I gcuimhne Stiofáin Uí Annracháin

Dhá dhán le Ciarán Ó Coigligh i gcuimhne ar Stiofán Ó hAnnracháin a cailleadh an tseachtain seo caite

SÓhAnn2009 (3)

Cailleadh go suaimhneach an scoláire aitheanta Stiofán Ó hAnnracháin ag baile Déardaoin seo caite.

I gCill Fhionntain i mBaile Átha Cliath a bhí cónaí air ar feadh i bhfad ach is i nDroim Conrach a rugadh agus a tógadh é.

Théadh sé siar go dtí Gaeltacht Chorca Dhuibhne go mion minic chun Gaelainn a fhoghlaim.

Go deimhin, bhí a oiread sin smachta aige ar an teanga gur iomaí duine a shíl gur léi a tógadh é agus gur aniar aneas as Ciarraí a tháinig sé go Baile Átha Cliath.

Ina dhiaidh sin féin, bhí mianach Chiarraí go doimhin ann agus, anuas ar cheantar Chorca Dhuibhne, thriaileadh sé ar an mBaile Dubh in iarthuaisceart Chiarraí, an áit arbh as a athair agus a mháthair.

Is iomaí foilseachán suaithinseach a raibh baint aige leis agus é ina eagarthóir ar ‘An Clóchomhar’, ina measc, Foclóir FealsaimhAisling Ghéar Bhreandáin Uí Bhuachalla, agus Scéal na hIomána, gan ach cuid an-bheag díobh a lua.

Bhí a chroí agus a anam sáite sna cluichí Gaelacha agus b’Uachtarán é ar Dhóchas Éireann, Cumann Lúthchleas Gael Choláiste Phádraig, Droim Conrach, mar ar oibrigh sé mar léachtóir agus mar Ollamh le Gaeilge agus, ina dhiaidh sin, mar Chláraitheoir.

Méala mór a bhás dá chéile ionúin Nuala, dá chlann iníon Bríd, Evelyn, Fionnuala agus Muireann, dá dheirfiúr an tSiúir Breda SSL, dá ghaolta agus dá chairde go léir.

I gCnocán an Fhuaráin i nDubháth, i gCiarraí, atá sé curtha.

Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.

Thíos tá dhá dhán leis an Dr. Ciarán Ó Coigligh i gcuimhne ar Stiofán a thugann blaiseadh dúinn den chineál duine a bhí ann.

 

Stiofán Ó hAnnracháin RIP

Storrúil stuama soicheallach stobarnáilte saighneánta –

Tíobhasach tionscnamhach táirgiúil tiomanta tomhaiste –

Inniúil íogair imníoch imreasach iodhlannach –

Ordúil obann ómósach onórach oibleagáideach –

Fearúil fíochmhar freagrach fóinteach fíréanta –

Ánradh aigeanta aidhmeannach airdeallach Aifreannach –

Nádúrtha neamhchlaon nósmhar náisiúnta naofa.

Ciarán Ó Coigligh

 

Scéal Stiofáin

Tá gach uile shórt in ord is in eagar –

An t-amhrán, an dán, an scéal –

Gaeilge an Bhaile Dhuibh féin.

Níor theastaigh meitheal ná comhar riamh uait

Ba tusa féin an Clóchomhar

a chuir eagar ar shaíocht dhúchasach ár muintire.

Ba tusa Misean Choláiste Phádraig –

Idir Chríostaíocht agus Ghaeltacht agus oideachas

Agus pheil agus iomáint – ba tusa Dóchas Éireann.

Ba tusa ár Seosamh, ár n-athair altrama go cinnte –

Teaghlach Chill Fhionntain is Choláiste Phádraig

Is teaghlach na nGael trí chéile.

Cumhdach Bhríde, is Phádraig is Lorcáin is Bhreandáin ort

Ar an aistear abhaile is dual is is dúchas duit

Go hÁras an Athar, an Mhic, is an Spioraid Naoimh. Áiméan

Ciarán Ó Coigligh