Henshaw ar a bhealach go dtí Cúige Laighean agus conradh trí bliana sínithe aige

Tá conradh trí bliana sínithe ag an imreoir óg le Cúige Laighean agus beidh sé ag imirt sa gheansaí gorm ó thús an tséasúir seo chugainn

INPHO/James Crombie
INPHO/James Crombie

fógartha go mbeidh Robbie Henshaw ag imirt le Cúige Laighean an séasúr seo chugainn agus conradh trí bliana sínithe aige le foireann Leo Cullen. D’fhógair Cúige Chonnacht agus Henshaw ag an deireadh seachtaine go mbeadh sé ag fágáil foireann an iarthair ag deireadh an tséasúir seo agus b’iad Cúige Laighean ba mhó a bhí á lua leis an imreoir.

Thosaigh Henshaw amach le hAcadamh Chonnacht i 2012 agus d’imir sé chéad chluiche don chúige an bhliain chéanna gan é ach 19 bliain d’aois. Chuaigh sé ó neart go neart ina dhiaidh sin agus bhain sé áit amach ar fhoireann na hÉireann. Is buille damanta é do Chúige Chonnacht nach mbeidh an t-imreoir is fearr tá acu ag imirt sa Sportsground an séasúr seo chugainn.

Ag labhairt dó faoin scéal, dúirt Henshaw gur “próiseas deacair agus fada” a bhí ann. Bhí díomá air agus Cúige Chonnacht a fhágáil aige, ach bhí sé “ag súil go mór” leis an gcúpla bliain amach roimhe.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an lucht tacaíochta sa Sportsground agus leis an uile duine i gCúige Chonnacht as ucht an tacaíocht speisialta a thug siad dom le ceithre bliana anuas,” a dúirt sé.

Dea-scéal é cinnte do bhainisteoir na Laighneach Leo Cullen go bhfuil an conradh sínithe ag Henshaw.

“Tá áthas an domhain orainn go bhfuil Robbie againn don chéad thrí shéasúr eile. Is imreoir thar a bheith cumasach é Robbie agus tá sin feicthe againn le roinnt seachtainí agus míonna anuas agus é ag imirt d’Éire i gCraobh na Sé Náisiún agus i gCorn an Domhain,” a deir Cullen.

Fág freagra ar 'Henshaw ar a bhealach go dtí Cúige Laighean agus conradh trí bliana sínithe aige'