Hillary Clinton an chéad iarrthóir ban ar Uachtaránacht SAM

Agus na hiarrthóirí don dá pháirtí mhóra roghnaithe anois, tosaíonn an comórtas ceart idir Clinton agus Trump agus 102 lá fós le dul go dtí lá an toghcháin in mí na Samhna

Hillary Clinton an chéad iarrthóir ban ar Uachtaránacht SAM

Is í Hillary Clinton an chéad bhean riamh a sheas ina hiarrthóir ar Uachtaránacht Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis di glacadh le hainmniúchán an Pháirtí Dhaonlathaigh oíche aréir.

Ghlac an t-iar-Rúnaí Stáit leis an ainmniúchán le linn a hóráide an oíche dheireanach de chomhdháil an pháirtí, a bhí ar siúl in Philadelphia le ceithre lá anuas.

Labhair Clinton faoin oll-iarracht atá déanta aici leis an ainmniúchán a bhaint amach, ag tagairt dá feachtas in 2008 nuair a roghnaíodh an tUachtarán Obama le bheith ina iarrthóir ag na Daonlathaigh.

Níor luaigh sí a céile comhraic Trump ach cúpla uair, in ainneoin an ráitis a rinne sé níos luaithe sa tseachtain inar mhol sé do na Rúisigh haiceáil a dhéanamh ar chóras ríomhphoist Clinton. Dúirt sí, áfach, nach féidir muinín a bheith agat as duine a gcuireann tvuít as dó.

Iarracht le Poblachtaigh a mhealladh, Poblachtaigh nach dtaitníonn Trump leo, ba mhó a bhí ina hóráid agus Clinton ag moladh dóibh go gcaithfidís ar fad seasamh le chéile amach anseo.

Agus í ag caint, bhí ar a lucht tacaíochta tosú ag screadaíl uair nó dhó le go bplúchfaidís glórtha shlua tacadóirí Sanders atá fós ag diúltú glacadh le Clinton mar iarrthóir an pháirtí, cé go bhfuil Sanders tar éis a chuid tacaíochta féin a thabhairt di.

Ba údar imní iad na hagóideoirí seo le linn na comhdhála agus bhí baill den Chomhaontas Glas i mbun agóide taobh amuigh den fhoirgneamh chomh maith.

Is cainteoirí coimeádacha a labhair den chuid is mó den oíche dheireanach seachas óráid láidir amháin ó Khizr Khan, athair saighdiúra Meiriceánaigh agus Moslamach a fuair bás san Iaráic in 2004.

Labhair sé féin go paiseanta faoin bplean atá luaite ag Trump le cosc inimirce a chur ar Mhoslamaigh atá ag iarraidh teacht go SAM. Chuir sé saol a mhic, a fuair bás agus é i mbun seirbhíse don tír, i gcomparáid le saol Trump, agus d’fhiafraigh sé de Trump an raibh bunreacht na Stát Aontaithe léite aige.

Is ar an gCéadaoin i ndáiríre a chuaigh na cainteoirí ar fad ar an ionsaí ar iarrthóir an Pháirtí Phoblachtaigh agus an tUachtarán reatha Barack Obama, an Leas-Uachtarán Joe Biden, iar-Mhéara Nua-Eabhrac Michael Bloomberg agus comhiarrthóir Clinton Tim Kaine ag labhairt go láidir i gcoinne fheachtas an bhilliúnaí, a ghlac le hainmniúchán a pháirtí féin an tseachtain seo caite. 

Ba é seo an chéad uair riamh a raibh deis ag formhór phobal na tíre éisteacht le Kaine, atá ina Sheanadóir in Virginia, ag tabhairt óráide agus cé go raibh masla nó dhó aige d’iarrthóir na bPoblachtach, rud a thaitin leis an slua a bhí i láthair, ba é Obama an cainteoir a thuig an chaoi ar chóir brú a chur ar Trump.

Cé go raibh ardmholadh á fháil ag óráidí Obama agus Biden ar an gCéadaoin, ba bhean eile a thug an chéad áit léi as óráid a raibh an-mheas ag gach éinne uirthi. Thug Chéad-Bhean SAM, Michelle Obama óráid phaiseanta Dé Luain, an chéad lá den chomhdháil.

Agus daoine ag maíomh gur ghoid bean chéile Trump Melania ábhar as óráid Obama agus í ag labhairt ag an gcomhdháil Phoblachtach an tseachtain seo caite, léirigh an Chéad-Bhean an fáth a mbeadh duine ar bith ag iarraidh bradaíl liteartha a dhéanamh ar a cuid cainte.

Agus na hiarrthóirí don dá pháirtí mhóra roghnaithe anois, tosaíonn an comórtas ceart idir Clinton agus Trump agus 102 lá fós le dul go dtí lá an toghcháin in mí na Samhna.

Fág freagra ar 'Hillary Clinton an chéad iarrthóir ban ar Uachtaránacht SAM'

  • Áine

    ‘an chéad iarrthóir mná’ – female a bheadh i gceist nach ea??? nó an bhfuiltear ag maíomh gurb í Hillary Clinton an chéad iarrthóir atá ag seasamh ar son na mban,,fágfaidh mé fúibh é