Gúnaí gréine an tsamhraidh

Faigheann ár gcomhfhreagraí margadh maith nuair a théann sí ag siopadóireacht do ghúnaí deasa samhraidh faoi bhun €50

Fashion pix

Shílfeá gur dlí atá ann – a luaithe agus a bhíonn scrúduithe na hArdteiste buailte linn, seo amach leis an ngrian agus ardaíonn an teocht! Chuir an aimsir iontach le linn na seachtaine seo caite mé féin ag smaoineamh ar ghúnaí deasa gréine don séasúr romhainn. Agus mé ag súil gur féidir linn na geansaithe móra agus na cótaí báistí a fhágáil uainn ar feadh tamaill, roghnaigh mé sé cinn de ghúnaí gleoite nach gcuirfidh poll ró-mhór sa sparán, iad ar fad idir €30 agus €50. Gúnaí iad seo a d’fhéadfaí a chaitheamh lá siopadóireachta sa mbaile mór, ag dul cois trá nó oíche amuigh i mbun siamsaíochta.   As siopaí Zara, H&M, Topshop, River Island agus Miss Selfridges a rinne mé na roghanna seo.

1.H&M Gúna ar stíl an léine ar €29.99

1

Gúna deas cadáis le stríocaí caola agus muinchillí gairide, cnaipí chun tosaigh, póca brollaigh agus beilt.

2.Gúna go colpa ar stíl Bardot ó Topshop ar €52

2

Guaillí loma a bheidh ort sa ghúna álainn seo a bhfuil bróidnéireacht ar a chabhail agus fad deas ann. Gúna cadáis é seo agus is féidir é a níochán sa mheaisín.

3.Gúna prionta le bláthanna ó Zara ar €49.95

3

Taitníonn an muineál cruinn agus an chuachóg ar an ngúna gan mhuinchillí seo liom. Tá droim an ghúna seo leis agus é ar mheánfhad.

4.Gúna stríocaí ó Zara ar €29.95

4

Gúna go colpa le V-mhuineál chun tosaigh agus ar chúl. Tá strapaí leathana agus sipdhúntóirí ar an ngúna seo atá déanta as éadach breá ann.

5.Gúna Dúghorm go Colpa ó River Island ar €50

5

Stíl spórtúil ar an ngúna seo atá déanta as geirsí. Tá muineál cruinn agus leathmhuinchillí ar an ngúna go colpa seo.

6.Gúna fada bándearg ar stíl Bardot ó Miss Selfridge ar £35

6

Déanta as cadás agus vioscós tá an gúna lánfhada seo maisithe le beagán cróiseála.

Fág freagra ar 'Gúnaí gréine an tsamhraidh'