Haischlib Ghaeilge ar bharr na gcairteacha ar Twitter ar Nollaig na mBan

Tá #NollaigNamBan ar an haischlib is mó a bhfuil trácht uirthi ar an suíomh meán sóisialta ó mhaidin agus imeachtaí ceiliúrtha á n-eagrú ar fud na tíre

nollag na mban

Tá haischlib Ghaeilge ar an haischlib is mó atá i mbéal an phobail in Éirinn ar Twitter inniu faoi láthair. Tá ‘#NollaigNamBan’ ar an haischlib is mó a bhfuil trácht uirthi ar an suíomh meán sóisialta ó mhaidin agus meastar gurb í seo an chéad uair ag haischlib Ghaeilge a bheith ar bharr liosta na dtreochtaí ar Twitter.

Screen Shot 2016-01-06 at 13.05.32.png

Is é inniu Lá Nollaig na mBan agus is léir go bhfuil lucht Twitter na hÉireann ag baint suilt as an ócáid agus beannachtaí agus teachtaireachtaí á roinnt go tréan acu.

Tá úsáid á baint as #NollaigNamBan chun teachtaireachtaí dáiríre a scaipeadh faoi chás na mban i 2016 agus ceangal á dhéanamh idir an fhéile agus leithéid na haischlibe #WakingTheFeminists, a cuireadh ar bun mar agóid faoina laghad drámaí le mná a bhí ar chlár comórtha Amharclann na Mainistreach don bhliain seo.

Tá ócáidí éagsúla á n-eagrú anocht in Éirinn mar cheiliúradh ar Nollaig na mBan.

Tá nósanna éagsúla i mbéaloideas na hÉireann a bhaineann le Nollaig na mBan.

Fág freagra ar 'Haischlib Ghaeilge ar bharr na gcairteacha ar Twitter ar Nollaig na mBan'