I Lár na ‘Páirce’ arís!

“Jaysus, look at that face,”a deir Sheridan agus é ag gáirí. Éadan Johnny a bhí i gceist aige. “Your mug isn’t bad either,”a dúirt sé liom fhéin. Ba shin é a raibh de Ghaeilge ná de Bhéarla ann! Bhí muid fostaithe de léim.

field_ver3_xlg

Ag tóraíocht rud eicínt eile i mbosca éisc, thuas ar an áiléar, a bhí mé nuair a tháinig mé trasna ar an tseoid. 

Bileog as an gCuradh Connachtach dár dáta 27ú Deireadh Fómhair 1989. 

‘On Location: Action on Leenane’s rain-washed ‘Field’’.  

B’shin é an ceannteideal. Bhain sé stangadh asam, go haithrid nuair a bhreathnaigh mé ar an dáta – chúig bhliana fichead ó shoin!  (We’re gettin’ old a Joeín a mhac…we’re gettin’old……mar a deireadh Seán Bheairtle i ndráma Eoin Uí Shúilleabháin ar an raidió fadó!)

Bhí muid ann – Johnny Chóil Mhaidhc is mé fhéin, ar feadh seacht seachtainí, agus leis an fhírinne ghlan a inseacht, ba é an lá beannaithe dhúinn an lá a dtáinig muid as beo! Ná tóg mícheart mé, mar ní raibh locht ar bith ar an nGig.  An-fhostaíocht a bhí inti – chomh maith is a bhí in Éirinn ag an am. Céad punt in aghaidh an lae isteach i do láimh, agus costaisí taistil ina chionn sin. Íoctha chuile Dé hAoine in airgead tirm -páipéir leathchéid nach bhfeicfeá ag aon duine san am ach ag lucht rachmais. Sin agus trí bhéilí sa ló don té a bhí  in ann aige!

Cara liom, aisteoir as Corcaigh, Noel Donavan, a chuir ar an eolas mise faoin scannán The Field  a bhí  le bheith dhá dhéanamh i gceantar an Líonáin. Thug sé uimhir dhom, ghlaoigh mé uirthi, agus dúradh liom a bheith sa Renvyle House Hotel ar a leithéid seo d’oíche ag an seacht a’ chlog. Ba “píosa den mhuic an drioball” ag an am, mé fhéin agus Johnny. Siar linn. Níor tháinig a leithéid d’oíche gála báistí ó bhí an deabhal ina ghasúr! 

Ach idir chuile chrúcáil, bhain muid amach Óstán Rinn Mhaoile sa deireadh agus isteach linn sa mbeár. Bhí leathuair le reic againn, ach ní raibh muid ach istigh nuair a shiúil beirt isteach, Jim Sheridan, léiritheoir an scannáin agus Noel Pearson, duine de lucht an airgid a bhí taobh thiar dhó.

Bhí beagán aithne agamsa ar chaon nduine aca. Rinne mé páirtín bheag i ndráma a bhí Sheridan a léiriú sa“ bProject”  i mBleá Cliath, agus bhínn fhéin agus Pearson ag úsáid an tobair céanna sa bPríomh Chathair – Tí Dermot Sheehan ar Chatham Street. Croitheadh lámha. Ordaíodh deoch.

“Jaysus, look at that face,”a deir Sheridan agus é ag gáirí. Éadan Johnny a bhí i gceist aige. “Your mug isn’t bad either,”a dúirt sé liom fhéin. Ba shin é a raibh de Ghaeilge ná de Bhéarla ann! Bhí muid fostaithe de léim.

Beirt de chomhghleacaithe an Bhull Mc Cabe a bheadh ionainn. Bheadh cúpla líne againn anseo agus ansiúd de réir mar d’fheilfeadh.“Special Extras” a bheadh ionainn a bheadh ar fáil i gcónaí le “shot” a líonadh amach nó líne nó gráig a dhéanamh nuair a bheadh gá lena leithéid. 

Bheadh muid ann chúig lá na seachtaine ó thús go deireadh na scannáníochta. Jim Sheridan é fhéin a chuir uimhir ar an táille, ag fiafraí dhínn an mbeadh ár ndóthain ann. “Bhí mise a’ brath tuilleadh a iarraidh,” a deir Johnny is muid ar an mbealach anuas agus é a’ lagarachaí! 

Sula raibh an tseachtain sin caite, b’éigean dúinn a ghabháil chun Líonáin, i gcomhair ár gcuid feistis. Níor thóg sé sin i bhfad. Ach chuir muid aithne ar an mbealach agus rinne muid an t-aistear chomh dúthrachtach agus a dhéanfadh daoine cearta turas na gcros. 

