I mí Iúil a ghearrfar pianbhreith ar thógálaí as Conamara as ionsaí a dhéanamh ar an gceoltóir Noel Hill

Is é is dóichí gur pianbhreith choimeádta a ghearrfar ar an gcúisí

Noel-Hill012
Noel Hill

 

Gearrfar pianbhreith ar thógálaí as Conamara i mí Iúil as ionsaí tromchúiseach a dhéanamh ar an gceoltóir tradisiúnta Noel Hill i leithreas i dteach tábhairne ar oíche Lá ‘le Stiofáin sé bliana ó shin, a fhágann go mbeidh gortuithe ar an íobartach ar feadh a shaoil.

Nuair a cuireadh tús le triail Michael Folan (55), ón Teach Mór, Leitir Mealláin, os comhair giúiré i gCúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe i mí sa Samhna seo caite, phléadáil sé neamhchiontach san aon chúis amháin a bhí curtha ina leith maidir le díobháil thromchúiseach a dhéanamh d’aon turas agus go meargánta don Uasal Hill (56), gníomh a sháraíonn Alt 4 den Acht um Chionta Neamh-mharfacha, 1997, i dTigh Phádraig Máirtín Beag i Leitir Móir, Conamara, ar Lá ‘le Stiofáin, 2008.

D’athraigh sé a phléadáil go ciontach ar an dara lá den triail tar éis don Uasal Hill cuntas léanmhar a thabhairt ar na gortuithe a tharla dó a bhain steangadh as baill an ghiúiré.

Bhí sé ráite ag an máinlia plaisteach, an tUasal Patrick McCann, leis an ngiúiré go raibh log súile an Uasal Hill brúite siar ina bhlaosc mar a bheadh “ubh in ubhchupán” agus go raibh mogall tíotáiniam curtha ag an máinlia san áit a mbíodh an cnámh faoina log shúile ag an Uasal Hill agus go ndearna sé an méid sin in 2009.

Dúirt an Sairsint Ronan Mahon leis an gcúirt inniu go raibh an tUasal Hill istigh sa teach tábhairne an oíche úd lena pháirtí agus gur ionsaíodh é ón taobh thiar nuair a chuaigh sé go dtí an leithreas.

Bhí sé ina sheasamh istigh i gcubhachail agus an doras ar oscailt nuair a d’fhéach sé thar a ghualainn, áit a bhfaca sé an cúisí ina sheasamh laistiar de.

Bualadh buille i ndiaidh buille doirn air ina dhiaidh sin ar thaobh na láimhe deise dá cheann.

Bhí aithne ag an Uasal Hill ar an gcúisí mar Michael Bheairtle Mharcuisín Folan, tógálaí as an bPointe ar an gCeathrú Rua i gConamara.

Le linn an ionsaithe, tháinig an tUasal Hill amach as cubhachail an leithris agus bualadh go dona é sa bhéal agus sa tsúil chlé.

Leagadh chun talún é, áit ar bualadh ciceanna troma air sa cheann agus sa cholainn. Chaith sé trí seachtaine san ospidéal áit a ndeachaigh sé faoi scian. Dúradh leis an gcúirt i mí na Samhna go raibh a bhlaosc scoilte agus a shúil chlé brúite siar isteach inti

“Lean sé air ag agairt trócaire ach trócaire ní bhfuair sé agus shíl sé go raibh an bás i ndán dó. Ag an am, thit sé chun talún d’iompaigh na buillí doirn ina mbuillí coise agus bualadh ciceanna troma ar thaobh a chinn. “

“D’fhág trí chic a fuair sé a chluas chlé pollta ag spéaclaí. Bualadh cic eile air a bhris a chnámh leicinn ar thaobh na láimhe cle dá aghaidh.

Bualadh ciceanna eile ar a shúil chlé agus scoilteadh a bhlaosc.”

“Brúdh siar ina chloigeann a shúil chlé. Mhair an eachtra cúpla nóiméad,” a dúirt an tUasal Fahy ag an am.

Chaith an tUasal Hill 25 nóiméad inniu ag léamh a ráitis íobartaigh os ard.

“Bhí mé cinnte go bhfaighinn bás. Ní i bhfad uaidh a bhí mé. Chonaic mé m’athair agus m’uncail a cailleadh le deireanas agus dúirt m’athair liom nach raibh sé sa chinniúint dom bheith ina dteannta go fóill. Ba é a chreid mé féin i m’aigne istigh go raibh sé i gceist ag Michael Folan mé a mharú an oíche sin”, a dúirt an tUasal Hill agus é ag sileadh na ndeor.

“Is ceoltóir proifisiúnta mé ach ní féidir liom casadh ar feadh i bhfad an aimsir seo. Tá an taobh clé de mo chorp lag leonta i gcónaí, sé bliana níos deireanaí, a dúirt sé.

Chuala an chúirt gurb é ba chúis leis an ionsaí ná aighneas a bhí idir an bheirt i dtaobh íocaíochtaí as obair athchóirithe a bhí déanta ag Folan don íobartach agus go raibh a ndlíodóirí ag plé an scéil ag an am.

Dúirt an Breitheamh Rory McCabe gur ionsaí tobann, leanúnach agus thar a bheith foréigneach a bhí in ionsaí Folan. Gníomh suarach, meata a bhí ann, a dúirt sé, a tharla de bharr obair tí a rinneadh agus easaontas airgid ag éirí as an obair sin.

Dúirt sé gur ghlac Folan an dlí air féin cé go raibh dlíodóirí ag plé leis an gcás cheana.  “Níl aon chosaint ar a ndearna sé,” a dúirt an Breitheamh.

Ar chloisteáil don Bhreitheamh, áfach, go raibh a chuid fadhbanna sláinte féin ag Folan anois agus go bhfuil sé ag freastal ar sheisiúin chomhairliúcháin mar gheall ar alcólacht agus láimhseáil feirge, chuir sé siar a phianbhreith go dtí an 9 Iúil, á thabhairt le tuiscint nach dócha go n-éalódh Folan ó phianbhreith choimeádta an uair sin.