I bhfad níos mó i gceist le ‘Get Out’ seo ná ciútaí seanchaite an scannáin uafáis

LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Beidh tú ag gáire agus ag cúbadh chugat féin in éineacht ag scannán nua Jordan Peele

I bhfad níos mó i gceist le ‘Get Out’ seo ná ciútaí seanchaite an scannáin uafáis

Get Out
Scríbhneoir/Stiúrthóir: Jordan Peele
Cliar: Daniel Kaluuya, Allison Williams, Catherine Keener, Bradley Whitford.

Tá i bhfad níos mó i gceist leis an scannán uafáis seo ná ciútaí seanchaite an tseánra, na cleasanna meirgeacha úd a mbíonn gach táirge san iomaire seo ciaptha leo de ghnáth. Tá a fhios agat féin: glór gan choinne, an duine muinteartha ag teacht aniar aduaidh ar an laoch, an ceol tuarúil srl. Táid anseo cinnte ach lena chois sin tá gearradh agus seiftiúlacht a fhágann gur saothar cliste, aorúil é seo a dhéanann an t-uafás a mheascadh go hábalta leis an ngreann agus tráchtaireacht shóisialta. 

Tá a dhintiúir ghrinn ag an stiúrthóir/scríbhneoir Jordan Peele óir go raibh sé ar dhuine den chomhghuaillíocht a thug an tsraith ghrinn iontach sinn Key & Peele dúinn, sraith a chroch leis dhá dhuais Emmy anuraidh. Má bhíonn cúpla nóiméad fánach le caitheamh agat, cuir an t-ainm sin isteach in YouTube agus féach ar an bpíosa faoin múinteoir ionaid. Tabharfaidh an mhír sin ann féin léargas ar an tslí a dtugann siad foghanna faoin gciníochas agus

steiréitíopaí eitneacha go magúil, aorúil. Buillí oird ar inneoin. Tá an dearcadh céanna mar mháithreacha leis an saothar seo, cé nach raibh an oiread grinn le sonrú is a bhíos ag súil. Is iad na míreanna le Rod, cara le Chris, is mó a mheallann gáire.    

Ag tús an scannáin címid an lánúin  (Chris Kaluuya) agus Rose (Williams) ag prapáil le cuairt a thabhairt ar a tuismitheoirí siúd den chéad uair. Tagraítear láithreach do chúrsaí cine óir gur den chine gorm é féin agus den chine geal í féin. Déantar beagán de. Níl aon ábhar buartha aige nuair a bhuaileann sé le Missy (Keener) agus Dean (Whitford) óir go gcuireann siad iad féin in iúl mar bheirt liobrálach go smior a thabharfadh an vóta do Barrack Obama an tríú babhta dá bhféadfaidís.

Don lucht féachana aineolach shamhlóidís gur Guess Who’s Coming to Dinner ár linne a bhí rompu amach. De réir mar a chuirimid aithne ar an mbeirt searbhóntaí (gur den chine gorm an bheirt acu) tosnaíonn comparáidí le The Stepford Wives ag teacht go barr uisce agus déantar suan na muice bradaí a chothú.

N’fheadar cén uair go deireanach go raibh an oiread sin uafáis agus míchompord ag baint le dea-bhéasa. Baineann Peele súp as an míshuaimhneas seo agus an náire a ghineann sé sa cheann feadhna chomh maith leis an lucht féachana. Sroicheann seo barr buaice sa chóisir tí atá lán go gad le daoine geala, meánaosta, meánaicmeacha. Iad drochbhéasach go dea-bhéasach agus ag cur díobh go ciníoch agus iad ag ceapadh go bhfuilid ilchultúrtha. Sinne ag gáire agus ag cúbadh chugainn féin in éineacht.

Is de réir a chéile a thosnaíonn an laoch ag teacht ar an uisce faoi thalamh. Gan amhras ní féidir seafóid iomaire an uafáis a sheachaint ag an bpointe sin. Is cuma mar go bhfuil a bhuille tráchtaireachta tugtha ag Peele ag an bpointe sin agus tugann sé cead a chinn don cheann feadhna ceann scríbe fuilteach, sásúil a shroichint.

Fág freagra ar 'I bhfad níos mó i gceist le ‘Get Out’ seo ná ciútaí seanchaite an scannáin uafáis'