Níor chaill muid stáisiún ar bith – péire ar an Líonán, ceann i mBéal Áth na mBreac, ceann sa Mám, ceann eile ar an Teach Dóite, go dtáinig muid go Doire Né agus bhí péire eile fágthaí fós ar ghort a’ bhaile nárbh fhéidir a ghabháil tharstu. 

Bheadh casán dearg déanta againn den turas sin go ceann seacht seachtainí.

An Luan dár gcionn d’fhág muid an baile ag leath uair th’éis a’cúig ar maidin, le bheith cinnte go mbeadh muid réitithe, gléasta, i gcomhair an seacht a chlog. Sin é a bhí ordaithe.

Ní raibh an oiread daoine ná trácht ar shráid an Líonáin ariamh roimhe ná ó shoin. Bhí an oiread fáilte againne romhainn fhéin is go raibh ár mbéil tirm. 

Bhuail muid isteach sa siopa ag Eddie Hamilton agus bhí muid ag guairdeal go deo go ndearna muid ár mbealach siar sa mbeár nó gur iarr muid fliuchadh béil ar Eddie, ar son Dé agus in onóir na hócáide. “How can I”, a deir sé,  “with the Sargent of the Guards standing outside my front door?”. 

Bhí sé ann ceart go leor, ag stiúradh tráchta. Fuair muid dhá bhuidéal Lucozade agus amach linn, go diomúch.

Nuair a rinne muid staidéar beag ar ball, ná raibh aithne mhaith againn ar fhear stiúrtha an tráchta. Theann muid anonn lena thaobh. “Nach gann a chuaigh áit ort”a deir Johnny. 

“Shílfeá go dteannfá suas nó síos ó dhoras Hamilton, tá spalpadh tairt orainn. An é nach dtabharfadh sé aon deoir dhaoibh?” a deir ár gcara. 

“Shílfeá go dtuigfeadh sé gur“ bona fide travellers” atá ionaibhse, as Cois Fharraige agus Árainn”. 

Rug sé ar a Walkie-Talkie agus d’ordaigh sé do cheann dhá chuid giollaí a theacht aníos go beo mar go raibh géarchéim phráinneach aige fhéin le déileáil léi. 

Isteach leis agus muide lena shála nó gur labhair sé le Eddie. Is leor a rá, ag an bpointe seo sílim, go mba chuma cén t-am d’oíche ná lá ina dhiaidh sin a mbeadh muide ag iarraidh deoch, nach n-eiteofaí muid.

Inár seasamh i lár na cearnóige ansiúd sa Líonán a chaith muid an chéad sheachtain ag déanamh ‘an auction scene’. Bhí sé a’ cur báistí an chéad lá agus chuile lá ina dhiaidh sin, chaití an ‘hose’ a chur orainn dhá mbeadh an lá tirm, ar son an leanúnachais  nó an ‘continuity’. 

Chuir cailín óg dathúil ceist ar fhear aosta a bhí le mo thaobh lá:

“Were you smoking the pipe in the last shot?” “Ah muise a’ leanbh,” a deir sé, “I’ve been smoking the pipe since I was fourteen years of age”. Bhí a ndóthain le déanamh ag ‘Continuity’ iad fhéin! 

Bhí muid fliuch báite agus fuar, ach ní raibh Tigh Hamilton ná Tigh Ghaynor i bhfad ó bhaile le muid fhéin a choinneáil te! Tháinig an Aoine ar deireadh agus muid a’ fanacht go mbeadh an radharc deireanach seiceáilte aca. Bhí fear an airgid a’ gabháil thart dhá n-íoc agus Richard Harris ag siúl suas síos ar nós bó a bheadh i dtinneas laoi. 

“Ba bhreá liom a bheith in ann a ghabháil isteach le haghaidh cúpla pionta ar nós sibhse anois,” a deir sé i mBéarla. 

“Do you not drink at all yourself Richard?” a deir an boc seo, nár chuala aon trácht ariamh ar Richard Harris go dtí an lá sin. “I drank enough to sink two battleships,” a deir Harris. 

Theastaigh ón mboc a fháil amach an raibh sé i bhfad tugthaí suas aige. “Nine years…three days….and…fourteen hours…twenty two minutes,”adeir Harris agus é ag breathnú ar a uaireadóir! “Ah sure, it was cheap then,” a deir an boc! 

Chuaigh Richard Harris ar a dhá ghlúin ag gáirí. Chomh maith is gurb é a luach a stopfadh a leithéide siúd dhá ól!

(Inseóidh mé tuilleamh dhaoibh faoi dhéanamh an scannáin “The Field”an chéad uair eile, ach sin é bhur ndóthain an geábh seo)

Fág freagra ar 'I Lár na ‘Páirce’ arís!'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Maith thú, a Mháirtín. Is maith an scéalaí a cuirfeadh ag gáirí mé céad rud ar maidin!