I mbeagán focal, ní léann pobal na Gaeilge mórán…

Tá sé thar am againn litríocht na Gaeilge a chur ar an scáileán, idir fhuaim is íomhá

I mbeagán focal, ní léann pobal na Gaeilge mórán…

Cathain a chloisfimid Caitlín Nic Aoidh, Fiona Ní Fhlaithearta nó Dónal Ó Bric i mbun léitheoireachta ar mhacasamhail ‘audible’ agus audiobooks.ie?

Bheinnse ar aon fhocal leis an méid a dúirt Alex Hijmans le gairid ar an suíomh seo i dtaobh daoine a bheith ag brath an iomarca ar an teicneolaíocht.

Lena chois sin, in aois seo na ngaireas scáileán, sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh daoine, go háirithe páistí, in ann suí síos i seomra ciúin agus gnáthleabhar páipéir a léamh ar a suaimhneas. Deir saineolaithe gur lena ghuth féin a léann duine, fiú nuair nach mbíonn sé ag léamh os ard, agus go bhfuil dlúthcheangal idir an guth sin agus a chuid féiniúlachta. Moltar an fhéiniúlacht sin a chothú ionainn go léir, go háirithe i bpáistí atá i dtús a n-aistir léitheoireachta. Arís ar ais, thiocfainnse go láidir leis an méid sin.

Mar sin féin, ar chúiseanna a bhaineann cuid mhaith leis an stair, níl traidisiún litearthachta ná léitheoireachta róláidir sa Ghaeltacht sa tír seo, agus is deacair daoine taobh amuigh den Ghaeltacht a chur ag léamh freisin. I mbeagán focal, ní léann pobal na Gaeilge mórán.

Nuair a tháinig Cré na Cille ar an bhfód i dtosach báire, ba ina phíosaí gearra nuachtáin a cuireadh faoi bhráid an phobail é. Ba nós le daoine sna tithe i gCois Fharraige, cuir i gcás, duine amháin a aimsiú leis na sleachta sin a léamh os ard, cois tine, don chomhluadar. Níor spórt go dtí é, de réir scéil, agus bhí sé ag teacht, cuid mhaith, le traidisiún béil na Gaeltachta agus na drámaíochta.

Nuair a bhíonn an fuinneamh agus an t-am agam chuige, níl rud is mó a thaitníonn liom ná breith ar chóip pháipéir d’Fhoclóir Uí Dhuinnín agus d’Fhoclóir Uí Dhónaill, agus focail a chuardach iontu le mo láimh, le linn dom a bheith i ngleic le téacs dúshlánach Gaeilge.

Is iontach go bhfuil na foclóirí sin, agus tuilleadh nach iad, ar fáil go leictreonach anois, ach feictear domsa gur túisce a chuimhneoidh mé ar fhocal má tá mé tar éis é lorg le láimh, seachas ar fhocal atá mé in ann a fháil i bhfaiteadh na súl ach cnaipe a bhrú. Go deimhin, bhí cuimhne an duine go mór i gceist in alt Alex agus, arís ar ais, bheinnse ar aon fhocal leis an méid a dúradh i dtaobh na cuimhne sa phlé sin.

Ina dhiaidh sin is uile, tá cainteoirí, craoltóirí agus aisteoirí breátha againn fud fad na tíre a bhfuil taithí acu ar bheith ag léamh agus ag caint os ard, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di. Anuas air sin, tá áiseanna iontacha againn ar nós ‘Foclóirí’ Tuairisc.ie. Cuir leis an méid sin an obair atá déanta ag leithéidí Chló Iar-Chonnacht chun leabhair a chur ar fáil i bhfoirm mp3. 

Má chuirtear na rudaí sin ar fad le chéile, tá idir théacs mínithe againn agus chaint bhreá bhríomhar ag gabháil leis, ní áirím treoir foghraíochta.

Ba dhóigh leat go bhfuil sé in am ag scríbhneoirí agus ag foilsitheoirí Gaeilge margadh a dhéanamh le leithéidí Audible agus audiobooks.ie, agus litríocht na Gaeilge a chur i lár an aonaigh.

Liosta le háireamh iad na daoine a bhíodh agus a bhíonn le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ar TG4, a seasfaimis sa sneachta ag éisteacht leo, idir óg agus aosta.

Is baolach nach gcloistear cuid acu sách minic; daoine ar nós Áine Ní Bhreisleáin, Dáithí de Mórdha, Caitlín Nic Aoidh, Fiona Ní Fhlaithearta agus Dónal Ó Bric, gan ach cuid bheag bhídeach díobh a lua.

‘Take down this book and slowly read’, a deir Yeats agus é do do shamhlú suite i seomra ciúin cois tine. Bhí an ceart ar fad aige, ar ndóigh, ach ba dheas, ina dhiaidh sin féin, deis a bheith againn éisteacht le mórshaothair na Gaeilge á léamh os ard ar an raidió, ar líne, agus ar pé foinse nó pé gaireas eile a bhéarfaidh greim orainn agus a bheidh sa bhfaisean amach anseo. 

Nuair a tharlóidh sé, insítear an nuaíocht do Chaitríona Pháidín.