‘I have a tooth that is ag wobbláil, look!’

AG TÓGÁIL CLAINNE: Is beag eolas a bhí ag ár gcolúnaí ar na comhaontuithe trádála a bhí i bhfeidhm ag na sióga idir Éire is Meiriceá

‘I have a tooth that is ag wobbláil, look!’

‘Ab ea euros nó dollars a bhíonn ag sióg na bhfiacla i Meiriceá?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom amhail is gur iomaitheoir ar an gclár Who Wants to Be a Millionaire? a bhí inti agus gur mise an ‘phone a friend’ a bhí aici. Faraor, tá meirg ar mo shaineolas faoi nósanna idirnáisiúnta na sióg fiacla.

Ní ceist in aisce ar fad a bhí ann. Is i Meiriceá a bhí muid, leaindeáil muid ann cúpla lá roimhe sin, agus bhí sé díreach faighte amach aici go raibh ceann dá cuid fiacla ag ‘wobbláil’.

Níorbh aon saighdiúir núíosach a bhí inti, thit an chéad fhiacail amach uirthi tuairim is bliain go leith ó shin. Bhí bearna san eolas a bhí aici, áfach, maidir leis na comhaontuithe trádála a bhí i bhfeidhm ag na sióga idir Éire is Meiriceá.

Bhí an bhearna chéanna i mo chuid eolais féin. ‘Déarfainn gur dollars a bheadh aici,’ a dúirt mé go húdarásach.

Thuig muid ar fad an amlíne a bhain leis na cúrsaí seo. Dá dtógfadh sé os cionn seachtaine ar an bhfiacail titim amach, ní bheadh aon chall againn le sióg Mheiriceá mar go mbeadh muid imithe abhaile faoin am sin.

Dá gcuirfeá ceist ar fhiaclóir seans go ndéarfaí leat go dtógann sé trí nó ceithre seachtaine ar fhiacail titim amach ón uair go n-airíonn tú í ag corraí. Má ligtear léi. Ach ar ligeadh d’aon fhiacail riamh a bhí ag ‘wobbláil’ titim amach uaithi féin?

‘An gceapfá go dtitfidh sí amach sula dtéann muid abhaile?’ a d’fhiafraigh sí díom ansin, práinn ina glór agus an fhiacail á corraí anonn is anall aici mar chuid d’fheachtas soiléir ‘dí-fhiaclú’.

‘B’fhéidir,’ a dúirt mé, ‘déan iarracht gan a bheith ag cuimhneamh an iomarca uirthi.’

‘OK,’ a dúirt sí.

‘I have a tooth that is ag wobbláil, look!’ a d’inis sí sna laethanta ina dhiaidh sin do dhuine ar bith a casadh orainn ar an mbóthar.

Ach ní raibh sí ag corraí rófhada mar ní fada nó gur thit sí amach. Bhí beagáinín cúnaimh faighte aici, sílim. Leagadh isteach faoin bpiliúr í le cúram agus cuid mhaith searmanais.

‘Fan go bhfeice tú é seo!’ a d’fhógair sí maidin lá arna mhárach nuair a chroch sí aníos an piliúr agus bhreathnaigh faoi.

‘Dollars!’ a dúirt sí agus iontas ina glór. Chomhair sí iad. A haon, a dó, a trí. ‘D’fhág sí trí dollar, an gcreidfeá é sin?’ a d’fhiafraigh sí díom.

Fág freagra ar '‘I have a tooth that is ag wobbláil, look!’'

  • Fearn

    Á! Meiriceá, tír an rachmais agus na déadghile; agus síóga fhiacla ar sinebhogadh.

    Awsome!