teilifíse eile linn'

  • Fearn

    An mise an t-aon duine amháin ar an saol seo nár bhfaca ceann ar bith de na sraitheanna luaite thuas?
    Agus fós aithním ré órga teilifíse. Nach dtagann teilifís ach ó Meiriceá?

  • Frainc

    Ní fhéachaim féin ar aon teilifís, dubh bán ná riabhach. Is fuath liom na fógraí chomh mór sin nach féidir liom féachaint ar aon seó nó scannán dá fheabhas. Ní chímse aon ré órga ann ach an niúidí neáidí ceannann céanna anall ó Hollywood na truflaise. An nuacht é féin conas is féidir, in ainm dílis Dé, an rabharta ‘eolais’ sin ar fad a thógaint ar bord agus a dhíleá (más nuacht é)? Ní leor leo aon scéal amháin a thabhairt amach in aon tróig amháin, bionn iliomad boscaí eolais eile ar oscailt agus iad uile ag tarrac do shúl. Cuirim fís-scannán ar siúl más áin liom mo shuaimhneas a cheapadh agus taitneamh a bhaint as scannán agus léim ……eh…Tuairisc…chun mé féin a chur ar an eolas faoi gach rud eile!